Bhí sé ina eagarthóir ar Agus ó cuireadh tús leis an míosachán sin i 1961. Tá cuntas air ag Caitríona Ní Dhrisceoil in Feasta, Bealtaine 1994. I Sráid na Blarnan, cathair Chorcaí, a rugadh é ar 20 Eanáir 1916. Ba iad Tomás Ó Murchú, ceannaí muc, agus Síle Ní Mhaoilriain a thuismitheoirí. Bhí deartháir agus triúr deirfiúracha aige. I ndiaidh scolaíochta sa chathair cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste Oiliúna de La Salle i bPort Láirge agus chaith tamall ag múineadh i Ros Mhic Thriúin sular chaith sé fiche bliain i Scoil na hArdeaglaise, Corcaigh. ‘Bhain sé taitneamh as muintir an cheantair sin mar bhí tuiscint aige dóibh agus bá ar leith aige leo. Ba chuid de dhúchas Dhiarmada féin cultúr Shráid na Blarnan agus an cheantair timpeall air’ (Ní Dhrisceoil). Bhí sé ina phríomhoide sa Mhodh-Scoil i gCorcaigh nuair a d’éirigh sé as an múinteoireacht.

Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge i gCorcaigh i rith a óige, i gCraobh Uí Ghramhna ar dtús agus mar chathaoirleach ar Chraobh Mhic Shuibhne níos deireanaí. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Dhún Laoi agus an Chiorcail Staidéir. Bhí baint mhór aige le Gaedhealachas Teoranta i gCorcaigh, é ina stiúrthóir ar feadh i bhfad, agus ó 1944 bhí sé ina ardmháistir ar an gcoláiste Gaeilge a bhí acu sin i nGarraí Bhoithe. Faoin ainm cleite Murchadh Mac Diarmada scríobhadh sé ailt agus léirmheasanna in Agus agus ba é a chuir Gaeilge ar an sraith de chuimhní cinn Mháire Comerford. D’éag sé ar 28 Márta 1994. Phós sé Máirín Ní Mhaoileoin i 1943 agus bhí iníon agus seisear mac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú