Is mar seo a labhair Pádraig Ó Fiannachta cois uaigh an Chéitinnigh 27 Bealtaine 1984: ‘Chosain sé an tAifreann dár thug ár muintir gean agus mhínigh sé é dá phobal. Léirigh sé uafás an bháis dúinn. Thar aon ní eile, áfach, shuimigh sé agus dhlúthaigh sé le chéile ár n-oidhreacht litríochta agus seanchais. Dhein sé é sin in Foras Feasa ar Éirinn. D’fhág sé an tseoid sin againn le bheith mar lóchrann sna haoiseanna dorcha a bhí le teacht. Thug na filí agus na scríobhaithe an cuntas buacach seo ar stair na hÉireann leo i bpár a gcuimhne agus ar phár a leabhar. Bhí sé mar shólás agus mar mhisneach acu .... Scaipeadh ar fud Éireann é, cóipeáladh agus léadh é i mbotháin scóir ... fiú i dtithe móra. Ba mhór mar a chothaigh sé mórtas ár gcine.’

Thug Dáithí Coimín eolas ar a bheatha sa réamhrá le heagrán Chumann na Sgríbheann nGaedhilge de Foras Feasa ar Éirinn in 1902 (an Coimíneach a chuir an chéad imleabhar in eagar; Pádraig Ó Duinnín a chuir eagar ar na trí himleabhair eile 1904–14). Nuair a tugadh athchló amach in 1987 chuir Breandán Ó Buachalla réamhrá leis. Sa tsraith ‘Saíocht ár Sean’ d’fhoilsigh Foilseacháin Náisiúnta Teoranta ‘Foras Feasa ar Éirinn’: Athnua (1982–3) ina gcuireann Pádraig de Barra ‘cruth an lae inniu’ ar an saothar sin. Chuir Osborn Bergin eagar ar Trí bior-ghaoithe an bháis: Three shafts of death by Geoffrey Keating (1931). Pádraig Ó Briain a chuir eagar ar Eochair-sgiath an Aifrinn (1898). Leabhar a chuireann béim ar fheabhas a scéalaíochta, agus leabhar ar cabhair í ag mic léinn chun dul i dtaithí a phróis, is ea Sgéalaigheacht Chéitinn: stories from Keating’s history of Ireland edited, with introduction, notes, and vocabulary (1909) le Osborn Bergin. Tá leabharliosta cuimsitheach ag Bernadette Cunningham in The World of Geoffrey Keating: history, myth and religion in seventeenth-century Ireland (2000) ach ní miste fíorbheagán de na haistí iomadúla a lua anseo. In Dúchas (1986) tá: ‘Seathrún Céitinn (c.1580–c.1644): an cúlra stairiúil’ le Donnchadh Ó Corráin; ‘Eochair-sgiath an Aifrinn’ le Pádraig Ó Fiannachta; agus ‘Seathrún Céitinn agus an stíl Bharócach a thug sé go hÉirinn’ le Tadhg Ó Dúshláine (tá na haistí sin i gcló freisin in Feasta, Deireadh Fómhair 1984). Tá cúig cinn eile d’aistí Uí Dhúshláine in irisí léannta liostaithe ag Cunningham agus is leis an gCéitinneach a bhaineann cuid nach beag dá leabhar An Eoraip agus litríocht na Gaeilge 1600–1650: gnéithe den bharócachas Eorpach i litríocht na Gaeilge (1987). Sa chaibidil ‘Pro Deo, pro Rege et Patria Hibernia Unanimis’ in Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603-1788 (1996) pléann Breandán Ó Buachalla a shaothar staire mar shampla ionadach Éireannach den staireagrafaíocht chomhaimseartha Eorpach agus diminsean polaitiúil comhaimseartha an tsaothair sin. Cunningham is mine a dhéanann cur síos ar a mhuintir, ar chúrsa a shaoil, agus ar an toradh a bhí ag Foras Feasa ar Éirinn, idir lámhscríbhinní, aistriúcháin agus athinsintí, ar chúrsaí in Éirinn anuas go 1740. Bhí an leabhar á chóipeáil chomh déanach le 1894.

Is cosúil gurbh é an tríú duine é den seachtar mac a bhí ag James fitz Edmund Keating, fear a raibh talamh go fairsing aige i mórán bailte fearainn i bparóisti Inis Leamhnachta agus Dheargrátha i mbarúntachtaí Uíbh Eoghain agus Uíbh Fhathaidh. Sloinne Normannach is ea Céitinn agus meas Sean-Ghaill a bhí ar mhuintir Chéitinn. Tugann Bernadette Cunningham breis eolais faoina mhuintir in Tipperary Historical Journal (2002) (‘Geoffrey Keating’s family connections’). Creidtear gur in aice leis an mBuirgéis, tuairim sé mhíle siar ó dheas ón gCathair, a rugadh é. Thomas O’Sullevane [Ó Súilleabháin q.v.] ba thúisce a dúirt sin in Memoirs of the right honourable the marquis of Clanricarde (1722); dúirt sé freisin go raibh scoil filíochta sa sráidbhaile sin le fada roimhe sin. Ba le muintir Mhic Craith, ollúna agus filí oidhreachtúla Bhuitléaraigh na Cathrach, an talamh san áit sin agus b’fhéidir gurbh iad a chuir oideachas ar Sheathrún; tá tuairimithe ag an staraí Kenneth Nicholls gur Chrathach ba ea a mháthair. Mhíneodh na teagmhálacha sin conas a chuir sé eolas ar an stair agus ar an bhfilíocht. Deir Cunningham: ‘Contact with the Meic Craith or their patrons, the Butlers of Cahir, might have allowed Keating socialise with other learned families such as Mac Bruaideadha, Ó Dálaigh, Mac Aodhagáin and Mac Eochagáin.’ Leagtar dánta molta agus caointe do Bhuitléaraigh áirithe ar Chéitinn. Ní luann Cunningham cár oirníodh ina shagart é. Deirtear in Nua-Dhuanaire 1 (1971) ‘gur bronnadh grádh sagairt air – nós a bhí coitianta in Éirinn ar feadh i bhfad – sula ndeachaidh sé thar sáile ag déanamh léinn’.

Chaith sé tréimhse fhada idir na blianta 1600 agus 1613 sa Fhrainc, mar mhac léinn in Reims, mar a bhfuair sé dochtúireacht le diagacht, agus ansin, mar mhúinteoir an chuid is mó den am, i gcoláiste na nÉireannach in Bordeaux a bunaíodh in 1603. Tháinig sé go mór faoi anáil theagasc ghluaiseacht an Fhrith-Reifirméisin agus tuairimítear gur sa Fhrainc a scríobh sé, i Laidin, b’fhéidir, nó a thionscain sé, Eochair-sgiath an Aifrinn. Is gnách an dáta 1610–13 a lua leis. Leagtar air Saltair Mhuire, aistriúchán ar The Rosarie of our Ladie. Otherwise called Our Ladies psalter with other Godlie excercises mentioned in the preface. (Antwerp 1600) le Thomas Worthington; tá sé i gcló ag Risteard Ó Foghludha in The Irish rosary XII–III (1908–9). Measann Ó Dúshláine gurb í Gaeilge Chéitinn atá ann agus déanann talamh slán de sin in The Irish in Europe 1580–1815 (2001) in eagar ag Thomas O’Connor (‘Devout humanism Irish-style: the influence of Sir Thomas More on Seathrún Céitinn’)

Deirtear anseo is ansiúd (The Catholic Encyclopaedia, mar shampla) go raibh sé ina shagart in Uachtar Rátha, paróiste Chnoc Rafann, dhá mhile ó thuaidh ón gCathair, in 1610 ach níl tagairt don áit sin ag Cunningham. Luaitear é i liostaí na sagart i dTiobraid Árann ó 1613 ar aghaidh. Thugadh sé seanmóirí ar fud an cheantair agus is ríchosúil go raibh sé ina shéiplíneach ag teaghlach saibhir. Tá fianaise ina shaothar gur ar dhaoine acmhainneacha a bhí a chuid scríbhinní dírithe. Cé go luaitear é a bheith ina shagart paróiste i dTiobraid, toisc baint ar leith a bheith aige leis an eaglais bheag ann, agus toisc gurb ann atá sé curtha, níl aon fhianaise gurbh eaglais pharóiste í. Ba é an Súilleabhánach úd a d’inis scéal an mhasla a thug sé d’Elinor Laffan, bean an Scuibhéara Mocler, agus é ag seanmóireacht ar pheaca an adhaltranais tuairim 1618 agus gurbh éigean dó dul ar a choimeád i nGleann Eatharlaí tar éis di é a ghearán lena leannán, larla Thuamhumhan, agus gurbh ann a scríobh sé Foras Feasa ar Éirinn. Is dóigh gur rud é a d’fhan sa bhéaloideas. Déanann Ó Corráin beag is fiú de: ‘Ach ní haon scéal nua mioscais ban i gcás préitséiri agus ní haon chruthú é seo go raibh tóir ar an gcléir ná géarleanúint á himirt orthu.’ Agus maidir leis an Foras Feasa a scríobh i bpluais sna Gaibhlte tuairimíonn Ó Buachalla in Aisling ghéar gurbh é Eoghan Ó Comhraí a chuir tús leis an bhfinnscéal sin, in Lectures on the manuscript materials of ancient Irish history (1861) agus deir sé: ‘Pé ní i dtaobh an bhaill inar bheartaigh sé an leabhar a scríobh, is cinnte agus is soiléir go raibh leabharlann chuimsitheach timpeall air agus é á scríobh aige.’

Chríochnaigh sé Trí bior-ghaoithe an bháis: Three shafts of death by Geoffrey Keating 2 Nollaig 1631. Ba é seo a mhórshaothar cráifeach, dar le Tadhg Ó Dúshláine, agus tar éis dósan scagadh a dhéanamh ar theideal, téama, foinsí, ábhar agus stíl an leabhair deir sé: ‘Mar thoradh ar sheisiún 23 de Chomhairle Thrionta cuireadh bonn faoi oideachas foirmeálta na sagart; reachtáladh na coláistí traenála ar an modh Íosánach agus eagraíodh na cúrsaí de réir an ratio studiorum. Múnlaíodh an athbheochan Chaitliceach agus an ghluaiscacht bharócach as an gcúlra leasaithe sin. Earra glan amach as an múnla céanna is ea TBGB, agus tá bonn leathan léitheoireachta agus léinn chomhaimseartha faoi’ (An Eoraip agus litríocht na Gaeilge 1600–1650: gnéithe den bharócachas Eorpach i litriocht na Gaeilge, 1987). Bhíodh ar mhic léinn na hÉireann in Bordeaux a bheith rannpháirteach sna searmanais a bhain leis an mbás. Ag tagairt dó sin agus do Trí bior-ghaoithe an bháis deir Cunningham; ‘Faced with this task, or ministering to students whose task this was, it is perhaps not surprising that one of Geoffrey Keating’s lengthy theological writings would be a meditation on death.’ Deir sí freisin gur ar na seacht bpeacaí marfacha a chuireann sé an bhéim go léir, murab ionann agus Aodh Mac Aingil arb iad na Deich nAitheanta is rogha leis in Scáthán shacramuinte na hAithridhe.

Ta tagairt i ndíonbhrollach Foras Feasa don leabhar Chronicle of Ireland (1633) le Meredith Hanmer. In 1635 a tosaíodh ar chóip a dhéanamh den ‘Foras’. Meastar mar sin gurbh in 1634 a bhí dlús curtha aige lena stair. Sa bhliain chéanna sin a rinneadh dó an chailís airgid (atá san ardeaglais i bPort Láirge) agus an inscríbhinn seo uirthi: ‘Dominus Galfridus Sacerdos Sacrae Theologiae Doctor me fiere fecit, 23 February 1634’. Seans go bhfuair sé pátrúnacht, ó Bhuitléaraigh na Cathrach, b’fhéidir. Tuairimítear go bhfuair sé cabhair ó mhuintir Maolchonaire, scríobhaithe i gContae an Chláir. Deir T.F. O’Rahilly in Desiderius, otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh (1941): ‘Keating appears to have had close relations with Seán mac Torna and other members of the Clare branch, who made numerous transcripts of his works (one might almost say acted as his publishers), and it is quite possible that this association with a family hereditarily devoted to Irish letters has left its mark on Keating’s style.’ Fuair sé cabhair freísin ó Chonall Mac Eochagáin. Is léir, ar aon nós, nárbh fhéidir leis a shaothar a dhéanamh gan cabhair ó theaghlaigh a raibh lámhscríbhinní mar Saltair Chaisil ina seilbh. In Éigse, geimhreadh 1944 (‘Printed Sources of Keating’s Forus Feasa’) agus samhradh 1945 (‘Sources of Keating’s Forus Feasa ar Éirinn 2: Manuscript sources’) pléann agus liostaíonn Anne Cronin foinsí agus cuireann i gcomparáid le chéile Céitinn agus Michél Ó Cléirigh maidir le húsáid na bhfoinsí sin. Glactar leis go raibh caidreamh acu ar a chéile. Deirtear coitianta gur thaistil sé Éire agus go bhfuil fianaise le fáil ar é a bheith tamall éigin i ngach ceann de cheithre chúige na hÉireann.

Is é an fáth ar thionscain sé an leabhar ná chun fíorstair na hÉireann a insint agus chun cur in aghaidh thuairiscí bréagacha Giraldus Cambrensis agus na dtráchtairí a lean é anuas go dtí aimsir Chéitinn féin. Aidhm eile a bhí aige Gaeil agus Sean-Ghaill a chomhcheangal faoin ainm ‘Éireannaigh’. ‘Bhí na Gaeil is na Sean-Ghaill araon le háireamh i measc “áititheoirí” na hÉireann, mar Éireannaigh; ní raibh na Nua-Ghaill. Bonn reiligiúnda a bhí leis an idirdhealú sin: san fhírtheist “ar Éireannchaibh” ba ghá a áireamh “a mbeith daingean san gcreideamh Catoileaca”. Ní téarma cuimsitheach ag Céitinn é Éireannach más ea, ach téarma eisiatach ...’ (Ó Buachalla).

Deir Seán Ó Tuama in An Duanaire 1600–1900: Poems of the dispossessed (1981): ‘Bíodh nár chum sé líon mór dánta, caithfear Seathrún Céitinn a áireamh ar dhuine de na húdair mhóra is túisce a bhain leas as na meadarachtaí “nua” aiceanta i gcuid shubstaintiúil dá shaothar fileata.’ Chuir Eoin Cathmhaolach Mac Giolla Eáin eagar ar 18 de dhánta a leagtar air in Dánta, amhráin is caointe Sheathrúin Céitinn dochtúir diadhachta (1570-1650 A.D) (1900). Tá na trí cinn is aitheanta dá leagtar air i gcló in Nua-Dhuanaire I: ‘A bhean lán de stuaim’, ‘Mo bheannacht leat, a scríbhinn’, agus ‘Óm sceól ar ardmhagh Fáil’. Deir Declan Kiberd (Irish Classics, 2000) gur sa dán deiridh sin agus as leabhar Mhic Giolla Eáin a fuair James Joyce an abairt ‘Ireland is the old sow that eats her farrow’ (‘Deor níor fágadh i gclár do bhrollaigh mhínghil / nár dheólsad ál gach cránach coigríche’). Leagtaí ‘Múscail do mhisneach, a Bhanbha’ air tamall ach glactar coitianta leis anois gurbh é Pádraigín Haicéad a chum. Níltear cinnte gurbh é Céitinn a chum ‘Milis an teanga an Ghaedhealg’. Deir Cunningham: ‘While it is unlikely that the attribution of these verses to Keating is accurate, the fact that such a poem was attributed to him by later generations emphasises Keating’s reputation as one who valued and thereby enhanced the status of the Irish language.’ Leagtar air freisin; ‘Mo thruaighe mar atá Éire’ agus ‘Mór antrom Inse Bhanbha’.

Níl a fhios cathain a fuair Céitinn bás. Cuireadh plaic ar bhalla an tseanséipéil i dTiobraid in 1644 agus an inscríbhinn seo uirthi: ‘Orate pro animabus Patris Eugenii Duhy vicarii de Tybrad et Domini Doctoris Galfridii Keating huius sacelli fundatorum necnon et pro omnibus aliis tam sacerdotibus quam laicis quorum corpora un codem iacent Sacello, Anno Domini 1644.’ Is in 1644 nó roimhe sin a d’éag sé mar sin. Cuireadh suas plaic eile ar dhroichead sa Bhuirghéisigh in 1990. Tá i músaem Choláiste Phádraig, Maigh Nuad, éidí Aifrinn arbh fhéidir gur leis an gCéitinneach iad.

Is minic a tugadh ‘Herodotus na hÉireann’ air. Staraí neamhchriticiúil a bhí ann, dar le Donnchadh Ó Corráin, ach deir an scoláire sin: ‘Ní gnó gan tairbhe Forus Feasa ar roinnt cúiseanna. Dhein saothar so Chéitinn – de bhrí go raibh an chaint simplí, so-thuigse, séimh – éacht ag coinneáil beo cuid mhaith de sheanchas na hÉireann i measc an ghnáthphobail san aimsir dhéanach.... Chomh maith leis sin, thug Céitinn slán leis ina shaothar roinnt cáipéisí ar stair eaglasta na hÉireann ná fuil le fáil in aon bhall eile. Agus gan amhras níl a shárú le fáil mar shampla de stíl phróis Ghaelaigh ab fhearr lena linn.’ Deir Tadhg Ó Dúshláine (Feasta, Deireadh Fómhair 1984): ‘Is é an Céitinneach an té is tábhachtaí go fada de na himircigh intleachtúla sin ó Éirinn san 17ú haois, mura mbeadh ann ach toirt a shaothair.... Idirghabhálaí tábhachtach idir an traidisiún dúchais agus an traidisiún iasachta ba ea an Céitinneach; chuir sé ar chumas filí mar Mhuiris Mac Dáibhí Dubh Mac Gearailt an nua-Léann a ghlacadh chucu féin ina saothar; ba fhoinse inspioráide é ag Dáibhí Ó Bruadair ag deireadh an 17ú haois; b’é Dr. Céitinn an Foras Feasa é a raibh níos mó measa air ná ar an mBíobla féin i ndúluachair an 18ú agus an 19ú haois ...’. Mórán an rud céanna atá le rá ag Ó Corráin: ‘Duine den nua-aois agus mórán de chultúr na meánaoiseanna ina cheann aige, duine de Shean-Ghaill ach é ina lán-Ghael ó thaobh saíochta agus litríochta.’ Deir Ó Buachalla (1987): ‘Not only did Keating successfully assimilate in one continuous narrative the various strata and components (mythology, hagiography, genealogy, folklore, chronology, topography) of traditional lore, but he masterfully recast that narrative in an intelligible modern idiom .... The popularity of FFÉ down through the centuries and its centrality to the literary tradition derive not only from the importance of the contents, but also, we may assume, from the intrinsic literary qualities of the medium. For Keating’s primary aim, that of ensuring the history of Ireland and her people did not go unrecorded, was executed with an unprecedented and unsurpassed felicity of language and style. It is indeed no exaggeration to apply to him the appellation “The father of modern Irish prose”.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú