Tá eolas ar an scéalaí seo ag Máirtín Verling ina leabhar Gort Broc: Scéalta agus Seanchas ó Bhéarra bailithe ó Phádraig Ó Murchú, 1996. Tadhg Ó Murchadha (1896-1961), Seán Ó Súilleabháin agus Diarmaid Ó hUallacháin (1908-47) a bhailigh scéalta agus ábhar eile uaidh. I nGort Broc a rugadh é ar 15 Feabhra 1873. Ba iad a thuismitheoirí Seán Ó Murchú agus a bhean Máire Harrington (‘Caobach’) agus bhí ceathrar deirfiúracha aige agus beirt deartháireacha. Chuaigh cúigear díobh, na buachaillí agus triúr de na cailíní, go Butte, Montana. Ní fios cá ndeachaigh an ceathrú cailín. In Butte a tholg an t-athair an eitinn go bhfuair bás sa Ghort Broc in aois a 47 dó nuair a bhí Pádraig féin ina gharsún óg. Níor fhill aon duine dá mhuintir abhaile riamh ach d’fhaigheadh sé litir anois is arís ó dhuine de na deirfiúracha. Baineann Verling as leabhar Roibeaird Uí Dhuibhir (Who were My Ancestors..., 1976) gur imigh 707 fear agus 431 bean go Butte ó pharóiste na hAoraí idir 1870 agus 1915. Tógadh síos ó bhéal Phádraig (nó Patsy mar a thugtaí air) cuntas ar an gcaoi ar shocraigh a shin-seanathair, Seán Ó Murchú, síos i gceantar na nAoraí. D’fhuadaigh duine de na ‘Cithearnaigh’ (ainm a thugtaí ar thiarnaí talaimh áirithe i mBéarra ar Ghaeil iad) é i gCiarraí agus dhíol sa Fhrainc é mar dhaor nó sclábhaí. Nuair a d’éirigh leis éalú is i mBéarra a cuireadh i dtír é.

D’fhág an bhruitíneach go raibh radharc na súl chomh dona sin ag Pádraig gur tugadh pinsean na ndall dó; an chaochaíl sin a d’fhág nach raibh léamh ná scríobh aige. Bhí Béarla go líofa aige. Go bhfuair sí bás i 1923 bhí an mháthair in aontíos leis agus air a thit sé a bheith ag tindeáil uirthi i rith mheath na seanaoise. Le feirmeoireacht agus le hiascaireacht a thuill sé a bheatha agus bhí an tsláinte go maith aige riamh. Shíl sé go ndearna Wilhelm Doegen taifead dá Ghaeilge; má rinne níl teacht air agus is dóigh le Verling nach foláir nó bhí an ceirnín máchaileach, sin nó nach raibh guth Phádraig oiriúnach. B’fhéidir freisin go raibh sé ar cheann de na maitrisí a milleadh ar a mbealach go Beirlín. Thug Séamus Ó Duilearga [B] agus Seán Ó Súilleabháin cuairt air i 1934 agus tá cuntas ríshuimiúil Uí Dhuilearga i gcló ag Verling. Rinne siad cuid dá scéalta a thaifeadadh. Chaith Tadhg Ó Murchú tamall maith d’Aibreán-Bealtaine 1939 ina chomhluadar agus fuair amhráin agus a thuilleadh scéalta uaidh; faoin am seo is istigh sna hAoraí a bhí cónaí air agus Gort Broc díolta aige. Fuair sé bás 17 Aibreán 1950 agus cuireadh é i reilig Ghort na Boilge.

Is ó fhir a bhí ina mbuachaillí óga le linn sheanaois Phádraig a bhreac Verling síos cibé cuimhne air a d’fhan agus braitheann sé gur cuimhne easnamhach í dá réir sin. ‘Níl mórán tagartha anso, áfach, don phearsa príobháideach, a chaith a shaol go hanróiteach agus go haonaránach gan mórán compoird; don bhfear a chonaic a mhuintir ar fad ag imeacht go Meirice, gan aon radharc a fháil go deo arís ar aoinne acu.... Bhí an fear suilt agus an fear aighnis ann gan dabht ach bhí duine eile folaithe, dar liom, sna gnéithe sin dá phearsanacht.’ Agus ag tagairt do chlaochlú an chultúir Ghaelaigh le linn Phádraig deir Verling: ‘Chonaic sé an saol sin, go raibh oiread san measa aige féin air óna óige, ag leá leis os a chomhair amach. An bhfuil aon tuiscint againn ar an éifeacht a bhíonn ag a leithéid de thubaist chultúrtha ar aigne an duine – go mórmhór aigne an duine go bhfuil intleacht chomhachtach, ghéarchúiseach, braiteach aige, fé mar a bhí ag Pádraig? Dá mairfeadh an cultúr sin ní fios cad é an stádas a bheadh ag Pádraig ina phobal féin. Ceileadh é sin air.’ I réamhfhocal an leabhair tagraíonn Verling do Phádraig Ó Laoghaire (1870-96) a scríobh an chéad chnuasach scéalta Gaeilge ó Chúige Mumhan agus deir: ‘Idir an lá gur cailleadh an Laoghaireach go hóg... agus an lá gur cailleadh Pádraig Ó Murchú agus é ina sheanduine... fuair nós na scéalaíochta, agus nós labhartha na Gaeilge, bás i dteannta a chéile i ndúthaí Bhéarra.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú