Ó 1957 go 1988 craoltóir cáiliúil raidió agus teilifíse ba ea an cainteoir dúchais Gaeilge seo. Sna Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 1 Nollaig 1929. Ba iad a thuismitheoiri Eoghan Ó Gallchobhair agus a bhean Bríd Nic Gairbhith. Ba é an séú leanbh acu é. Ag pointe éigean timpeall am a bhreithe chuaigh an t-athair ag obair in Albain. Bhí an imirce shéasúrach sin coitianta go maith i nDún na nGall ag an am. Is beag tásc a bhí ag a mhuintir ar Eoghan ina dhiaidh sin. Ag Aifreann na marbh i mBaile na Manach, Baile Átha Cliath, dúirt a mhac gur taibhríodh d’Aindreas uair gur casadh an t-athair air.

De réir chuntas báis Aindreas in The Irish Times ar 23 Iúil 2011 go raibh spéis sa litríocht ag a mháthair agus go mbaineadh sí taitneamh as úrscéalta Gustave Flaubert. In 1945 thug scoláireacht Aindreas go Coláiste Éinde. I bhfoirgneamh Choláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, a bhí an coláiste ullmhúcháin sin i rith Éigeandáil 1939–45, agus sin toisc seilbh ar fhoirgneamh an choláiste i nGaillimh a bheith ag an Roinn Cosanta agus gur tharla Coláiste Phádraig folamh ag an am i ngeall ar bhac a bheith i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais ar ábhar múinteoirí a earcú (Jones 2006). In Breandán Ó hEithir: iomramh aonair (2000) le Liam Mac Con Iomaire gheofar cuntas ar shaol na scoláirí i nDroim Conrach i rith na bliana 1945–46. An bhliain dár gcionn is i bhfoirgneamh an choláiste i nGaillimh a bhí siad. Is léir ar chuntas Mhic Con Iomaire gur cairdeas fadsaolach a snaidhmeadh idir Aindreas agus Breandán Ó hEithir i rith na tréimhse sin. Aindreas a thug an t-aitheasc ag sochraid Bhreandáin in 1990.

Cháiligh Aindreas mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste Phádraig agus bhí sé fostaithe anseo is ansiúd: Sligeach, Móinteach Mílic, Co. Laoise, Muineachán agus, ar deireadh, Baile Formaid, Baile Átha Cliath. Ón uair a chonaic sé léiriú de ‘Oíche mhaith agat, a Mhic Uí Dhomhnaill’ ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair in aois a sheacht mbliana dó ba mhór a spéis i gcúrsaí amharclainne (‘An mhuintir seo againne,’ Scéala Éireann, 27 Feabhra 1960) agus is insuime, agus gan ach an scór bliain aige, agus é go fóill i gColáiste Phádraig, gur stáitsíodh dráma leis, ‘Clocha na Coighcríche’, in Amharclann na Péacóige i rith Oireachtas na Gaeilge (15 Deireadh Fómhair 1950 ar aghaidh). An dráma aonghnímh sin a ghnóthaigh Duais Amharclann na Mainistreach dó. Téama an dráma an drochthoradh a bhí ag an imirce ar theaghlach feirme i gContae Dhún na nGall. Dhá bhliain ina dhiaidh sin ghnóthaigh sé Duais Oireachtais lena dhráma fada ‘Síol Cháin.’

Tar éis dó freastal ar léachtaí oíche i gColáiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath, ghnóthaigh sé B.A.. Ba iad Béarla agus stair na hábhair a bhí aige ar deireadh. Agus é ina mhúinteoir go fóill bhíodh nuacht Ghaeilge Radio Éireann á léamh aige. Fostaíodh é in 1957 mar chúntóir clár ann. Stáisiún é ina raibh neadaithe an tráth úd líon mór cainteoirí Gaeilge – scríbhneoirí, craoltóirí, ceoltóirí, aisteoirí: Micheál Ó hAodha (1918–98), Roibeard Ó Faracháin, Francis McManus (1909–65), Seán Mac Réamoinn, Proinsias Ó Conluain, Séamus Breathnach, Pádraic Ó Raghallaigh, Niall Tóibín, Gerard Victory, Neasa Ní Annracháin, Fachtna Ó hAnnracháin. Aistríodh go Corcaigh é i bhfómhar 1957 agus, nuair a athbhunaíodh an stáisiún raidió ann ar 4 Meitheamh 1958, ba é a bhí mar léiritheoir an chláir ‘Clár geal Mumhan’ oíche sin na hoscailte. Is iomaí sin clár a rinne sé ar fud na Mumhan ina dhiaidh sin. Cuimhnítear go háirithe ar an tsraith ‘The ballad towns of Munster.’ B’fhéidir é a áireamh i measc phearsana nótáilte úd raidió RTÉ a bhí ag bailiú cuid nach beag de sheanamhráin Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann ó 1947 ar aghaidh – Séamus Mac Aonghusa, Ciarán Mac Mathúna agus Proinsias Ó Conluain. I rith na tréimhse sin chuir sé aithne ar chuid de phríomhphearsana Ghaeltacht na Rinne, Chorca Dhuibhne agus Chúil Aodha.

I gCorcaigh d’éirigh sé cairdiúil le scríbhneoirí agus le pearsana Gaeilge na cathrach agus go háirithe le Seán Ó Ríordáin, Seán Ó Tuama (1926–2006), an tAthair Tadhg Ó Murchú agus an dealbhóir Séamus Murphy agus a bhean Maighréad. I measc na dtagairtí ina dhialann tagraíonn Ó Ríordáin do ‘shárGaeilge’ Aindreas agus deir Ó Coileáin (1982) gurbh iad Seán Ó Mórdha agus Aindreas a chuaigh i mbun na hidirghabhála ar son Uí Ríordáin chun go bhfoilseofaí alt leis gach Satharn in The Irish Times. B’fhada léitheoirí ag tnúth leis na hailt sin a fheiceáil cnuasaithe i leabhar. Is insuime go bhfuil cuntas lán de ghreann i dtaobh mhustais agus Bhéarla uasal Aindreas ag an Ríordánach (The Irish Times,13 Bealtaine 1972). Agus ba é Aindreas a d’fhág againn an t-agallamh teilifíse sárluachmhar sin leis an bhfile.

D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath in 1962 nuair a ceapadh é ina léiritheoir i stáisiún teilifíse Radio Telifís Éireann a osclaíodh ar 31 Nollaig 1961. Faoi 1964 bhí sé ina léiritheoir feidhmeach acu agus ba é a bhí mar bhéal múinte an bhliain sin ag léiritheoirí nua mar Sheán Ó Mórdha, Eoghan Harris agus Brian Mac Lochlainn. I measc na gclár a léirigh sé cuimhnítear go háirithe ar an gclár faoi Éirí Amach 1916, ‘On behalf of the Provisional Government,’ a ghnóthaigh Duais Jacob dó agus ar an gclár a rinne sé i mí Mheán Fómhair 1967 le Máirtín Ó Cadhain ar fhód dúchais an Chadhnaigh féin i gCois Fharraige. Faoin teideal ‘Turas ar an nGealchathair’ (Scríobh 3, 1978 in eagar ag Seán Ó Mórdha) tá tuairisc dhraíochtúil ag Aindreas ar an tréimhse sin i gcomhluadar Uí Chadhain.

D’éirigh Pádraig Ó Raghallaigh as post Cheannaire Raidió na Gaeltachta go gairid i ndiaidh a bhunaithe ar 2 Aibreán 1972 agus ceapadh Aindreas ina áit. Chuaigh sé féin, a bhean agus a mhuirín óg chun cónaithe i dTuismeáin , Co. na Gaillimhe. In Raidió na Gaeltachta (1982) molann Risteárd Ó Glaisne go hard ar éirigh le Aindreas a chur i gcrích sa stáisiún agus tá a chuntas ar a sheal mar Cheannaire cothrom go maith. Deir sé gur tháinig fás agus feabhas ar Raidió na Gaeltachta le linn a thréimhse, gur cuireadh leis na huaireanta craolta agus gur cuireadh malairt chrutha ar chuid mhaith de na cláir. Deir sé freisin gur léir go raibh ag méadú ar an bproifisiúntacht sa stáisiún, agus cuid mhaith dá bhuíochas sin ag dul d’Aindreas, tharla gur shárphroifisiúnach é féin.

Ach ba mhinic an nuachtlitir áitiúil Tuairisc criticiúil ina thaobh. Shíl gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta nár cheart gur faoi cheannas RTÉ a bheadh Raidió na Gaeltachta agus seans nárbh ar Aindreas amháin a bhí a ngearáin dírithe. Agus ba é a tuigeadh do Bhrian Mac Aongusa, duine dá chomharbaí sa cheannaireacht, go raibh ardmheas ag foireann Raidió na Gaeltachta i gcoitinne ar Aindreas agus sin de bharr gur thug sé seasamh ar leith don stáisiún nua seo agus i ngeall ar a eitic láidir oibre. Ní raibh, dar le Brian, agus é ag comhrá le húdair na Beathaisnéise, ach an dea-fhocal acu ina thaobh. In alt in Scéala Éireann 12 Aibreán 1973 tá an tagairt seo ag Nollaig Ó Gadhra d’Aindreas: ‘Ní amháin gur fathach chun oibre an fear seo… Duine é a thuigeann cúrsaí craolta go smior agus a chreideann ina cheird.’ D’fhill Aindreas ar theilifís RTÉ i gceann na dtrí bliana agus ceapadh é ar ball ina Leas-Stiúrthóir uirthi.

Is léir ar a scríbhinní Gaeilge anseo is ansiúd gur stílí maith anamúil próis Aindreas: gearrscéalta agus léirmheastóireacht leis in Comhar ó 1959 go 1978, alt aige in Feasta, Eanáir 1959, faoin dealbhóir Séamus Murphy; léirmheasanna aige in Scéala Éireann, agus go háirithe an cuntas aige in Scríobh 3. B’fhéidir nár thug idir chraoltóireacht agus bhainistíocht deis dó cur lena shaothar cruthaíoch scríbhneoireachta. Tá sé le tuiscint as comhrá a bhi aige lena chairde i gCorcaigh ag pointe éigin go luath sna 1960idí gur chreid sé go raibh an stát ag cúlú cheana féin ón athbheochan (Ó Coileáin 1982). Seans gurbh é an díomá sin, chomh maith gan amhras lena phost in RTÉ, a chuir dá bhuille é mar scríbhneoir.

D’éirigh sé as a phost in RTÉ in 1988. Bhí sé pósta ar Mháire Hastings, aisteoir aitheanta ó Mhaigh Eo, agus rugadh mac, Aindreas, agus beirt iníonacha, Bríd agus Clíona, dóibh. I mBaile an Mhóta Íochtarach i gceantar Bhaile na Manach, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath, a bhí cónaí orthu agus bhaineadh Aindreas pléisiúr agus é ar scor as glasraí agus torthaí a fhás sa ghairdín acu. D’éag sé ar 5 Iúil 2011.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair

  • Jones, V. (2006) A Gaelic Experiment: the Preparatory System 1926-1961 and Coláiste Moibhí. Dublin: Woodfield Press.
  • Mac Con Iomaire, L. (2000) Breandán Ó hEithir: iomramh aonair. Cló Iar-Chonnachta: Indreabhán.
  • Ó Coileáin, S. (1982) Sean Ó Ríordáin: beatha agus saothar. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
  • Ó Glaisne, R. (1982) Raidió na Gaeltachta. Indreabhán: Cló Chois Fharraige.

Ailt

  • The Irish Press, 27 Feabhra 1960
  • The Irish Press, 12 Aibreán 1973