‘Ownie Mór’ nó Eoghan Dhonnchaidh a thugadh muintir a cheantair féin ar an scríbhneoir seo. I Rann na Feirste a rugadh é ar 14 Aibreán 1908. Bhí naonúir eile clainne ag a thuismitheoirí agus ba é Eoghan an t-ochtú duine. Ba í Biddy Ní Bhaoill (Bidí Eoghainín) a mháthair. Feirmeoir ba ea a athair, Donnchadh (Donnchadh Phadaí Sheáinín), ach siúinéir é freisin. Is mar seo a bhí acu nuair rinneadh Daonáireamh 1901: Denis O’Donnell (36), feirmeoir agus siúinéir (‘joiner’); a bhean Bridget (27); Patrick (8); John (6); Dan (4); James (2); Barney [Braighní] (mí). Is mar seo a líonadh isteach foirm 1911: Denis (49); Bridget (40); Patrick (18), siúinéir; John (17), siúinéir; Dan (14); James (12); Brian (10); Kate (8); Denis (6); Owen (4); Condy (mí d’aois). Bhí beirt eile a rugadh ina dhiaidh sin, Josie agus Peadar. Dúradh go raibh an lánúin pósta le 19 bliana, agus go raibh an naonúr a rugadh dóibh beo. Bhí Gaeilge agus Béarla ag gach duine a liostaíodh i 1901 agus 1911.

Tá scéal a óige inste aige in Na laetha a bhí, 1953 (eagrán nua 1967). Deir Máirín Nic Eoin in An litríocht réigiúnach, 1982 faoin leabhar sin: ‘Cé gurb iad na téamaí seanchaite a phléitear ann, níl sé cosúil leis na dírbheathaisnéisí eile mar tá samhlaíocht an linbh léirithe go héifeachtach ann .... I measc na leabhar ar fad a dhéanann cur síos ar óige na n-údar is dóigh nach bhfuil leabhar ar bith a bhfuil meon an linbh le feiceáil chomh soiléir ann agus atá in Na laetha a bhí, le hEoghan Ó Domhnaill’. Chaith sé tamall ar scoil ag na Bráithre Críostaí i nDún Dealgan agus ceapadh é ina bhall den Gharda Síochána ar 21 Feabhra 1935 agus bhí lonnaithe i Sligeach ar feadh tamaill. Bhíodh sé ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta i rith an ama. Níor oir saol an gharda dá mheon agus d’fhág sé an fórsa ar 14 Lúnasa 1935 tar éis dó 174 lá a chaitheamh i gCeannáras an Gharda i bPáirc an Fhionnuisce. . Tá tuairim ann gur chuir Seosamh Mac Grianna mar chomhairle air sin a dhéanamh. B’fhéidir freisin gur shíl sé go bhféadfadh sé teacht i dtír ar an scríbhneoireacht.

In Derry Journal 12 Iúil 1966 deirtear gur chaith sé 13 bliana ag teagasc Gaeilge i gCúige Chonnacht. Is cinnte gur chaith sé tréimhse i mBéal Átha Seanaidh. Ba é a chéad saothar: An Chraobh Seilín: dráma fá bhreith ár Slánaitheora. Cathal Ó Beirn a scríobh i mBéarla, 1935. Is é atá in Scéal Hiúdaí Sheáinín, 1940 ábhar a scríobh sé síos ó Hiúdaí Sheáinín Ó Domhnaill, uncail a athar. Deir Proinsias Ó Conluain faoin leabhar sin (Scríbhneoireacht na gConallach, 1990 in eagar ag Nollaig Mac Congáil): ‘... dáiríre, ní dírbheathaisnéis go leor de ach bailiúchán seanchais agus béaloidis’. Chaith sé tamall de bhlianta ag múineadh i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste. D’éag sé 30 Meitheamh 1966 agus tá sé curtha in Anagaire. Níor phós sé. Peileadóir Gaelach aitheanta le linn a óige ba ea é; amhránaí cumasach agus seanchaí é a chraol go minic ar Radio Éireann. Scríbhneoir a luaitear mar shlí bheatha aige nuair a bhí probháid á dheonú dá dheartháir Peadar. Cé gur beag a thuill sé ón scríbhneoireacht i rith a shaoil, i ndiaidh a bháis cuireadh Na laetha a bhí (eagrán scoile, 1968) ar chúrsa na Meánteistiméireachta agus díoladh na mílte cóip.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú