ainm.ie focal.ie logainm.ie dúchas.ie gaois.ie scéalta nua/news · FIONTAR
printéir priontáil scáileán ar ais chuig leagan don scáileán printéir leagan furasta le priontáil NÍ BHRUADAIR, Gobnait (18611955)

Ba iníon Hon. Albina Brodrick leis an 8ú Bíocunta Middleton agus a bhean Augusta Mary Freemantle, iníon an chéad Bharúin Cottesloe. Deartháir do Ghobnait an chéad Iarla Middleton, duine de cheannairí Aontachtóirí an deiscirt i 1920. Rugadh í ag 23 Chester Square, Pimlico, Londain ar 16 Nollaig 1861. Bhí an t-athair, William Broderick, ina abhcóide ag an am de réir an teastais bhreithe. Bhí eastáit mhóra ag a muintir agus i gceann díobh, Peper Harrow i Sasana, a chaith Gobnait a hóige. Ach bhain sí le glún de mhná na huasaicme nár theastaigh uathu go mbeadh a gcuid tallann díomhaoin. Oileadh í ar bhanaltracht in Ospidéal Sráid Jervis i mBaile Átha Cliath. B’fhéidir gurbh é sin faoi deara di a cúl a thabhairt lena cine agus lena haicme féin.

Tháinig sí faoi thionchar Chonradh na Gaeilge agus chaith tamall i dTír Chonaill. Timpeall 1910 chuir sí fúithi in aice Dhoire Fhionáin i gCiarraí. Bhí an fiabhras breac forleata sa dhúiche agus théadh sí ó theach go teach ag fóirithint ar dhaoine. Chuir sí ospidéal á thógáil i West Cove timpeall 1911. ‘Baile an Chúnaimh’ a bhaist sí air. Fuair Gobnait féin go leor de dhua na tógála. Bhí sé ann go dtí na 1920idí deireanacha.

I 1916 rinneadh cinsireacht ar dhán léi in uimhir Bealtaine-Meitheamh den Catholic Bulletin. Tá leathanach bán ann agus a hainm leis. Protastúnach ba ea í agus b’aisteach véarsaí bheith aici in iris a raibh cáil an ultra-Chaitliceachais uirthi i measc a comh-Phrotastúnach. Ach ba thréith mhór inti an t-aisteachas: ar feadh 30 bliain chniotáileadh sí a chuid stocaí don Duinnineach; giobail éadaigh a chaitheadh sí féin de ghnáth; d’uachtaigh sí a maoin (£2,624) i 1940 ‘for the benefit of the Republicans as they were in the years 1919 to 1921’. Bhí tranglam dlí dá bharr san Ard-Chúirt ar 11 Eanáir 1979.

Ach chaithfí a rá freisin gur bhean mhisniúil, chairdiúil, sheiftiúil, thréitheach í. Bhí sí ina ball de Chumann na mBan agus de Chumann na Croise Báine. Fir ar a gcoimeád d’fhanadh siad ina teach, rud a tharraing fraoch na nDúchrónach uirthi. Goineadh í uair amháin nuair a mheall sí an tóir ina diaidh chun go n-éalódh duine eile. Chaith sí seal gearr i gCill Mhaighneann le linn an Chogaidh Chathartha. Bhí sí cairdiúil le daoine mar Dr Kathleen Lynn agus Dorothy Macardle—ar chuairt aici a bhí Dorothy nuair a bhí sí ag scríobh The Tragedies of Kerry. Toghadh í ina ball de Choiste Seasta Shinn Féin i 1926 agus ba í a bhí freagrach as Saoirse, páipéar poblachtach, a fhoilsiú i 1935–1937. Chuir sí comhar-shiopa d’fheirmeoirí ar bun. In ainneoin na n-imeachtaí sin bhíodh sí ag seinm an orgáin in eaglais na Snaidhme gach maidin Domhnaigh ar feadh na mblianta. Thug sí iasacht £200 do Choiste an Fhoclóra den Chonradh nuair ba mhór an tsuim é. Cainteoir líofa Gaeilge ab ea í, níorbh ionann agus go leor dá macasamhla a raibh ainm an náisiúnachais orthu.

D’éag sí ar 16 Eanáir 1955. Ar 4 Lúnasa 1968 nochtadh crois d’aolchloch os cionn a huaighe. De réir na hinscríbhinne ba iad ‘Saighdiúirí Phoblacht na hÉireann i gCiarraí Theas’ a chuir á tógáil í. Scríobh Pádraig Ó Loingsigh agus Pádraig Mac Fhearghusa a beathaisnéis, Gobnait Ní Bhruadair; the Honourable Albina Lucy Broderick, 1997.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

© Bunsonraí na mbeathaisnéisí: Cló Iar-Chonnacht (2014) · © An cóiriú leictreonach seo: Fiontar (2014) · Teagmháil: ainm@dcu.ie · facebook · twitter
Foirm aiseolais | Cartlann scéalta nuachta