Lúithnire, peileadóir. Tá eolas ina thaobh ag Daire Whelan i bhforlíonadh spóirt an Irish Times 15 Bealtaine 2004 (‘Recognition where due for modest champion’). Sa Siopa Dubh, in aice le Cathair Dónall, Co. Chiarraí, a rugadh é 27 Deireadh Fómhair 1903. D’fhéach Gobnait Ní Bhruadair chuige go gcuirfí oideachas air i Scoil Éanna agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha agus chaith tamall éigin i bpríosún i nDroichead Átha. Fuair sé post múinteora i Scoil Éanna, Baile Átha Cliath, i 1927 agus bhí ann go 1943. I 1930-32 d’imir sé ar fhoireann Chiarraí a bhuaigh ceithre chraobh Uile-Éireann sna luath-thríochaidí. I 1932 bhuaigh sé an cheathrú háit (49 troigh 3 órlach) sa léim fhada sna Cluichí Oilimpeacha i Los Angeles; i 1933 agus arís i 1934 bhuaigh sé craobh na hÉireann sa phreab, coiscéim agus léim agus sa léim ard. Deir Whelan go raibh sé in áirithe le pósadh. Tholg sé an eitinn agus d’éag 9 Meitheamh 1958. Cuireadh é i nGráinseach an Déin, Baile Átha Cliath. Gaeil Chiarraí a thóg leacht ag an uaigh i 1961 agus d’athchóirigh Cumann na gCiarraíoch an inscríbhinn Ghaeilge i 2004.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú