Leagtar Párliament na mBan ar an bhfear seo. San eagrán a foilsíodh i 1952 tugann Brian Ó Cuiv cibé beagán eolais atá le fáil faoi. Glactar leis gur shagart a bhí ann agus is léir ar cheann de na dánta adhmholta sa leabhar go raibh baint aige le Cnoc Rátha i gContae Chorcaí. Bhí sé ina oide tí ag Séamus Óg Mac Coitir i mBaile na Speire, é cairdiúil lena athairsean, Sir Séamus Mac Coitir. Is leabhar crábhaidh go bunúsach é Párlaimint na mBan ach cosnaíonn an t-údar Sir Séamus orthusan a chuirfeadh dúnmharú John Lyle, rímharfóir, ina leith. Do Shéamus Óg, a ‘dheisceabal grách féin’, a scríobh sé an leabhar. Is mar seo a chuireann Breandán Ó Buachalla síos ar an saothar in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Tugann an téacs féin an-léiriú dúinn ar chúlra sochchultúrtha na haicme lenar bhain Mac Coitir: a gcultúr ilbhéarlach, a léann, a reiligiún, a bhféinmhuinín, is a bhféinmheas...’.

Gné den saothar ar mhaith le Ó Cuív béim a chur uirthi is ea na mná: ‘However, it is in the “framework” which has been fitted around the purely didactic matter that the most interesting part of the text is to be found. In it the author has hit upon something which is unusual in Irish literature, the idea of a feminist movement, and if for no other reason than this, his work is well worth reading.’ Ba dhóigh leis nárbh fholáir nó chonaic Ó Colmáin téacs Béarla nó Fraincise den sórt céanna. Ó scríobh sé an méid sin tá a fhios gur ar cheann de Colloquia Familiaria le Erasmus a bunaíodh Párliament na mBan. Deir James Stewart in Celtica VII, 1966 (‘Párliamint na mBan’): ‘Of the Colloquies of Erasmus it has been said that they are among the most pillaged works in existence. To the list of borrowers we may now add an Irish name, Domhnall Ó Colmáin .... His account of the first two sessions is in the main, a translation of that one of the Colloquia Familiaria ... which in English is usually called “The Parliament of Women”.’ Agus deir sé: ‘Such indications as there are suggest that the Irishman worked from the Latin.’ ‘Mar speculum principis a scríobh Erasmus an buntéacs; mar “theagasc flatha” a chuir Ó Colmáin a leagansan ar fáil agus é mar oide i dteach an Choitirigh: léaspairt shoilseach ar ghné fhíorthábhachtach amháin d’fheidhm na cléire in Éirinn ag an am’ (Ó Buachalla).

Bhí aithne mhaith ag Ó Colmáin ar Liam An Dúna Mac Cairteáin, ar an Athair Conchubhar Mac Cairteáin, ar Eoin Baiste Mac Sleighne, ar an Athair Conchubhar Ó Briain agus ar an Easpag Donnchadh Mac Cárthaigh. Chum gach duine diobh dán adhmholta nó ‘approbatio’ i gcomhair an leabhair. Sa réamhrá le ‘Agallamh na bhFíoraon’ luann Conchubhar Mac Cairteáin é mar dhochtúir dlí ach is ‘dochtúir diadha deagheoluis don dlighe chanónnda .i. Dómhnald Ó Colmáin’ atá i gcolofan i gceann de lámhscríbhinní an 18ú haois. Deir Ó Cuiv: ‘Of course this statement that Ó Colmáin was a Doctor of Canon Law may be a scribal fabrication, but it seems a reasonable explanation. Moreover, it is very likely that a priest would have been chosen as tutor to James Cotter.’ Tugann Liam Mac Cairteáin ‘an cléiríoch’ air ina dhán adhmholta. Déanann Ó Cuív talamh slán de, geall leis, gurbh é an Domhnall Ó Colmáin céanna seo a bhí ina shagart paróiste sa Ghleanntán tuairim 1670, go raibh sé i Rinn Uí Mhathúna roimhe sin agus faoi 1704 go raibh sé ina shagart paróiste i gCnoc Rátha. B’fhéidir gurbh i mbliain 1670 a chuir sé tús le Párlaimint na mBan agus go ndearna sé athchóiriú air i 1702. Maireann ar a laghad daichead cóip lámhscríofa.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú