Chuir Tadhg Ó Donnchadha (‘Torna’) eagar ar dhánta an mhórfhile seo in Saothar Filidheachta an Athar Pádraigín Haicéad, 1916. In Filíocht Phádraigín Haicéad, 1962 d’fhág Máire Ní Cheallacháin ar lár trí dhán nár de dhéantús Haicéad iad, dar léi, agus chuir dhá dhán ina n-áit. Ba dhóigh léi nárbh é a chum ‘Aithrí Phádraig Haicéad’; níor chum sé aon dán cráifeach. Tá cuntais air in Dúchas 1986; ag Nicholas Canny (‘Pádraigín Haicéad: an sagart agus an file i gcomhthéacs a aimsire’); ag Aibhistín Valkenburg O.P. (‘Pádraigín an Doiminiceach as Caiseal Mumhan’). Gheofar cuntas air in The Irish Dominicans 1536–1641, 1993 le Thomas S. Flynn. Cuireann Seán Ó Tuama béim áirithe ar a chaidreamh ar Bhuitléaraigh in Repossessions..., 1995 (‘Gaelic Culture in Crisis: the Literary Response’). Ag Valkenburg is mó atá buneolas ar a shaol. D’fhoilsigh Michael Hartnett leaganacha Béarla de 49 dá dhánta (Haicéad, 1993).

I mBaile Tarsna an Haicéadaigh in aice le Caiseal, Co. Thiobraid Árann, a bhí cónaí ar a athair James Haicéad FitzPiers. Ainm coitianta le fada i measc a shinsear ba ea Pádraigín, mar is léir ar an ngiota de ghinealach a scríobh Eoghan Ó Caoimh agus atá i gcló ag Ó Donnchadha. Deirtear de ghnáth gur leis na Sean-Ghaill a bhain sé. Deir Valkenberg: ‘Ach tá Pádraigín báite i seanchas a chine. Cá bhfuair sé an t-eolas ar an rúraíocht, ar an bhFiannaíocht, ar na sean-scéalta is airnéis dá shaothar? Taobh a mháthar, déarfá. Ach cérbh í féin? Bhí an t-ádh orm agus freagra ar an gceist sin d’aimsiú tá mí ó shin ann.’ Ba í Mairéad Ní Chearna a mháthair; b’as an mBaile Beag dá hathair agus b’as an gCnocán Glas ina aice le Fiodh Ard dá máthair, ar Chearnach í freisin, agus bhí gaol cleamhnais ag a muintir le craobh de Bhuitléaraigh Dhún Búinne. D'aistrigh a uncail (Michael Kearney) Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn go Béarla. Dlúthchara le Pádraigín le linn a óige ba ea oidhre Dhún Búinne, Éamonn Mac Piarais nó ‘Éamonn an Chuirnín’ (d’éag 1640). Deir Canny gur tháinig roinnt ceantar slán ó thionchar iomlán na n-athruithe dlí a bhí á gcur i bhfeidhm ag an rialtas agus ó na hathruithe cultúrtha agus sóisialta a lean iad, go speisialta an ceantar faoi thiarnas Bhuitléaraigh Urmhumhan mar ar chaith Haicéad a óige.

Ba é Pádraigín an dara mac ag James Haicéad FitzPiers; fuair a mháthair bás ar an tríú leanbh. Deir sé féin gurbh é a bhí ann ina ghasúr ‘splinidhe mílitheach tréithlag truagh.’ Is dóigh le Valkenburg go raibh sé tamall ar altramas i gcaisleán Buitléarach Chill Teimhneáin trí mhíle ar an taobh thoir theas d’Fhiodh Ard. Timpeall 1625 chuaigh sé isteach sna Doiminicigh i Luimneach; deir Valkenberg nach i gCúil Raithin a bhí sé, mar atá ag Torna agus ag údair eile. Beirt eile ó Thiobraid Árann a bhí ag dul le sagartacht ann ba ea a chol ceathracha, Pádraig Ó Cearna, agus Eoghan Baiste Haicéad ó Fhiodh Ard. Chuaigh sé as sin go coláiste a bhí ag Doiminicigh na hÉireann i Lováin. Scríobh sé dán do ‘cuideachtain Chaptaoin Cairí’ a bhí leis ar an mbóthar ó Londain go Canterbury i 1628. Ón bpointe sin tá léiriú leanúnach ar shaol an fhile le fáil sna dánta. Ba dhóigh le Torna gurbh i Lováin a chuir sé eolas ar an dán díreach. Deir Canny: ‘Tá a fhios againn go raibh sé líofa sa Ghaeilge, sa Bhéarla, agus sa Laidin; chomh maith leo siúd tá gach uile sheans ann go raibh eolas aige ar an bhFraincis, ar an Spáinnis agus b’fhéidir ar an mBriotáinis agus ar an bPléimeannais freisin.’

Bhí sé tamall in Morlaix sa Fhrainc. Is léir ón dán ‘I san bhFraingc im dhúsgadh damh / i nÉirinn Chuinn im chodladh’ go raibh cumha air i ndiaidh na hÉireann. Chuireadh sé dánta abhaile. ‘Thar sáile i dtír iasachta is ea tháinig an Haicéadach ar Éirinn, a thír dhúchais’, a deir Valkenberg. D’fhill sé i 1638 mar shagart misinéireachta agus bhí ina phrióir sa mhainistir i gCaiseal. Roimh 1641 ní bhaineann a dhánta le polaitíocht na hÉireann. ‘Tagann an dán “Iar dtionsgnadh don chogadh so na hÉireann insa Bhliadhain 1641”, a bhí mar ghlaoch galltrumpa chun cogaidh do na Caitlicigh Éireannacha, go tobann orainn, beagnach chomh tobann agus a tháinig 1641 féin ar an daonra coilíneach in Éirinn’ (Canny). Ceapadh é ina Ard-Phraeitséir i 1644. Deir Canny go raibh sé ina thaca seasmhach le cur chun cinn chúis na gCaitliceach le lámh láidir i rith 1641–51: ‘Sa scoilt sa Chomhdháil thaobhaigh an Haicéadach le páirtí na Sean-Ghael. Labhraíonn sé ó chroí sa dán cumasach “Músgail do mhisneach, a Bhanbha”. Dán fada é, ocht scór líne, den fhilíocht ard. Tá reitric agus réasúnaíocht ghlan ann, agus bua na samhlaíochta a sháraíonn d’aon iarracht amháin cumadóireacht stuama na seanbhard agus an tanaíocht intleachtúil a bhíonn ag siúl le filíocht na hochtú aoise déag.’ Thacaigh sé go láidir le Rinnucini, nuinteas an Phápa. D’fhreastal sé ar chruinnithe na hArdchomhairle i gCill Chainnigh agus ghríosaigh na heaspaig chun gan géilleadh do Mharcas Urmhumhan agus dá lucht leanúna. Bhí deartháir a mháthar, Pádraig Ó Cearna, ina Chléireach Poiblí ag an Ardchomhairle agus é ar thaobh Mharcas Urmhumhan. Tuairim 1646 a scríobh sé an dán ‘Músgail do mhisneach, a Bhanbha’ arbh é a theideal: ‘Iar bhfoilsiú a bhfill agus a bhfionaíola i ndéanamh síochána le heiricigh agus iar dtógáil a gcinn don drong ar a dtugtar an Faction .i. lucht leithleachais do dheighil, i gceilg agus i mbriseadh mionn, iad féin amach as an gcorp Caitliceach ar a dtugtar an Confederation .i. as an gcomhcheangal síthe agus cabhrach agus comhail do rinneadar Éireannaigh eatarthu féin faoi mhóidibh Bíobla Dé um cogadh do dhéanamh ag cosnamh an chreidimh fhírinnigh in Éirinn’ (an litriú leasaithe ag na húdair).

Timpeall 1647 chuir Comhairle Chluain Meala i leith an Haicéadaigh agus beirt Doiminiceach eile go raibh siad ‘ag iarraidh dochar a dhéanamh, ag cothú achrainn i measc na saighdiúirí le cruinnithe poiblí agus le conbharsáid phríomháideach, agus go mórmhór leis an drochshampla a thugann a ndrochbheatha neamhchráifeach do gach aon duine’ (Ní Cheallacháin). D’iarr siad ar an Nuinteas ‘cosc a chur leis an drochshampla seo sula loitfí a údarás chomh maith lena arm’. D’fhill sé ar Lováin i 1651. Deir Alan Harrison in The Field Day anthology of Irish writing, 1991: ‘He was ordered to return to the Continent in 1651 to answer charges against him of acting against the interests of the Dominicans by his partisan interventions in the politics of the time.’

I 1652 ainmníodh é ina theachta Éireannach chuig an gCaibidil Ghinearálta sa Róimh agus d’iarr sé cead filleadh ar Éirinn chun dul i gcomhairle lena bhráithre. Níor tugadh sin dó toisc an ghéarleanúint a bhí ar siúl ag an am. Ní rómhaith a bhí sé ag réiteach le húdaráis Lováin. Scríobh sé chuig Risteárd Ó Fearghail. staraí Caipisíneach, um Shamhain 1652 go raibh leabhar ar chúrsaí na hÉireann beartaithe aige agus ghearáin sé an tOrd toisc gur chuir siad ina choinnesean. Shíl sé freisin nach raibh ceart le fáil aige óna phroibhinsial, agus le cabhair an Athar Pádraig Ó Cearna, a chol ceathar, sheol sé gearán chuig ceann an Oird. Cuireadh fiosrú ar bun ach d’éag sé i lár mhí na Samhna 1654 sula raibh aon toradh air. Deir Valkenberg: ‘Léirigh an fiosrú nach raibh bunús le cúiseamh an ghearánaí. Saobhadh céille a bhí ag gabháil dó a dúirt proibhinsial na hÍsíltire.’ Is dóigh gurbh é Pádraig Ó Cearna a bhailigh a dhánta le céile agus a sheol go hÉirinn iad. Deir Flynn: ‘In collaboration with Baothghalach óg Mac Aodhagáin, O.F.M., he wrote a Latin Annals of the Kingdom of Ireland, a work later lost.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú