Scríobh an staraí Brendan Bradshaw aiste dar teideal ‘Manus “The Magnificent”: O’Donnell as Renaissance Prince’ (in Studies in Irish history presented to R. Dudley Edwards, 1979 in eagar ag Art Cosgrove agus Donal McCartney) le taispeáint nach fior do staraithe a déarfadh nach raibh éifeacht ar bith ag Athbheochan an Léinn ar Éirinn. Cuireann sé Maghnas i gcóimheas le haircitípeanna i measc phrionsaí na hEorpa le linn na hAthbheochana: ‘Machiavelli’s hard-headed political entrepreneur, Erasmus’s scholarly christian ruler. Castiglione’s prince-aesthete, all of these, in varying degrees, was Manus O’Donnell.’ Is sa chomhthéacs sin a rianaíonn Bradshaw cúrsaí uile a shaoil, idir chogaí, pholaitíocht, thaidhleoireacht, an caisleán a thóg sé, chleamhnais, dhánta grá agus eile, agus leabhar Mhaghnais, Betha Colaim Chille. Maidir le ‘magnificent’ i dteideal na haiste úd tugann Bradshaw cur síos fhear ionaid an rí. Anthony St Leger, in 1541 ar a fheisteas: ‘A coat of crimson velvet with aglets of gold, twenty or thirty pair, over that a great double cloak of right crimson satin, girded with black velvet [and] a bonnet with a feather, set full of aglets of gold.’ Tá fairsingiú, idir am agus ábhar, déanta ag Darren Mac Eiteagáin ar théis Bradshaw in Donegal: history and society (1995) in eagar ag Nolan, Ronayne agus Dunlevy (‘The Renaissance and the late medieval lordship of Tír Chonaill 1461–1555’), go háirithe maidir le taidhleoireacht, saibhreas, taisteal, ról na bhFroinsiasach, na chéad ghunnaí móra ag Gaeil, agus leathnú chumhacht na gConallach. In Léachtaí Cholm Cille XV: Ár Naomhsheanchas (1985) tá aiste ag Pádraig Ó Fiannachta (‘Betha Choluimb Chille’); molann an t-údar sin aiste Bradshaw ach deir faoi leabhar Mhaghnais: ‘B’fhéidir go dtéann Brendan Bradshaw rófhada leis an scéal nuair a deir sé gur saothar faoi inspioráid na hAthbheochana í an bheatha agus go bhfuil aidhm leasaithe léi. Is léir gur mó de nádúr an naomhsheanchais agus an naomhlaochais thraidisiúnta atá inti.’

Is i gcomhthéacs a scríbhneoireachta amháin is minice a dhéantar trácht ar Mhaghnas, de bhrí gur chuir Betha Colaim Chille comaoin an-mhór ar phrós na Gaeilge. Ba é an chéad saothair próis sa Ghaeilge é a raibh ainm údair leis. Chuir Seán Mac Colgáin a aistriúchán Laidine ar leabhar Mhaghnais in Acta Sanctorum (1645). Cuireadh an bunleabhar i gcló den chéad uaír, in eagar ag Aindrias Ó Céileachair agus Gertrude Schoepperle, in Chicago in 1918: Betha Colaim Chille. D’fhoilsigh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath macasamhail den eagrán sin in 1994, agus in 1981 chuir Anraí Mac Giolla Chomhaill eagar ar Beatha Cholm Cille, sleachta as Betha Colaim Chille i litriú an lae inniu. Chuir Brian Lacey aistriúchán nua Béarla ar fáil in The life of Colum Cille (1998). In ‘Love in the Medieval Irish Lyric’ (Repossessions: selected essays on the Irish literary heritage, 1995) tá curtha síos ag Seán Ó Tuama ar na dánta grá a scríobh sé.

‘Maghnus, mac Aodha, mhic Aodha Rua, mhic Néill Ghairbh, mhic Toirealaigh an Fhíona Uí Dhomhnaill’ a thug sé air féin in Betha Colaim Chille. Tuairim 1490 a rugadh é agus ba é an mac ba shine é ag Aodh Dubh Ó Domhnaill (d’éag 5 lúil 1537 de réir Annála Connacht), ‘tiarna Thír Chonaill agus Íochtar Chonnacht agus Fhear Manach agus Chineál Muáin agus Inis Eoghain’. Tháinig sé in aois oirbhirt go luath; in 1510–11 bhí sé ag feidhmiú thar ceann Aodha Dhuibh a bhí ar oilithreacht chun na Róimhe ar feadh 18 mí. Chaith sé suas le fiche bliain ag tacú lena athair chun cur le flaithiúnas Uí Dhomhnaill i gConnachta, agus sa tseanchoimhlint le hUí Néill. Thabhaigh sé cáil náisiúnta dó féin i rith an achair sin. In 1527 bhí sé ag tógáil an chaisleáin úd i Leifear a bhfuil trácht ar a breáthacht ag Tadhg Dall Ó hUiginn. Ó 1531 amach bhí sé féin agus Aodh Dubh i gcogadh le chéile. Is é míniú Bradshaw air sin: ‘The early 1530s, when things began to go badly wrong for the O’Donnell lordship, usher in a new phase in Manus’s career, a phase that illustrates the amoral and power-oriented character of Irish politics and Manus’s ability to thrive within such a system. The indeterminacy of the arrangements for the transference of rule within the Gaelic system facilitated the kind of free enterprise politics that characterised the Italian Renaissance.’ In aiste in Comhar, Lúnasa 1957 (‘Maghnus Ó Domhnaill’) deir Gearóid Mac Níocaill: ‘Cinnte, tig linn glacadh leis nach beag an tionchar a bhí ag an snaidhm chleasaíochta is foréigin a bhí comónta sa tír uilig le linn a óige, is roimpi is ina diaidh: is luath a d’fhoghlaimeodh sé an coup d’état – nach amhlaidh a fuair a sheanathair féin tiarnas Thír Chonaill?’

Ba chuid den pholaitíocht sin sa troid in aghaidh a athar, b’fhéidir, gur phós sé Siubhán, iníon le Con Bacach Ó Néill, taoiseach. In 1537 gaireadh ina rí é i ndiaidh an athar, ‘do chead et do chomhairle Chonallach agus chomharbaí Cholm Chille amhail ba dhual dó’. Ba ghairid go raibh sé ag iarraidh an lámh uachtair a fháil arís in Íochtar Chonnacht. Bhí drochamhras an rialtais tarraingthe aige air féin de bharr na troda lena athair. Thug sin an deis dó páirt a ghlacadh sa Léig Ghearaltach, ar sheasamh dúshlánach in aghaidh an stáit Túdaraigh é. An aidhm a bhí acu, Gearóid, leasdeartháir óg Thomáis an tSíoda (a cuireadh chun báis i dTúr Londan 3 Feabhra 1537) a bheith ina Iarla ar Chill Dara, faoi deara an chomhghuaillíocht láidir seo idir taoisigh Gael agus Gall. Arís, ba chuid de thaidhleoireacht Mhaghnais é gur phós sé in 1538 Eileanóir, baintreach Mhic Cárthaigh Riabhaigh agus deirfiúr Ghearóid Óig (1487–1534). Iarla Chill Dara; d’fhág sin ina chomhchaomhnóir é ag Gearóid, an 1ú hlarla, rud a dhaingnigh an caidreamh le Con Ó Néill agus na taoisigh eile. Tá cur síos ag Maura Carney in Irish Historical Studies, Márta 1943 (‘Select Documents III: Agreement between Ó Domhnaill and Tadhg Ó Conchubhair concerning Sligo Castle [23 June 1539]’) ar a thábhachtaí a bhí comhghuaillíocht Uí Dhomhnaill agus Uí Chonchubhair mar chuid den Léig Ghearaltach. I Lúnasa 1539, áfach, bhris an Tiarna Leonard Grey cath ar Ó Néil agus Ó Domhnaill i mBéal Átha hÓ in Oirialla, rud a mhaolaigh ar dhiograis Mhaghnais, ní foláir. Faoi 1540 d’oir dó an Léig a thréigean agus d’fhág Eileanóir é. Faoin am seo bhí sé sách cumhachtach chun dul i mbun margála leis an rialtas; bhí sé ar na taoisigh ba thúisce a ghlac lena bpolasaí surrender and regrant agus is dó an tagairt sa dán cáiliúil ‘Fúbún fúibh a sluagh Gaoidheal’: ‘Ó Domhnaill Átha Seanaigh / nár ob deabhaidh ná doghraing, / d’Éirinn fa mór an t-amhghar, / do mheath Maghnas Ó Domhnaill. / Fúbún fán ngunna nGallghlas, / fúbún fán slabhra mbuidhe, / fúbún fán gcúirt gan Bhéarla / fúbún séanadh Mheic Mhuire.’ Tá macalla den bhfobún sin i dteideal dhráma Sheáin Uí Thuama, Gunna cam agus slabhra óir. Gheall Rí Séamus V na hAlban gunnaí dó in 1537 agus d’iarr sé slabhra óir ar Anraí VIII in 1542.

Faoi 1548 bhí ag teip ar a shláinte agus níorbh aon chabhair dó a mhac Calbhach; lean seisean sampla Mhaghnais féin, thug dúshlán a athar agus ar deireadh thiar thug sé gunna mór (‘gunna cam’) agus gallóglaigh ó Albain agus b’éigean do Mhaghnas géilleadh. D’éag sé 9 Feabhra 1563 agus cuireadh i mainistir na bhFroinsiasach i nDún na nGall é.

Ba é údar Betha Cholaim Cille é; is faoina threoir a scríobhadh é, i gCaisleán Phort na dTrí Namhad, Leifear, Co. Dhún na nGall in 1532. Deir Ó Fiannachta nach foláir nó go raibh leabharlann sa chaisleán sin. Sa réamhrá miníonn Maghnas: ‘Bíodh a fhios ag lucht na beatha seo gurb é Maghnas... a d’fhoráil an chuid do bhí i Laidin den bheatha seo a chur i nGaeilge, agus a d’fhoráil an chuid a bhí go crua i nGaeilge di a chur i mboige ionnas go mbeadh sí solas[mhar] sothuigthe do chách uile.’ É féin, deir sé, ‘a thiomsaigh agus a thionóil an chuid a bhí spréite ar feadh sheanleabhar Éireanna di, agus a dheachtaigh as a bhéal féin í, ar bhfáil saothair rómhóir uaithi, agus ar gcaitheamh aimsire faide léi, á staidéar conas a chuirfeadh sé gach aon chuid ina hionad iomchuí féin amhail atá scríofa anseo síos’ (i litriú an lae inniu ag na húdair). Molann Ó Fiannachta ‘ailtireacht’ an ábhair sa bheatha seo, pléann foinsí agus tarraingíonn aird ar na difríochtaí agus na cosúlachtaí idir í agus saothar Laidine Adhamhnáin go háirithe.

In Irish men of learning (1947) (‘Two Franciscan Manuscripts’) níl Pól Breathnach sásta an chuid is mó den chreidiúint mar údar a thabhairt d’Ó Domhnaill: ‘Magnus Ó Domhnaill “composed it out of his own mouth.” The sentence sounds like a description of a modern novel-writer dictating to a stenographer or typist. We may be sure that it was not in this way the book got its permanent form. The co-operators, or the principals among them, doubtless wrote the Life, and perhaps read the finished product to Maghnus, and the latter may even have recited or read it as it was presented to him. I have no hesitation in saying that the real situation is reversed in this paragraph; the nobleman is made to play the part of principal, while the translators and the delvers among ancient authorities remain nameless behind the scenes.’

In Gaelic literature surveyed deir Aodh de Blacam: ‘The result is a vivid and fascinating book, written in language that the Gaelic speaker of today can read with but little difficulty, since it is not the artificial Gaelic of the professional historians, but the very speech of the people, that has changed comparatively little since the days in which the book was written.’ Sa tulrá i leabhar Mhic Giolla Chomhaill deir Tomás Ó Fiaich: ‘Seo an saothar litríochta ón 16ú haois is cosúla le “caint na ndaoine”. Is é is cóngaraí do chanúint bheo Ghaeltacht Thír Chonaill. Ní fhéadfá é a léamh gan do chumas scríbhneoireachta sa teanga a shaibhriú.’ Sa chur síos is faide dá ndearnadh ar stíl Uí Dhomhnaill níl lua ag Caoimhin Ó Góilidhe (‘Stílithe Gaeilge Uimh.2: Mághnus Ó Domhnaill’ in Comhar, Meán Fómhair 1948) ar chaint na ndaoine ar chor ar bith ach ar an bprós ‘is breátha dár cumadh riamh sa Ghaeilg’. Déanann sé comórtas le Céitinn: ‘Chífímid, ach sin a dhéanamh, go raibh na foirmeacha a d’úsáideadh Mághnus Ó Domhnaill ní ba shímplí ná foirmeacha Chéitinn, go raibh an prós níb’ úire, níba nua-aimseartha, agus níba bheo ag Mághnus Ó Domhnaill, agus níba dhírí leis.... Chuir Mághnus Ó Domhnaill tosach le ré an ardphróis sa nua-Ghaeilge agus caithfear a admháil gur dhein sé a ghnó go breá.’

Cén fáth ar thug sé faoin saothar seo? An freagra a bhí aige féin go raibh gá leis ó tharla gur i Laidin agus i gcrua-Ghaeilge amháin agus anseo is ansiúd ar feadh seanleabhar a bhí an t-eolas scríofa le fáil agus gur loisc agus gur mhill Danair go leor eile. Fáth eile gur chun dúthracht a dhéanamh do Cholm Cille, a chomhbhráthair ginealaigh agus a phátrún grách féin, a rinne sé é. Chuirfeadh an dúil a bhí aige i nGaeilge shimplí shothuigthe i gcuimhne a mbíonn le rá ag gníomhairí an Fhrith-Reifirméisin. Bhí Gutenberg marbh le 66 bliana, Caxton le 34 bliana agus d’imeodh 35 bliana eile sula gclóbhuailfí leabhar Gaeilge. Cá bhfios, fear a tháinig faoi anáil Athbheochan an Léinn, nach raibh tuairim aige go gcuirfí cló ar Betha Colaim Chille? Scríobh T. O’Neill in The Irish Hand... (1984): ‘The writing, obviously the work of the best scribe available, is in a beautiful formal hand, very even and rhythmic. The text is laid out in paragraphs, which is unusual but may have been influenced by the page layout in printed books in O’Donnell’s library’ (i gcló ag Mac Eiteagáin).

In Celtica XVI, 1984 (‘In Praise of Maghnas Ó Domhnaill’) deir Pádraig A. Breatnach gur cosúil gurbh é Tadhg Mór Ó Cobhthaigh, ‘oide sgol Éireann re dán ina aimsir’, a mhúin ceird na filíochta dó. Tá cúig cinn dá dhánta ag Tomás Ó Rathile in Dánta Grádha: cnósach de sna dánta grá is fearr san Ghaeilge (A.D.1350–1750) (1926) agus dán amháin le Tadhg (‘Corrach do chodlas aréir’). Dánta coinbhinsiúnta de chineál an amour courtois is ea trí cinn díobh, dar le Seán Ó Tuama, ach deir sé: ‘On the other hand both “Cridhe lán do smuaintighthibh” and “Goirt anocht deireadh mo sgéal” are lyrics that reveal a highly individual poetic sensibility.’ Glactar leis gur ar bhás Shiobháin Ní Néill a chum sé an chéad cheann agus tuairimíonn Ó Tuama gur fúithi an dara dán freisin, gur marbhnaí ar a ghrá geal iad araon. D’Eileanóir Mhic Chárthaigh a chum sé an dán suirí ‘Cridhe so dá ghoid uainne’. Is cosúil gur do bhás Shiobháin an tagairt sa dara ceathrú: ‘Uaimse ag inghin an iarla / truagh gan iasacht mo chroidhe, / go dtuigeadh féin nách bhféadar / bréagadh croidhe i mbí toirse.’ Leagtar véarsaí magaidh air freisin. Arís, níl Pól Breathnach sásta géilleadh gur cruthúnas is ea na véarsaí a chum sé go bhféadfadh sé saothar fada próis a scríobh: ‘There is no one of the latter [dánta] which might not have been constructed by a man out for a morning ride or leading a foray. They are quite simple in language, and do not show any of that “excess of involution” which was the mark of the trained Irish literary craftsman. Perhaps it was the fact that Maghnus Ó Domhnaill amused himself with such literary trifles, coupled with his assistants’ desire to secure an unusually handsome reward, that prompted the attribution of almost the whole work to him by the real author or authors.’

Suirniú de shórt ar a charactar, agus tagairt do cheisteanna atá gan freagairt, is ea an paragraf seo ag Bradshaw: ‘The awkward fact is that Magnus must be portrayed both as sceptical and devout; scoffing at the peccadilloes of friars, yet the founder of a Franciscan community and the enthusiastic promoter of religious reform. The evidence reflects a man of personal moral rectitude... yet one also of more than usual wiliness, indeed ruthlessness, in the practice of politics.... That implausible mixture of irreverence and piety, of rectitude and hard-headed realism is a great part of the man’s fascination – as it is, dare one add, of those famous contemporaries of his who personify the humanist tradition, Desiderius Erasmus and Thomas More.’ Ag tagairt do Mhaghnas, dá athair agus dá sheanathair atá Mac Eiteagáin: ‘In summary therefore the lords of Tír Chonaill were innovative, sophisticated and receptive to outside influences, while at the same time having a political and cultural self-confidence which enabled them to become the dominant force in Gaelic Ireland for three generations.’

Is mar seo a cuireadh síos air in Annála Ríoghachta Éireann; ‘Fear nár lig a fhorbhrí ná a iomarca leis na tiarnaí a bhí ina chomharsanacht agus ina chomhfhogas go haimsir a fhochaidhe agus a éinirt; fear adhgharbh ainmhin, aindiúideach, amhnas le naimhde agus biobhaí go dtabharfadh go fomhámaithe dá réir; fear min muinteartha, ceanúil, cairdiúil, dearlaiceach, deaoinigh do dhámha, do dheoraithe, d’éigse agus d’ollúna, d’oird agus d’eaglaisigh amhail is léir ag seanóirí agus seanchaithe; fear eargnaí, ilcheardach go mbua intleachta agus aithne ar gach ealaín ar cheana d’éag 9, february ina longphort féin i Leifear sa bhaile a rinneadh leis in ainneoin Uí Néill agus Chineál Eoghain, agus a adhnacal in otharluí a shean agus a shinsear i nDún na nGall i mainistir S. Froinsiais go honóir agus go hoirmhidin mhóir iar mbreith bua ó dhomhan agus ó dheamhan’ (curtha i litriú an lae inniu ag na húdair).

Tá cuntas ag Seán Ó Donnabháin in imleabhar IV de Annála Ríoghachta Éireann ar a shliocht. 14 páistí a rugadh dó, seachtar mac agus seachtar iníonacha. In DIB liostaíonn Darren Mac Eiteagáin an cúigear ban a raibh sé pósta orthu. Ba í Siubhán Ní Raghallaigh a chéad bhanchéile. Ba í Siubhán Ní Néill (d’éag sí ar 21 Lúnasa 1535) máthair a bhformhóir. In DIB liostaíonn Darren Mac Eiteagáin an cúigear ban a raibh sé pósta orthu. Ba í Siubhán Ní Raghallaigh a chéad bhanchéile. Dhealródh nach fíor gurbh í Siubhán Ní Néill máthair fhormhór na bpáistí a rugadh do Mhaghnas. Triúr mac a thug sí dó. Tá cuntas ar Mhaghnas ag Mac Eiteagáin in Donegal: history and society (1995). Faoi Eileanóir Mhic Chárthaigh deir Breatnach: ‘This union is ignored by the Four Masters whose notice of Margaret MacDonnell’s death in 1544 expressly states that she followed Siubhán daughter of Conn Ó Néill as Ó Domhnaill’s wife’; d’éag an Mairghréag seo, arbh iníon í le hAonghus Mac Domhnaill Íligh, 19 Nollaig 1544. Iníon le Mag Uidhir Fhear Manach a cheathrú bean. Bheadh na mic Calbhach agus Aodh ina dtaoisigh ar ball. Tugann Pól Breathnach in The life of Aodh Rua Ó Domhnaill (1948–57) ainmneacha na n-iníní mar shampla de na hainmneacha ban a bhí coitianta ag Uí Dhomhnaill: Róise, Mairghréag, Aibhilín, Gráinne, Siobhán, Máire, Nuala. Bhí Nuala pósta ar Chúchonnacht Mag Uidhir.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú