Bhí sé ar dhuine de Sheacaibítigh mhóra na hÉireann agus scríobh filí tuairim scór dán air féin agus ar a mhac, Séamus Óg (1689–1720), ina measc Liam Rua Mac Coitir, Liam Mac Cairteáin, Seán Clárach Mac Domhnaill, agus Éamonn de Bhál. Bhí baint nár bheag aige le ‘Párlaimint na mBan’, agus ba é údar an tsaothair sin, an tAthair Domhnall Ó Colmáin, a bhí mar oide ag a mhac; is cuntas ar bheatha Sir Séamus atá sa tíolacadh a rinne seisean (Párlaimint na mBan, 1952 in eagar ag Brian Ó Cuív). Tá cuntas fada ag Ó Cuiv air in The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland LXXXIX, 1959 (‘James Cotter, a Seventeenth-Century Agent of the Crown’). Is sa chaibidil de Scríobhaithe Chorcaí 1700–1850, 1982 a bhaineann le pátrúin atá cuntas Bhreandáin Uí Chonchúir. Gan amhras tá curtha síos orthu beirt, agus ar Shéamus Óg go háirithe, ag Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996 agus in Cork History and Society..., 1993 in eagar ag P. O’Flanagan agus C. G. Buttimer (‘The Making of a Cork Jacobite’).

Bhí muintir Mhic Choitir in oirthear Chorcaí leis na céadta blian. Éamonn a bhí ar athair Shéamuis agus bhí tailte aigesean i mBarraigh Mhóra. Phós sé Eilís Ní Chonaill i 1627 agus ba é Séamus an dara mac acu. Tháinig Baile na Speire, Carraig Thuathail, ina seilbh i 1638. B’fhéidir go raibh Séamus ina shaighdiúir i bhfórsaí an rí i Sasana go hóg ina shaol, nó ag saighdiúireacht ar an Mór-roinn. Ba é a thionscain an chomhcheilg trínar feallmharaíodh John Lisle in Lausanne san Eilbhéis 11 Lúnasa 1664; ba é an Lisle seo faoi deara foirm na breithe báis ar Rí Séarlas I agus d’éalaigh sé féin agus an Ginearál Edmund Ludlow, a shínigh an barántas básaithe, go dtí Vevay na hEilbhéise nuair a cuireadh Séarlas II i gcoróin. An feallmharú sin a chuir ainm Shéamuis i mbéal an phobail mar laoch náisiúnta agus i gcló ag Ó Cuiv tá cuntais chomhaimseartha, ar le Ludlow ceann díobh, agus cuntais sa bhéaloideas.

In éineacht le Mac Coitir bhí beirt Éireannach eile, Ó Crualaoich agus Ó Riordáin. Is cosúil nach ar Mhac Coitir féin a thit sé urchar a scaoileadh le Lisle. Is mar seo a thagraíonn Ó Colmáin don ngníomh: ‘Más somholta de réir an tsaoil greann et grá a thuilleamh ó rithe et ó phrionsaí, féach créad é an mhuinín a bhí ag Rí Séarlas ina lúth, ina mhisneach, et ina chomhall, an tan a thug sé ceannas et ordú dhó gluaiseacht mar aon le beagán buíne a’ tóraíocht an tréatúra Lisle et dá threascairt, gníomh a rinne Séamus go háthasach in éiric et i ndíoltas bháis Rí Séarlais. Et dá réir sin ní hé amháin ach ní ceart a rá ná a mheas gur murther ná míghníomh tréatúir fógartha a mharú le hordú speisialta an rí, ach fós is inmheasta gur gníomh é chomh hoirirc ionnas, dar liomsa agus dar le heolaithe eile, go mba chóra a leithéid a chur i gcroinicí i litreacha óir...’ (an litriú leasaithe ag na húdair). Deir Ó Cuív: ‘It must be remembered that the author, Ó Colmáin, probably heard all the details of his career from Cotter himself, and that he incorporated them in this contemporary document.’ Tá an nóta seo ag Ó Cuív i dtaobh duine de shliocht Shéamuis mac Éamoinn: ‘By a peculiar twist of fate James Cotter’s grandson married in 1746 General Ludlow’s great-grand-niece.’ Bhí sé i gceist go bhfeallmharódh Sir Séamus an ginearál sin.

Tamall ina dhiaidh sin, bhí sé i dteideal ‘captaen’ a thabhairt air féin agus rinne sé seirbhís airm sna hIndiacha Thiar sa chogadh ag Sasana in aghaidh na Fraince agus na hOllainne. B’fhéidir gur ag an am seo a chuir sé aithne phearsanta ar Dhiúc York (Shéamus II) a bhí ina aimiréal ar chabhlach Shasana ag an am. Timpeall 1677, bhí sé ag obair mar spiaire ag an rialtas, é ag cur faisnéise ar fáil faoi Ludlow ag pointe amháin. Rud a d’oiriúnaigh é don ghníomhaíocht sin gan amhras na teangacha a bhí aige; dúirt Ó Colmáin: ‘Tuigeann agus labhrann Séamus a cúig nó a sé de theangacha go cliste, et níorbh fholáir dó féin an t-eolas sin a bheith aige re linn a thraibhléireacht ar feadh mórán blian ar fud ríochtaí na hEorpa.’ Chaith sé tamall de bhlianta ina Leas-Ghovarnóir ar Montserrat agus is iomaí tagairt a dhéanann Donald Harman Akenson dó in If the Irish Ran the World: Montserrat 1630–1730, being the Joanne Goodman Lectures of the University of Western Ontario, 1997. Tugann sé ‘a royal hit-man’ air agus deir: ‘A sense of the religious ambiguity of the whole situation in the Leeward Islands after the Restoration is found in the fact that Cotter, despite his Catholic background, was willing to assume the guise of an Anglican in order to hold his judicial posts and to be the deputy governor – the viceroy – of Montserrat. So, it is a suitable twist to a careerist’s career, that in 1689, after an investigation by the attorney general of England of Cotter’s farming out of his legal posts in the Leeward Islands, he was deprived of these offices and was declared “a papist and a rebel”.’ Is cosúil gur mhinice as láthair ná i Montserrat é i rith a thréimhse mar Leas-Ghovarnóir.

Tugadh pinsean £200 sa bhliain dó i 1681. Bhí Baile na Speire faighte le huacht ag a leasmháthair agus cheannaigh sé uaithi é i 1675. As sin amach, bhí ag éirí an-mhaith leis; tugadh saoirse Chathair Chorcaí dó i 1683 agus rinneadh giúistís de an bhliain dár gcionn. Deir Ó Colmáin gur throid sé in aghaidh Diúc Monmouth i gcath Sedgemoor 5 lúil 1685. B’fhéidir gur timpeall an ama seo a d’fháiltigh Dáibhí Ó Bruadair abhaile roimhe (‘Fáilte Í Cheallaigh ria Sir Séamus’) agus gur bronnadh ridireacht air. Ó 1688 ar aghaidh bhí sé gafa le cúrsaí an chogaidh idir an dá rí. Faoi Fheabhra 1689 bhí sé i gceannas ar fhórsaí Shéamuis i gCorcaigh agus um Bealtaine toghadh é ina bhall parlaiminte thar ceann Chathair Chorcaí. Ghlac sé páirt sa chogadh i Loch Garman, i bhFear Manach, i gCiarraí agus i Luimneach. Ceapadh é ina Ghovarnóir ar Chorcaigh Feabhra 1690. D’fhág Conradh Luimnigh gur éirigh leis greim a choimeád ar a thalamh. Deir Ó Cuiv: ‘This was due, perhaps more than anything else, to his own fair and conciliatory behaviour when power lay in his hands. Testimony was given to this effect in December 1691 by many Cork Protestants...’.

Bhí sé pósta ar dtús le Mary Stapleton, iníon nó deirfiúr le Sir William Stapleton, Govarnóir Oileáin Leeward (‘a minor dynastic event of the year 1679’ a thugann Akenson ar an gcleamhnas). I 1688, phós sé Ellen Pluincéad, iníon le Maitiú Pluincéad, Tiarna Lú, agus bhí seachtar clainne acu, ar dhuine díobh Séamus Óg. Chaith an tEaspag Eoin Baiste Mac Sleighne, trí bliana ar a choimeád sa teach agus sagairt na deoise go minic ar cuairt chuige ann; ‘dionaitheoir na cléire’ a thugtar air in Párlaimint na mBan. Bhí fáilte aige roimh fhilí agus cheoltóiri agus cuireadh duanaire le chéile le hómós dó, leabhar nach bhfuil teacht air anois. Sa réamhrá a chuir Conchubhar Mac Cairteáin le hAgallamh na bhFíoraon dúirt sé gur mó bronnadh óir agus airgid a thug sé d’éigsí agus d’údair Ghaeilge. D’éag sé ar 18 Meitheamh 1705 agus cuireadh é i dtuama na gCoitireach i gCarraig Thuathail.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú