Tá cuntais ar an bhfile seo: ag Tadhg Ó Murchú in Faiche na bhFilí, 1962; ag Breandán Ó Conchúir in Scríobhaithe Chorcaí 1700–1850, 1982; agus ag Tadhg Ó Donnchadha in Seán na Ráithineach, 1954. De réir chuntas Norman Moore in Dictionary of National Biography, ba de shliocht Ultach é agus is i nDún i gContae Chorcaí a rugadh é. Mac Airteáin seanleagan an sloinne. Ba chraobh de Chinéal Faghartaigh sa Dún in oirthuaisceart Uladh iad rud a raibh Liam bródúil as (Faiche na bhFilí). Bhí sé go mór ar son na Stiobhartach, é i reisimint marcach Mhic Chárthaigh Spáinnigh i gCogadh an Dá Rí. Deir Risteárd Ó Foghludha gur throid sé i gCath na Bóinne (Cois Caoin-Reathaighe .i. Filidheacht Éamuinn de bhFál ó Dhún Guairne, 1946). Bhí sé páirteach sa luíochán a rinneadh ar shaighdiúirí Rí Liam ag Béal Átha Salainn in aice Charraig na bhFear 29 Aibreán 1691. Sa dán a chum sé mar fhreagra ar dhán Eoghain Uí Chaoimh. ‘Ar Treascradh in Eachdhruim’, deir sé sa chéad cheathrú: ‘A charaid dil, ná dearmad bheith sítheóilte, / Is go bhfacamar ar treascradh ar mhíchóthrom / In Eachdhruim dár marcraidh ’s dár bhfirthreonaibh, / Is dá n-aithle sin nach mairfeamna ach fiornóimeat’. Bhain Tadhg Ó Donnchadha as sin go bhfaca Liam an t-ár in Eachroim agus cuireann leis go ndúirt Seán Ó Murchadha na Ráithineach an méid seo sa chaoineadh a chum sé ar Liam: ‘Marcach na ruag in Eachdhruim thuaidh, / Mar Aicil do bhuaigh an bárr leis’ (Gadelica, 1912–1913). Ba é a chum an t-amhrán Seacaibíteach, ‘A chlanna Gael, fáiscidh bhur lámha le chéile’; deirtear gurbh ar a bhealach go dtí an Bhóinn a chum sé é.

Shocraigh sé síos mar fheirmeoir ar thalamh a mhuintire ar an nDrom Buí i bparóiste Charraig na bhFear. Bhí talamh aige freisin i bparóiste an Teampaill Ghil. Bhí sé pósta agus mac aige darbh ainm Dónall. Tuairimíonn Lesa Ní Mhunghaile in Dictionary of Irish Biography go raibh beirt mhac eile agus iníon aige. Deir Ó Donnchadha gur mhúinteoir é freisin. Tháinig sé i gcomharbacht ar Dhiarmuid mac Sheáin Bhuí Mac Cárthaigh mar cheann ar Chúirt Éigse na Blarnan i 1705 agus bhí an gradam sin aige go bhfuair sé bás. Is sa Teampall Geal a thagadh na filí le chéile nuair a bhí Liam i gceannas na Cúirte. Bhíodh teagasc le fáil ag na filí eile uaidh, ina a theach féin go mór mór: ‘Níor dhúnta riamh do dhún, a Liam’. Bhí a shaothar fileata cnuasaithe ag Tadhg Ó Donnchadha agus é le cur i gcló aige gan mhoill (Seán na Ráithineach). Bhí féith na filíochta ina mhac Dónall.

Nuair a d’fheallmharaigh Séamus mac Coitir an rímharfóir John Lisle i Lausanne na hEilbhéise 11 Lúnasa 1664 is é a shíl údaráis Shasana ar feadh i bhfad gur Thomas McDonnell ab ainm don té a rinne an gníomh. Sa dán a scríobh Liam an Dúna 14 lúil 1700 don Choitireach is léir cé a rinne é. Bhí caidreamh aige le Seán Ó Murchadha na Ráithineach , an tEaspag Eoin Baiste Mac Sleighne, Eoghan Ó Caoimh, Conchubhar Mac Cairteáin, Éamonn de Bhál, agus le Diarmuid mac Sheáin Bhuí Mac Cárthaigh. D’fhaigheadh sé lámhscríbhinní ó Mhac Sleighne agus d’athscríobhadh dó iad. Bhí sé ina charas Críost ag Eoghan Ó Caoimh nuair a bhí seisean á oirniú ina shagart agus roimhe sin ina charas Críost ag a mhac Art; tá cur síos ag Anna Heussaff ar an aighneas fileata a d’éirígh eatarthu (Filí agus Cléir san Ochtú hAois Déag, 1992) nuair a shíl Eoghan nach ndearna Liam a dhóthain comhbhróin leis nuair a bhásaigh Art. D’éag Liam um Shamhain 1724 agus tá sé curtha sa Teampall Geal.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú