B'as Carraig na bhFear, Co. Chorcaí, áit dhúchais an file seo, do Thadhg Ó Donnchadha freisin agus bhailigh seisean 182 dá dhánta, agus rinne gach dícheall chun eolas i dtaobh a shaoil a fhoilsiú, in Seán na Ráithíneach, 1954. Ní móide fiú is píosa amháin dá dhéantús a bheith ar eolas ag léitheoirí na hathbheochana; níl dán leis i measc na 300 dán, nach mór, atá in Filidheacht na nGaedheal, an díolaim ba mhó riamh a raibh díol uirthi, agus ní léir gur chuir aon díolamóir eile spéis ina shaothar. Ceart go leor, tá an aoir a scríobh sé ar Dháth Ó Glasáin, bumbáille, i gcló ag Domhnall Ó Corcora in The Hidden Ireland, 1924. Síltear a chumadóireacht a bheith leadránach saoithíneach; tagraíonn Breandán Ó Buachalla dó in Aisling ghéar: Na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603-1788 , 1996 mar 'an té ba dhípholaitiúla de fhilí a linne'. Shíl Tarlach Ó Raithbheartaigh (Maighistrí San Fhilidheacht: Láimh-leabhar Léirmheasa Ar Na Filí Móra ó Chéitinn Anuas, 1939) gur 'guth ciúin céillí' a ghuth 'nach labhrann ach ar a shon féin'. Baineann tábhacht leis mar scríobhaí agus de bhrí go raibh baint mhór aige leis an gcúirt éigse i gceantar na Blarnan; chóipeáil sé i 1725 filíocht agus scéalta as lámhscríbhinn le Dáibhí Ó Bruadair agus is inspéise gur chaoin sé Uilliam, mac Dháibhí (d'éag 1 Eanáir 1729).

Rugadh é go luath i Márta 1700. Bhí feirm ag a athair Diarmuid i gceantar Charraig na bhFear ach b'as an Ráithín, baile fearainn i bparóiste Chnoc an Bhile, taobh thoir de Dhroichead na Bandan, dá athairsean, Domhnall, fear a throid le fórsaí Iarla Mhúscraí in aghaidh Chromail, agus a d'aistrigh go Carraig na bhFear; bhí tailte ann ag muintir Mhic Cárthaigh Spáinnigh, craobh de Chárthaigh Mhúscraí. Ba iad an dream deireanach de na Cárthaigh iad ar éirigh leo seilbh a choimeád ar a dtailte. Ba de shliocht Chearbhaill Uí Dhálaigh 'na n-amhrán' ó Chill Mhuire máthair nó seanmháthair Sheáin.

Máistir scoile ag Mac Cárthaigh Spáinneach i gCarraig na bhFear ba ea Seán Ó Macháin, file, agus is uaidh a d'fhoghlaim Seán Béarla agus scríobh na Gaeilge. Bhí triúr eile sa cheantar a raibh tionchar mór acu ar an bhfear óg: Conchubhar Mac Cairteáin, an sagart paróiste, arbh fhile é freisin; Eoghan Mac Suibhne, siopadóir i gCathair Chorcaí a dhíoladh leabhair, páipéar agus pinn, a thugadh leabhair ar iasacht do Sheán; Liam Mac Cairteáin an Dúna, file a bhí i gceannas ar an gcúirt éigse. Nuair a bhí sé 19 bliana d'aois fuair a aondeartháir, Domhnall, bás agus is é an tuireamh a scríobh sé air an chéad dán atá againn uaidh. Bhí cúram na feirme air feasta. Phós sé tuairim 1725 agus bhí seisear iníon agus mac amháin aige; theip ar Ó Donnchadha a fháil amach cad ab ainm dá bhean. Bhí an bholgach uirthi i 1728 agus scríobh sé an dán 'A Thríonóid Aoird (mo pheitision chun na Banaomh Gobnatan, et cetera, an tan do ghabh bolgach mo bhean, November 7th, 1728)'. Bhí an galar céanna air féin an bhliain dár gcionn. Fágadh maol é dá dheasca agus chuir sé ceathrúna chuig an Athair Seosamh Mac Cairteáin agus Tomás de Barra agus d'iarr iasacht peiriúice orthu ('Is níor mhór dhom seana-wig sealad mar scáth dom' phlaosc'; 'Do gheallais dom bán-wig álainn d'oirfeadh dom' chluais, / Ó scaipeadh chun fáin gan fagháil gach ribe dhem' ghruaig').

Thosaigh sé ag foghlaim na píbe go luath ina shaol, tuairim an ama a tháinig an phíb nua-chruthach nó an phíb uileann go hÉirinn in áit na píbe móire. Deir Breandán Breathnach in Ceol agus Rince na hÉireann, 1989: 'Shílfeá freisin gurb í an phíb nua a bhí i gceist ag Seán na Ráithíneach taca an ama seo agus é ag tabhairt údair leis an gceol píbe a sheinneann sé: "An chuideachta sásta nuair shílim, ag iomarca laoithe is léinn, / Tugaim go hinnealta píb liom is cuirim go binn i ngléas".' Ach, 'His life is barren of romance', a deir Ó Corcora agus tugann sé tuairisc thur ar a shaol: 'From his poems we gain some ideas of the big houses in the district ... where as a poet he found welcome; and at the same time we become aware of his friendship with the priests of the countryside .... His keens tell us of the important people of the district who had died .... In his other poems we realise incidentally how circumscribed his life had become: we find him thanking one neighbour for the gift of a wig, and another for a pair of spectacles; and a wether having been stolen from him, he thought it fit to make a long poem of it, cursing, with fine vigour, the robber to a high gallows and a windy day.'

Tuairim 1739 ceapadh é ina chléireach nó ina bháille, b'fhéidir, sa chúirt i nGleann Maghair agus scríobh sé dán ag fáiltiú roimh Ardsirriam Chontae Chorcaí, John Colthurst. D'éirigh sé as an bpost tuairim 1742. Tuairimíonn Ó Donnchadha gurbh fhéidir go mbíodh an chúirt éigse ag giobadh as, á rá go raibh sé ag tacú leis an dlí gallda. Ach deir sé freisin go raibh baint ag an dóchas a bhí ag borradh i measc Seacaibíteach leis. I 1743 tháinig Seán Clárach Mac Domhnaill go Charraig na bhFear ar cuairt go dtí Cormac Spáinneach, tiarna talún agus cara Sheáin na Ráithíneach agus fear a thacaíodh leis an gcúirt éigse; ba mhinic é ina bhreitheamh ag na filí. Bhí lámh dheas Sheáin leonta go dona ag an am agus chuir sé an dán 'Beannacht le searc' chuig Seán Clárach faoi chúram Chormaic. Deir Ó Donnchadha: 'Is féidir a thuigsint ón duaineoig sin go raibh Cormac agus Seán Clárach i bpáirtíocht le chéile, agus cad eile a bheadh ar siúl acu ach obair ar son an Phretender?' Níor scríobh Seán na Ráithineach ach an t-aon amhrán Seacaibíteach amháin, 'Tá an bhliain seo ag teacht' agus níor bhac leis an bpolaitíocht i ndiaidh 1745. Deir Ó Raithbheartaigh faoin láimh leonta sin gurbh í faoi deara an dán is fearr dá chuid, 'Áireamh Eachtra an Ghalair'.

Bhí caidreamh aige le filí a linne: an tAthair Seán Ó Briain, Éamonn de Bhál a thugadh cuairt air go minic, Liam Rua Mac Coitir, le Liam an Dúna Mac Cairteáin agus a mhac Liam, agus leis na filí a d'fhreastalaíodh ar an gcúirt éigse sa Bhlarna, sa Teampall Geal agus i gCarraig na bhFear. Liam an Dúna a thug isteach sa chomhluadar sin é; Mac Coitir a lean Liam mar cheannfhile agus nuair a d'éag seisean i 1738 is é Seán na Ráithíneach a toghadh. I gCarraig na bhFear a thagadh an chúirt le chéile i rith a thréimhse. D'éag sé Meán Fómhair 1762 agus cuireadh é sa Teampall Geal. Tá na lámhscríbhinní a rinne sé san Acadamh Ríoga, i Leabharlann na Breataine, sa Leabharlann Náisiúnta, i gColáiste Ollscoile Chorcaí agus i Maigh Nuad. In Studia Hibernica 31, 2000-2001 tá ‘Duanaire Sheáin na Ráithíneach: Smut dá Stair agus den Damhna atá ann’ le Breandán Ó Conchúir.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú