Tá cuntas ar an aistritheoir seo ag Uinsionn Ó Domhnaill in Donegal Democrat 2 Samhain 1995 agus ceann in An tUltach, Samhain/Nollaig 1995 ag Pádraig Ó Baoighill. Ba é an scéalaí cáiliúil Johnny Shéimisín Ó Domhnaill [Seán Ó Domhnaill B1] a athair agus ba í Áine Ní Dhoirnín as Cró Bheithe a mháthair. Bhí beirt deirfiúracha agus triúr deartháireacha ar a laghad aige. Is mar seo a ghabh Uinsionn Ó Domhnaill a ghinealach: ‘Ba é an mac ab óige agus an duine deireanach beo de theaghlach Johnnie Shéimisín Tharlaigh Bhig Phádraig Néil Mhóir Uí Dhómhnaill (as Inis Sáile) a bhí pósta ar Anna Bhriain Sheáinín Phádraig (Jaighnear) Phádraig Dhuibh Uí Dhómhnaill (as na hOileáin) a bhí pósta ar Róise Sheáin ’ac Grianna. Ba dheartháireacha iad Pádraig agus Seán ‘ac Grianna agus b’iad d’réir an tseanchais an chéad bheirt a rinne cónaí ar bhaile Rann na Feirsde.’ Is mar seo a tuairiscíodh ar an teaghlach i nDaonáireamh 1911: John O’Donnell (48), feirmeoir a raibh Gaeilge agus Béarla aige; a bhanchéile Anne, Gaeilge agus Béarla aici freisin. Bhí siad pósta le 19 bliain. Den seachtar leanaí a rugadh dóibh bhí seisear beo: Ellen (18), fíodóir cairpéid; Bryan (16), mac feirmeora; James (14), dalta scoile; Annie (12), dalta scoile; Hugh, dalta scoile; Joseph (7); Neil (3). Gaeilge amháin a bhí ag an gceathrar ab óige. Dónall Ó Baoill a bhí mar mhúinteoir aige i scoil Rann na Feirste go raibh sé 17 bliain d’aois. Ina theannta sin fuair sé saibhreas seanchais cois teallaigh ag oícheanta airneáin i measc mhuintir an bhaile; teach mór airneáin ba ea teach Johnnie Shéimisín agus clann Fhéilimí Dhónaill Phroinnsiais agus go leor eile ar cuairt ann.

Chaith sé tamaill ag obair ar fheirmeacha in Albain, i gceantar Peebles agus i Lanark agus Biggar. Bhí sé trí bliana ag múineadh Gaeilge i mBéal Átha Seanaidh agus bhí post aige tamall sa Mhalartán Oibre ar an Chlochán Liath. Ó na 1960idí bhí sé ag obair ar fheirm bheag a mhuintire lena dheartháireacha Joe agus Hiúdaí. Chaith sé deireadh a shaoil ina chónaí lena dheirfiúr Áine agus bhí ina aonar tar éis a báis. D’éag sé in otharlann an Chlocháin Léith 13 Deireadh Fómhair 1995 in aois a 88 bliain agus cuireadh é i reilig Anagaire.

D’aistrigh sé cúig leabhar: Muintir Chois Locha, 1934 (The Loughsiders le Shan Bullock); Mac-Gníomhartha Fhinn Uí Dhomhnaill, 1934 (A boy in Eirinn le Pádraic Colum); Eadar muir is tír, 1935 (Lost on Du-Corrig le Standish O’Grady); Croidhe na cruinne, 1937 (The heart of the world le Henry Ryder Haggard); Caisleán na smachta, 1939 (Castle conquer le Pádraic Colum). Deir Ó Baoighill: ‘Tá cruinneas agus glaine Gaeilge ins na leabhair seo atá deacair a shárú.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú