Rugadh é i gCoill Ó Mineog i bparóiste Bhéal Átha an Cheasaigh, Co. Chorcaí, ar 16 Deireadh Fómhair 1908. Bartholomew Murphy, feirmeoir, a athair agus Annie Dempsey a mháthair. Bhí Gaeilge ó dhúchas ag muintir a athar agus a mháthar. Ní raibh sí ag a thuismitheoirí féin ach thug siad gach cúnamh dá mac chun í a shaothrú agus chun mórán den seantraidisiún a fhoghlaim. Leanbh aonair é a rugadh roimh a am, rud a d’fhág gur gharsún leochaileach é ag éirí suas. D’fhreastail sé ar an scoil náisiúnta in Inis Eonáin agus ansin ar Chliarscoil Bharra i bhFearann Phiarais. Scoláireacht ó Chonradh na Gaeilge i 1924 a thug go Cúil Aodha é. Ghnóthaigh sé céim sa léann Ceilteach i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Bhí sé ina eagarthóir ar Irisleabhar Muighe Nuadhad i 1934. Oirníodh é i 1935. Ar Mhicheál óg Ó Longáin agus filí oirthear Chorcaí a scríobh sé an tráchtas a ghnóthaigh M.A. dó i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Bhí sé ag scríobh leabhair ar na filí sin sna blianta roimh a bhás. In ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 20 Iúil 1957) dúirt sé go raibh tionchar mór ag Domhnall Ó Corcora air.

Ar feadh cúig bliana is fiche bhí sé ag múineadh i gColáiste Fhearann Phiarais. Ceapadh ina shagart cúnta i gCarraig na bhFear é i 1960. Le linn dó bheith ansin thóg sé ‘Faiche na bhFilí’ le hómós don Longánach agus do fhilí eile an cheantair. D’fhoilsigh sé leabhrán dátheangach fúthu. Ceapadh ina shagart paróiste é i Maigh Raith, Co. Chorcaí, i 1970. D’éag sé ar 11 Nollaig 1971.

Pearsa mhór ba ea é i measc lucht na Gaeilge i gcathair Chorcaí. An aiste a scríobh Seán Ó Ríordáin air in The Irish Times ar 18 Nollaig 1971 is fearr a thug léiriú ar na cáilíochtaí pearsanta a dhírigh aird an phobail ar ‘shagairtín na Gaeilge’. ‘Bhí eolas agus gean aige ar gach sceach sa Mhumhain agus ar an stair a bhain léi.... Bhí sé de cháil air go bpósadh sé na Gaeilgeoirí galánta ar fad. Gowns by Switzers, ceremonies by Tadhg, a deirtí.... Cara do de Valera ab ea é. Bhí cairdinéil agus easpaig agus ardeaspaig agus príomhairí agus ambasadóiri ar a chairde.... Gach uair dár thugas turas ar a thigh fial tuigeadh dom go raibh teangmháil déanta agam leis an náisiún Gaelach féin’.

Bhí baint aige le Dún Chaoin ón gcéad uair a thug sé scata de mhic léinn ó Chorcaigh ann. ‘Nuair a tháinig sé inár measc i dtosach, ní raibh foscadh caisleáin ná cúirte aige ar an láthair chónaithe a thogh sé dó féin agus dá dheichniúr ógánach.... Ní raibh misneach ná dóchas de dhíth air féin ná a dhiorma beag nuair a ghabhadar ionaid suain faoin anairt ansiúd ar theora an fhraoigh’ (Micheál Ó Ciosáin, eag., Céad bliain 1871–1971, 1973, lch 239). An bhliain dár gcionn, 1935, thóg sé bothán adhmaid dóibh sin a bhí ag foghlaim na Gráigise, mar a dúirt an Riordánach, agus i 1955 d’oscail sé Brú na Gráige. Ar an gcuma sin a chuaigh an sagart íseal uasal seo i gcion ar na glúnta de mhic léinn Chorcaí agus ar mhuintir Dhún Chaoin féin. Foilsíodh beathaisnéis, An tAthair Tadhg, 2000 le Pádraig Tyers.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú