Bhí an fonnadóir seo ina Uachtarán ar Oireachtas 1980 i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, agus bhí sé ina chathaoirleach ar an gcoiste a d’eagraigh an fhéile ansiúd sna blianta 1977, 1980 agus 1984. Tá aiste (‘Mo pháirt san Oireachtas ó 1939’) aige in Cuimhní Cinn ar an Oireachtas, 1997 in eagar ag Seán Mac Mathúna. Tá eolas ina thaobh ag: Pádraig Ó Baoighill in Gaeltacht Thír Chonaill: Ó Ghleann go Fánaid, 2000; ag Anna Ní Dhomhnaill sa réamhrá a chuir sí le Mairfidh na Filí má mhaireann ár gCuimhne, 1999 ina bhfuil bailithe le chéile aici amhráin a chum Conall féin agus beagán dá aistí; ag Mílaois na Gaeltachta (An tAthair Seán Ó Gallchóir) ar an idirlíon. Tá cuntais iarbháis in Irish Times 21 Meitheamh 2003 agus in Foinse 22 Meitheamh 2003. I Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 16 Iúil 1911. Ba iad Micí Hiúdaí Shéimisín Ó Domhnaill agus Maggie Chonaill Ní Dhuibheannaigh a thuismitheoirí. Deartháir leis ba ea Aodh Ó Domhnaill, athair na n-amhránaithe Mairéad, Tríona agus Micheál, agus ba dheirfiúr leis Neilí Ní Dhónaill. Chaith sé cuid dá óige i mBaile Ghib, Domhnach Phádraig, Co. na Mí, mar ar lonnaigh a mhuintir i 1937; is leis an tréimhse sin a bhaineann an aiste ‘Súil Siar ar na Laetha sin i nGaeltacht na Mí’. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chraobh an Phiarsaigh de Chonradh na Gaeilge ann. Bhuaigh sé an chéad áit san amhránaíocht sean-nóis, in agallamh beirte agus in amhrán saothair ag Oireachtas 1942. Chaith sé an tréimhse 1946-58 ag timireacht sa Ghaeltacht do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus thug aird ar leith ar fhorbairt na drámaíochta. In Cuimhní Cinn ar an Oireachtas deir sé gur thug sé a sheal go toilteanach ag timireacht sa Mhí: ‘Chomh maith leis sin is mé an t-aon duine as na Gaeltachtaí uilig a raibh sé d’ádh nó de mhí-ádh orm Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge mé a thoghadh mar thimire don Ghaeltacht ...’. Chaith sé na blianta 1958-74 i Sasana; in Huddersfield a bhí sé ar dtús agus bhí i Londain ina dhiaidh sin agus rang Gaeilge á mhúineadh aige ann. Chuaigh sé féin agus a bhean Bríd a chónaí i bhFál Carrach ansin agus bhí gníomhach i nGlór na nGael. Rinneadh caiséad dá chuid amhrán­aíochta, Ó ghlúin go glúin, agus bhí sé ar dhuine de na hamhránaithe sa chaiséad Seoda sean-nóis as Tír Chonaill. D’éag sé ar 8 Meitheamh 2003.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú