‘Ó Bruadair was a giant, an artist and craftsman of great power and of long and sustained output’ (Seán Mac Réamoinn in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982). Is é a dúirt Pádraig Ó Fiannachta faoi in Léachtaí Cholm Cille XIII: Éire Banba Fódla, 1982: ‘Tá a shaolsan agus cás na tíre lena linn fite mar dhlúth is inneach ina chéile. Is sgáthán ar Bhanba a linne réim a shaoil féin, agus is geall le tuairisc phearsanta ar shaol na tíre véarsaí snoite a mhórdhánta.’ Scríobh Gearóid Ó Murchadha in Irish Ecclesiastical Record, Samhain, 1952: ‘Yeats’s poetry and Ó Bruadair’s poetry undoubtedly stand out in a special way from all other poetry written in English or Irish by their fellow-countrymen. As men the two were dissimilar both in education and outlook, but the poetry of each is often marked by this common trait that in it the whole man speaks to us.’ Tá sé ar dhuine de na filí Gaeilge sin den tseanaimsir is mó ar tháiníg a dhánta, tuairim ceithre scór díobh, slán. Bhí sé ar na filí ba dheireanaí a fuair oiliúint sna seanmheadrachtaí. Chuir Eoin Mac Fhir Léinn eagar ar thrí imleabhar dá dhánta in Duanaire Dhaibhidh Uí Bhruadair, 1910–16; baineann leathchéad leathanach dá réamhrá le cibé eolas ar a bheatha atá le fáil sna dánta. In North Munster Archaeological Journal: Irisleabhar Seandáluíochta Tuadh-Mhumhan, 1991 tá aiste Bhreandáin Uí Mhadagáin: ‘Dáibhí Ó Bruadair and Irish culture in Limerick, 1691’. Baineann caibidil in Merriman agus filí eile, 1985 le hArt Ó Beoláin leis. An chaibidil atá ag Michael Hartnett (‘Wrestling with Ó Bruadair’) in The Pleasures of Gaelic Poetry, is í atá mar réamhrá aige, go bunúsach, le Ó Bruadair: selected poems of Dáibhí Ó Bruadair translated and introduced by Michael Hartnett, 1985. Is i Laidín a scríobh an tAthair Conchubhar Mac Cairteáin an t-aon tuireamh amháin (‘In mortem Davidis Broder, Poetac clarissimi Elegia’) a scríobhadh ar an mórfhile seo agus tá sé in eagar, maille le nótaí, ag Pádraig de Brún in Éigse, geimhreadh 1968 (‘Tuireamh Laidne ar Dháibhí Ó Bruadair’); is aisteach leis an mBrúnach nár scríobh aon duine de na filí atá luaite ag an gCairteánach – Diarmuid Mac Sheáin Bhuí Mac Cárthaigh, Conchubhar Ó Briain, Domhnall Ó Colmáin – tuireamh. Breis is tríocha bliain anonn ó bhás an fhile scríobh Seán Ó Murchadha na Ráithíneach tuireamh (i gcló in Seán na Ráithíneach, 1954 le Torna [Tadhg Ó Donnchadha B1]) ar a mhac Uilliam Ó Bruadair a d’éag ar 1 Eanáir 1729 agus is mó de mholadh ar Dháibhí ná ar Uilliam é. In An Aimsir Óg, 2000, cuid a dó, tá aiste ‘Dánta pósta Uí Bhruadair mar fhoinsí polaitiúla comhaimseartha’ le Dara Binéid. In Dáibhí Ó Bruadair: His Historical and Literary Context, 2001 in eagar ag Pádraigín Riggs tá i gcló imeachtaí an dara seimineár a chuir Cumann na Scríbheann nGaedhilge ar siúl i gColáiste Ollscoile Chorcaí ar 11 Samhain 2000: ‘Purgatory Revisited: The Historical Context of Ó Bruadair’ le Liam Irwin; ‘Lost Worlds: History and Religion in the Poetry of Dáibhí Ó Bruadair’ le Bernadette Cunningham agus Raymond Gillespie; ‘The Manuscript Transmission of Ó Bruadair’s Poetry’ le Breandán Ó Conchúir; ‘The Wedding Poem as Performance: Cuirfead cluain ar chrobhaing ghealghall’ le Margo Griffin-Wilson. Foilsíodh Searc na Suadh: gnéithe de fhilíocht Dháibhí Uí Bhruadair, 2003 le Dara Binéid.

Ó aimsir Éadbhaird Uí Raghallaigh anuas go heagrán Mhic Fhir Léinn creideadh gurbh i gContae Luimnigh a rugadh é ach táthar ar aon fhocal anois gurbh as oirthear Chorcaí dó. Luaitear go háirithe fianaise scríobhaí atá i gcló ag an mBrúnach gurbh as Cnoc Rátha i mBarrachaibh Móra dó, idir Carraig Thuathail agus Carraig na bhFear. Déanann Mac Fhir Léinn áireamh ar na naisc leis an dúiche sin: an caidreamh a bhí aige le Diarmaid mac Sheáin Bhuí, agus le Mac Cairteáin; na caointe a chum sé ar Bharraigh agus ar dhaoine eile i mBarrachaibh; gur fháiltigh sé abhaile ó Shasana roimh Shéamus Mac Coitir; gur mhaígh sé anseo is ansiúd sna dánta gurbh ón dúiche sin é; gurbh ann a bheadh cónaí ar a mhac ar ball; gurbh iad scríobhaithe Chorcaí is mó a thug slán a dhéantús fileata.

Bhí a mhuintir go maith as agus tuairimítear gurbh i nDámhscoil na Blarnan a cuireadh oideachas air, idir fhilíocht, sheanchas, ghinealas, Laidin, litríocht na Laidine agus eile. Bhí cáil air mar chomhráití agus mar scéalaí maith. Cé nár mhaith leis a ‘theanga a chuibhriú dochum an ghaillbhéarla’ agus gurb iomaí sin tagairt drochmheasúil don teanga sin ina dhánta (‘gliogarnach gall’, ‘gósta garbhbhéarla’), is léir gur maith a bhí sé in ann é a scríobh. Tá fianaise ann go raibh Milton léite aige. Scríobh sé véarsaí Béarla ach níl teacht orthu. Chuir sé litir chuig Sir John Keating, Príomh-Ghiúistís, le dán Gaeilge, ag gabháil buíochais leis as Sir Seon Mac Gearailt, a phátrún, agus uaisle eile a scaoileadh saor i 1682 (bhí líomhnaithe ina n-aghaidh go raibh baint acu le plota Titus Oates) agus á chur ar chomhchéim lena rogha féin údair, Seathrún Céitinn. Fianaise is ea í ní hamháin ar fheabhas a Bhéarla ach ar ghnéithe dá phearsantacht, ‘...the thoughts and strivings, the judgements and enthusiasms, the whimsicality and laughter of the curiously reflective and exuberant character with which he was endowed’ (Gearóid Ó Murchadha). Seo í an litir sin mar atá sí i gcló ag Ó Murchadha; tá an t-iomlán ag Mac Fhir Léinn: ‘My Lord, The Author of the Enclosed Poem is a man not concerned at all in the Weighty affairs of this World, yet see’th and can smile and frown on things as well as any other fool. He is a great Lover and admirer of honest men and as great a hater of the adverse party. He holdeth his abode in the proximity of a quiet company, the Dead, being banished the society of the living, for want of means to rent as much as a house and Garden amongst them. He lives like a sexton without salary in the Corner of a Churchyard in a Cottage (thanks be to God) as well contented with his stock, which is only a little Dog, a Cat and a Cock, as the Prince of Parma with all his Principalities. He knoweth Ingratitude to be a vice beyond Compare, and therefore endeavoureth to know where ‘Thanks ought to be paid.... His earnest desire to learn and acquire that knowledge caused him Perfunctoriously to peruse and consider a famous Work formerly undertaken and firmly finished by a venerable and most revd. person of the Name, to wit, Doctor Jerome Keating in defence and Vindication of his Native Soyl against the partial Writers that offered to calumniate and villifie both the Soyl and the Seed, and with their envious aspersions to obfuscate their Grandeur. It caused him also attentively to observe your Lordships Judicious Inspection made into a prodigious filthy fogg, which lately hung over and threatened to pestifie the same.... These, my Lord, two never to be forgotten obligations induced him on May day, being not troubled with the resort of Tenants, receiving or paying rents, Branding of Bullocks, cutting the Colts, Shearing of Sheep or any other affairs of that kind to allow himself sufficient hours to compose the Inclosed Lines which he humbly offers to your Lordship’s view, not as payment, a thing impossible, but as an acknowledgement of being still in debt.... He beggeth your Lordships pardon for this bold attempt which is submissively offered in Immitation of the poor Woman’s Mite contributed to the Corbon, by, My Lord, Your Honour’s most Grateful and most humble unknown SERVANT.

Ní léir cén fáth ar aistrigh sé go dtí an Chlaonghlais i Luimneach tuairim 1660. Chun go mbeadh Gearaltaigh Ghort na Tiobrad agus Búrcaigh Chathair Maothail mar phátrúin aige, b’fheidir. 3,000 acra a bhí ag Sir Éamonn Mac Gearailt (d’éag 1666) agus thall in Nantes na Fraince a bhí a mhac ar scoil. Mar ba dhual athar dó, bhí spéis ag an bhfear óg sa bhfilíocht; tá véarsa dá dhéantús mar aon le freagra Dháibhí i gcló ag Mac Fhir Léinn. Is cosúil gur fhás dlúthchairdeas idir an bheirt. Throidfeadh Sir Seon i nDoire, i mBaile Átha Luain agus i Luimneach agus d’imeodh ar deoraíocht chun na Fraince i ndiaidh Luimnigh (tá cuntas ar a bheatha ag Richard Hayes in A Biographical dictionary of Irishmen in France, 1949). Bhí Leabhar Mór Leacáin ina sheilbh tráth. Rinne cláraitheoir Choláiste na Tríonóide nóta gur ghabh fórsaí Shéamuis II an coláiste ar 6 Meán Fómhair 1689 mar gharastún agus gur ag an bpointe sin a ghlac Sir Seon seilbh ar an seanleabhar: dhíol sé ar ball é le James Terry (1660–1725), ginealeolaí na Seacaibíteach in Saint Germain-en-Laye (tá na leaganacha eile den scéal faoin gcaoi ar tharla Leabhar Mór Leacáin sa Frainc pléite ag Proinsias Mac Cana in Collège des Irlandais Paris and Irish Studies, 2001). Is dóigh le Hayes gurbh é Sir Seon an t-oifigeach airm, Gearaltach, a ligeadh isteach in Hotel des Invalides i 1703.

Bhí a aigne socair ag Dáibhí gur le filíocht mar ghairm a rachadh sé. Ní rófhada roimhe sin ó bhí scoil filíochta ag Cúchonnacht Ó Dálaigh (d’éag 1641) i dTulcha i mBéal an Átha, tamall gairid ó Ghort na Tiobrad. Scríobh an file sin dán ar Sheon Mac Gearailt, leanbh, agus tá tagairt ann d’fhilí agus do chláirseoirí a bheith ‘um iadh-Ghort tirmshlim na Tiobrad’ (Ó Madagáin). Glactar leis coitianta gurbh é Ó Bruadair a scríobh an dán ‘D’aithle na bhfileadh’ ag caitheamh anuas ar chlann mhac an fhile sin: ‘a leabhair ag tuitim i leimhe’s i léithe i gcúil /’s ag macaibh na droinge gan siolla dá séadaibh rún.’

Caointe, epithalamia, aortha, aistí éadroma, saothar nach bhfuil duairceas le sonrú air, a chum sé roimh 1674. Bhí sé pósta agus clann air agus an saol ag réiteach go maith leis. ‘Hitherto the future had hardly cost him a thought. He had fondly imagined, as he himself expresses it, that to squander recklessly the wealth of the world constituted the very essence of generosity and nobility’ (Mac Fhir Léinn). Ansin thit sé i mbochtaine. Sa dán ‘Is mairg nár chrean re maitheas saoghalta’ (‘an tan do thuit i loime is i ndíth costais agus fuair a phríomhchairde go faillítheach fána fhóirithin) ní léir dó go raibh aon chuid den mhilleán air féin. Go nuige sin bhíothas fial flaithiúil leis. Go tobann fuaradh a chuid, ní raibh meas air féin ná ar a fhilíocht agus láithreach b’éigean dó dul le sclábhaíocht feirme. Tá an dán i gcló freisin in Nua-Dhuanaire I, 1971 agus leagan ciorraithe in An Duanaire..,. 1981. Ní léir aon mhíniú sásúil a bheith tugtha ar an malairt thubaisteach saoil seo; is i bhfianaise na ndánta gur fhan sé cairdiúil le Gearaltaigh agus Búrcaigh. Mar bharr ar an donas bhí triomach ann an samhradh sin agus theip ar an mbarr cruithneachta. Braitear an ghruaim agus an t-éadóchas ina dhánta feasta ach lasracha dóchais iontu ó 1685 amach de réir mar a bhí ag éirí go maith le Séamus II. ‘Léiriú eile é saothar Uí Bhruadair ar an iomlat ó éadóchas go dóchas atá feicthe cheana againn, iomlat anonn is anall de réir mar a bhí “na bearta sin do mhalartaigh an saoghal clis”, mar a thug sé féin orthu, á n-oibriú féin amach’ (Breandán Ó Buachalla, Aisling Ghéar..., 1996). An ghruaim in ‘Suim Phurgadóra bhFear nÉireann’ i dtaobh na tréimhse 1649–80; an gairdeas sa dán ‘Searc na suadh an chrobhaing chumhra’ faoi gur scaoil an Céitinneach a chairde saor; an dóchas nuair a ceapadh Iarla Thír Chonaill mar Fhear Ionaid an Rí um Márta 1687, an mheidhir sa dán ‘Caithréim Thaidhg’ faoina gcearta a bheith á bhfáil ag Caitlicigh. Te Deum a thugann an Buachallach ar ‘Caithréim an Dara Séamais’; faightear an ardmheanma arís in ‘Caithréim Phádraig Sáirséal’ ach tá an seirfean agus an domlas in ‘An Longbhriseadh’ mar a lochtaíonn sé na Gaeil nár chuir le chéile; agus an spréach bheag dóchais arís nuair a chruthaigh Sir Seon Mac Gearailt go rímhaith mar shaighdiúir i gCath Landen i 1693.

‘Towards the end of his life, when his patrons had been exiled and native learning was despised by the alien usurpers, he may still be seen throughout the years 1692, 1693 and 1694 busily engaged at the same wearisome work of transcription. Impoverished and abandoned, he found consolation in historical study and research’ (Mac Fhir Léinn). Scríobhaí ba ea é agus rinne sé cóipeanna de ‘Leabhar Iris Chlann Uí Mhaoilchonaire’ ach níl fágtha óna láimh inniu ach beagán de lámhscríbhinn i gColáiste na Tríonóide. Maidir le ginealas, luaitear coitianta gur cheartaigh sé ginealach a ullmhaíodh do Chonchubhar Mac Cairteáin agus gur thaispeáin gurbh ó Chúige Uladh dá mhuintirsean.

Sheachain díolamóirí thús na hAthbheochana a dhánta, go háirithe díolamóirí a bhí ag soláthar do lucht meánscoile. Níl ach péire in Filidheacht na nGaedheal. I gcomórtas le Céitinn, Ó Rathaille, Mac Cuarta agus mórfhilí a linne ní chuirtí a dhánta de ghlanmheabhair. Cibé deacrachtaí a bhíonn sa tslí ar an aistritheoir is iad a bhacann, b’fhéidir, ar an bhfoghlaimeoir dul i ngleic leis. Deir Hartnett: ‘In Ó Bruadair’s verse the translator is faced with opaque compound words: they look Germanic in their length and seem uncrackable. But I did to his poems what should be done to all poems: I read them aloud and slowly began to understand them. He uses archaic words: his compounds, though often a strange juxtapositioning of simple words, were sometimes inventions of his own.... Also, Ó Bruadair had a medieval mind, despite his century. Would that mind or the poetry that mirrored the mind be acceptable to a twentieth-century reader?’ Is mar seo a chuireann Gearóid Ó Murchadha síos ar fhriotal Uí Bhruadair: ‘His vocabulary is partly the vocabulary of spoken Munster Irish, partly that of Early Modern literature and partly a peculiarly personal vocabulary formed from analogies between words contained in either or both of these vocabularies.’

D’éag sé i mí Eanáir 1698. Níl a fhios cár cuireadh é. Is é an léamh a dhéanann Ó Madagáin ar an nóta atá i gcló ag an mBrúnach (‘A ccnoc [sic] Rátha a Marrachaibh móra budh eadh do Dháibhídh Ó Bhruadair dar canadh an mbarbchaoine shuas, gidheadh as air an Gclaonghlais a ccontae Luimnigh, do mhair sé an roinn budh mhó agus budh thamhsgamhla dá shaoghal’) gurbh in oirthear Chorcaí a bhí cónaí air ag am a bháis. Deir Mac Fhir Léinn nár mhair a chuimhne ach tamall gairid agus sin i measc scríobhaithe, seanchaithe agus filí amháin. ‘Thus passed away into unmerited oblivion one of the greatest masters of Irish style, one of the last of those Irish poets who had been trained in the yet unbroken traditions of the classical poetic schools.’

Cuireadh plaic ar gheata Chaisleán Ghort na Tiobrad i 1970: Gort na Tiobrad ‘Dúnadh duanach duasach dreamach’ a thaithíodh Dáibhidh Ó Bruadair, file c.1625–1698. An roinn ba mhó agus ba tháscúla dá shaol trí fhialchairdeas na nGearaltach, Tiarnaí na Claonghlaise. Felices agri. felicia prata locusque quo lyra Davidis dulcia metra canit. I mBéal an Átha ar 4 Bealtaine 1998 nocht Máire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann, dealbh den fhile a rinne Clíodhna Cussen. Eagraíodh éigse ina onóir i nDrom Collachair 23–4 Bealtaine na bliana céanna.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú