Bhí ardmheas air ag scoláirí, scríobhaithe agus filí Chorcaí a linne i ngeall ar ar chuir sé de leabhair á n-athscríobh, ar an gcaidreamh a bhí aige ar Liam Mac Cairteáin an Dúna, ar Eoghan Ó Caoimh go háirithe, ar Dhomhnall Ó Colmáin agus ar Sir Séamas Mac Coitir, agus ar an gcomaoin a chuir sé ar an lucht léinn. Chum Mac Cairteáin, Seán Clárach Mac Domhnaill, Liam Rua Mac Coitir agus Éamonn de Bhál marbhnaí. Tá eolas agus leabharliostaí ag Breandán Ó Conchúir in Folia Gadelica: aistí ó iardhaltaí leis a bronnadh ar R.A. Breatnach, M.A., M.R.I.A. i ndeireadh a théarma mar ollamh le teanga agus Litríocht na Gaeilge i gColáiste, Ollscoile Chorcaí, 1983 (‘Eoin Baiste Mac Sleighne, Easpag [1693–1712] agus Pátrún ar an Léann Gaelach’) agus in Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850, 1982.

In áit nach bhfuil ach timpeall 12 mile ó Chathair Luimnigh ach i nDeoise Chluana a rugadh é. Seán a bhí ar a athair agus bhí beirt deartháireacha agus ceathrar deirfiúracha aige. ‘De shliocht Roibeaird Mhic Stiabhna, an taoiseach Normannach, muintir Shleigne [Slyne]...’ (Scríobhaithe Chorcaí...). Tá baile fearainn darb ainm Baile Mhic Sleighne i bparóiste Theampall na Carraige. Oirníodh i gclochar na nUrsalach in Rouen sa Fhrainc é ar 27 Márta 1663 agus bhain sé amach dochtúireacht sa diagacht sa Sorbón, Páras, i 1670 (tá cuntas air ag Proinsias Mac Cana in Collège des Irlandais Paris and Irish Studies, 2001). Chaith sé sé bliana i nDeoise Chorcaí agus Chluana mar Bhiocáire Ginearálta. Tuairim 1676 d’imigh sé go dti an Róimh. Bhí sé tamall ina oide spioradálta ag mná rialta Ursalacha ann agus tuairim 12 bliain ag múineadh diagachta. In Father Luke Wadding commemorative volume, 1957 (‘The Processus Datariae and the appointment of Irish bishops in the seventeenth century’) deir Cathaldus Giblin gur ceapadh é i rith na tréimhse sin ina bhiocáire ginearálta ar dheoise Chill Dalua. Nuair a ceapadh Peadar Craobhach ina Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath ainmníodh Mac Sleighne mar chomharba air i gCorcaigh agus Cluain i 1693 ar mholadh Shéamuis II; bhí aithne ag Mac Sleighne ar an gCraobhach nuair a bhí siad beirt ina mic léinn i bPáras. Tugadh deoise Rois dó tamall gairid ina dhiaidh sin. Coisreacadh é in Eaglais San Isadóir sa Róimh in Aibreán 1693. D’fháiltigh filí, Diarmuid mac Sheáin Bhuí Mhic Cárthaigh ina mease, roimh an gceapachán.

Bhí na Péindlíthe á gcur i bhfeidhm gan sos ag an am agus d’fhan sé trí bliana i dteach Sir Séamus Mac Coitir i mBaile na Speire in aice le Carraig Thuathail agus i rith an ama sin chuir aithne ar Dhomhnall Ó Colmáin, údar Parliament na mBan, a bhí ina oide ansin ag Séamus Óg Mac Coitir. Bhí ordaithe faoin Acht Díbeartha go n-imeodh gach easpag as Éirinn roimh Lá Bealtaine 1698. Rinne Rí Liam idirghabháil agus sacadh i bpríosún é. Is ann a chaith sé na blianta anuas go 1703. B’fhearr leis féin príosún ná deoraíocht. Ní mór a rá nár caitheadh go dona leis sa phríosún. Bhí cailín aimsire aige ann agus lean an teagmháil a bhí aige le scríobhaithe ar feadh an ama. Chum Eoghan Ó Caoimh ‘Iomdha teist úghdair’ agus, b’fhéidir, ‘Truagh do chléireach’ dó le linn dó a bheith i bpríosún dar le Tadhg Ó Donnchadha in Gadelica, 1912–13 (‘An tAthair Eoghan Ó Caoimh; a bheatha agus a shaothar’). Ní foláir nó chuir sé mórchuid leabhar á n-athscríobh idir 1693 agus 1703 ach deir Ó Conchúir nach bhfuil tagtha slán ach trí cinn de lámhscríbhinní a scríobhadh ar a fholáireamh. D’oirnigh sé seachtar sagart i rith 1699–1701.

I mí Feabhra 1703 a díbríodh sa deireadh é. In Filí agus Cléir san Ochtú hAois Déag, 1992 tá cuntas ag Anna Heussaff ar an bhfáth áirithe ar díbríodh é ag an bpointe ama sin. Is amhlaidh a ghearáin giúiré i gCorcaigh ar 27 Iúil 1702 ‘gur ainmnigh sé an tAthair Richard Harnett mar shagart paróiste in Eochaill agus gur chuir sé coinnealbhá ar Dhoiminic Gough, an sagart a bhí ansin roimhe, toisc nár ghéill seisean don ainmniúchán sin’. Chuir Caisleán Bhaile Átha Cliath barántas chuig méara Chorcaí chun an t-easpag a ionnarbadh. Rinne an Cúnta Wratislaw, Taidhleoir na hOstaire, achainí ar a shon leis an mBanríon Áine á rá go raibh ochtó bliain d’aois aige ach thug sí an chluas bhodhar dó. An leithscéal a bhí ag na húdaráis i gCorcaigh ná nach raibh aon long sásta pasáiste a thabhairt don seanduine. Chuir sé féin in iúl don Róimh ar 27 Deireadh Fómhair 1703 go raibh Liospóin sroichte aige agus é beo bocht. Tá cuntas ar an rud ar fad ag Maureen Wall in The Penal Laws 1691–1760, 1967.

I gcoinbhint Buon Successo na nDoiminiceach i Liospóin a chaith sé an chuid eile dá shaol agus d’éag sé ar 16 Feabhra 1712. Thug sé féin fianaise uair a d’fhágfadh go raibh sé nócha bliain d’aois ag am a bháis agus dúirt Wratislaw i 1702 go raibh ochtó aige; chaithfeadh sin amhras ar dháta a oirnithe, b’fhéidir, sa mhéid go mbeadh sé 41 ag an am sin; ach ba é féin a dúirt chomh maith gur rugadh é sa dara leath de 1638. D’éirigh sé as an easpagóideacht tamall gairid roimh a bhás agus géilleadh dá iarratas gurbh é Donnchadh mac Sheáin Bhuí Mhic Cárthaigh, deartháir le Diarmuid, a bheadh ina chóidiútar aige.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú