Seo é an file a chum ‘Beannaigh an longsa’ agus ‘Mór idir na haimsearaibh’. In Dánta Mhuiris Mhic Dháibhí Dhuibh Mhic Gearailt, 1979, tugann Nicholas Williams a bhfuil ar eolas ar a shaol. Mac le Dáibhí Dubh Mac Gearailt ba ea é. Dar le Williams: ‘Ó tharla gurb i mí an Mheithimh na bliana 1581 a fuair a athair bas, caithfidh gur roimhe sin a saolaíodh Muiris, nó ar a dhéanaí roinnt míonna ina dhiaidh.’ Tuairimíonn sé gurbh é Muiris an duine ba shine den triúr a bhí ag Dáibhí. ‘Más amhlaidh a bhí an scéal, ní foláir nó rugadh Muiris mac Dáibhí Dhuibh roinnt blianta ar a laghad roimh bhás a athar, 1581.’ Thug Richard Stanihurst (1547–1618) mar chur síos air: ‘Dauid Fitzgirald, vsuallie called Dauid Duffe, borne in Kerie, a ciuilian, a maker in Irish, not ignorant of musike, skilfull in physike, a good generall craftsman much like to Hippias ...’. In DIB, deir Williams ‘It is not known where Maurice was educated, though it is possible that he had a university education. His poetry would suggest that he had received some bardic training in Ireland.’[Deir Williams in DIB nach eol cár cuireadh oideachas ar Mhuiris ach gurbh fhéidir gur chaith sé tamall in ollscoil agus go dtabharfá leat ó dhánta a chum sé gur chaith sé tamall i scoil filíochta]. Bhí sé oilte ar dhlí freisin agus tá a cháil buanaithe sa seanfhocal, ‘Ní bhainfeadh Dáth Dubh aon cheart de’. Bhí teach agus gairdín ag Dáibhí sa Daingean agus ní cosúil go raibh sé féin ná Muiris go maith as sa saol riamh. Maraíodh Dáibhí in Achadh Deo 12 Meitheamh 1581 le linn éirí amach Iarla Dheasmhumhan agus b’éigean dá theaghlach aistriú go dtí an Phailís i gceantar Mhic Chárthaigh Mhóir agus in aice le Cill Airne.

Tá an tagairt seo dó ag Tomás Ó Rathile in Proceedings of the Royal Irish Academy XXXVI, C, 1922 (‘Irish poets, historians, and judges in English documents, 1538–1615’): ‘(a) “Morris mcDavid duffe,” in Co. Kerry, 21 Apl., 1601 [no. 4860], (b) “Morris McDa Duff, of Pallice, Ellean ny Owen, his wife, John Mc Da Duff of same,... Susanna ny Da Duff, of Kilecrydane, 14 May, 1601 [no. 6515]. This is almost certainly the well-known poet, Muiris (mac Dháibhí Dhuibh Mac Gearailt, together with his wife, brother and sister. “Pallice” is Pallis (an Phailis) to the west of Killarney, near Beaufort Bridge. Kilcredane is a few miles to the north, near the present railway station of Ballybrack.’ Roghnaíodh é le dul go dtí an Fhrainc le Sir Scon Mac Gearailt toisc é a bheith ‘ina dhuine uasal tréightheach ina theangthach mhaith’. Is dóigh go raibh Fraincis agus Spáinnis aige agus go raibh sé in ann Laidin a léamh. Tá ‘Beannaigh an longsa’ in Nua-Dhuanaire I, 1986. Deirtear gur ar long Uí Shúilleabháin Béarra a chum sé é agus é ar a bhealach chun na Spáinne.

Tá 13 dán a leagtar air i gcló ag Williams. Dánta molta cúpla ceann díobh – é ag gabháil buíochais de Dhónall Ó Briain na Duimhche a bhronn capall air (‘Fuaras each nách duaibhseach doirbh’) agus d’Ó Lochlainn Bhoirne, b’fhéidir, a thug claíomh dó (‘Do bronnadh damh cara coilg’). Is cosúil go raibh baint aige le Co. an Chláir agus síltear gurbh ón gcontae sin dá bhean. Tuairimíonn Williams gurbh ann a cuireadh ar altram é.

Is carachtar in Pairlement Chloinne Tomáis é agus leagadh an saothar sin air i roinnt lámhscríbhinní. Deir Williams nárbh é a chum: ‘... is follas gur sárealaíontóir a bhí in údar Pairlement Chloinne Tomáis, cé go gcaithfear a admháil nach bhfuil i Muiris mac Dáibhí Dhuibh ach mionfhile.’ Deir eagarthóirí Nua-Dhuanaire I, 1986: ‘Chum sé aoir dar tosach “Mór idir na haimscaraibh” ar an daoscarshlua a bhí ag éirí neartmhar sna bailte móra lena linn agus dá chionn sin tá sé ina phearsa i bPairlement Chloinne Tomáis...’. Is dóigh le Williams go raibh aithne ag údar an tsaothair ar Mhuiris agus go bhfágfadh sin crot na fírinne a bheith ar a ndeireann sé faoi Mhuiris. Tá ‘Beannaigh an longsa’ ag Charlotte Brooke in Reliques of Irish poetry ..., 1789. In Measgra Dánta I, 1927 roghnaigh Tomás Ó Rathile na dánta ‘Do bronnadh damh cara cuilg’ agus ‘Fuaras each nách duaibhscach doirbh’: tá an dán grá ‘Sguir dod shuirghe, lean dod leas’ aige in Dánta Grádha, 1926.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú