In Priestown, Magh, gar do Charn Domhnach, Co. Dhún na nGall, a rugadh an naomhsheanchaí iomráiteach seo. Deirtí gur i ngeall ar líon mór na sagart de bhunadh na háite a baisteadh Priestown air, ach deir Cainneach Ó Maonaigh gurbh fhéidir gur ‘Baile na Sagart’ nó ‘Baile an tSagairt’ a bhí air sa tseanaimsir. Níl ach fíor-bheagán eolais ar fáil faoina óige. Rinne George Montgomery, Easpag Protastúnach Dhoire 1605–1610, tagairt do ‘Johannes McCollgan, filíus Rectoris de Donagh in Inishowen, juris non nihil peritus studente Glasgue et loquitur hibernie et latine.’ Níl aon chinnteacht gurb é an fear s’againne é. Deir Cainneach Ó Maonaigh nach gá go gciallaíonn sé gur Phrotastúnaigh a mhuintir - ná gur shagart nó ministir a athair (Father John Colgan, O.F.M. 1592–1658 Essays in commemoration of the third centenary of his death, 1959 in eagar ag Terence O’Donnell OFM). Tuairimíonn sé gur tháinig sé abhaile ó Ghlaschú ach gur cosúil gur fhág sé Éire arís thart ar 1611/1612. Níor fhill sé ar Éirinn ina dhiaidh sin. Oirníodh ina shagart é tuairim 1618 agus chuaigh sé isteach sna Froinsiasagh i Lováin 26 Aibreán 1620. Is cosúil gur chaith sé tamall, b’fhéidir, ag múineadh in Aachen nó Aix-la-Chapelle sular aistríodh go Mainz é. D’fhill sé ar Lováin roimh Mheitheamh 1634. Bhí sé i gceannas ar na nóibhísigh agus ag múineadh diagachta, agus bhí páirt aige in obair stair na h-eaglaise in Éirínn a fhoilsiú. Bhí na coláistí i Lováin, i bPrág agus i Vielun sa Pholainn faoina chúram tráth agus bhí baint aige leis an miscan in Albain. Ach is ar obair an naomhseanchais a sheasann a chlú. Duine leochaileach ba ea é riamh in ainneoin ualach na hoibre sin.

Spreag an Reifirméisean agus an Frithreifirméisean scoláirí idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh chun taighde a dhéanamh ar stair na heaglaise ar mhaithe le cúis a n-eaglaisí féin. Cuid den stair sin ba ea an naomhsheanchas. Tugann Ó Maonaigh [op. cit.], Pádraig A. Breatnach (‘An Irish Bollandus: Fr Hugh Ward and the Louvain Hagiographical Enterprise’ in Éigse XXXI, 1999), agus Richard Sharpe (Medieval Irish Saints’ Lives: an Introduction to Vitae Sanctorum Hiberniae, 1991) léargas ar an ngluaiseacht idirnáisiúnta seo. Le téacsanna meánaoiseacha faoi bheathaí na naomh a bhí an Colgánach ag plé. Ba iad Aodh Mac an Bhaird agus Pádraig Pléimeann a chuir tús leis an obair i 1623 agus ba é Michél Ó Cléirigh a bhailigh cuid mhór den ábhar. ‘Probably never before had there been brought together in one house so many precious Irish vellums, such a collection of copies of Irish and Latin texts bearing on the history of Ireland and its saints, as were preserved at this time in St Anthony’s College, Louvain’ (Ó Maonaigh). Ó 1635 ar aghaidh, le cabhair a chomhghleacaithe, bhí sé ag cur eagair ar a raibh bailithe agus ag cur nótai leis. Nuair a cailleadh Pléimeann agus Mac An Bhaird is air a thit cúram fhoilseacháin an choláiste. Thart ar 1641 d’ullmhaigh na Froinsiasaigh catalóga dá raibh ullmhaithe faoin scéim agus den obair a bhí fós gan déanamh. Bailíodh airgead ó gach clochar Froinsiasach in Éirinn chun na costais a ghlanadh. Foilsíodh Acta Sanctorum veteris et majoris Scotiae, seu Hiberniae. Sanctorun Insulae, partim ex variis per Europam MSS, codd, exscripta, partim ex antiquis monumentis et probatis authoribus eruta et congesta; omnia notis et appendicibus illustrata, per R.P.F. Joannem Colganum... 1645. Tá cuntas ann ar na naoimh a gceiliúrtaí a bhféiltí idir tús Eanáir agus deireadh na Márta; sampla John van Bolland (1596–1665), an ceannródaí mór Íosánach, a bhí sé a leanúint sa chóras seo. Theastaigh uaidh gurbh é ainm Aoidh Mhic an Bhaird a bheadh leis an leabhar toisc a mhéid den ábhar a bhí bailithe aigesean. Ach chuir a uachtaráin agus a chairde ina aghaidh sin. D’aon ghnó d’fág sé Brighid agus Pádraíg ar lár ann agus i 1647 foilsiodh Triadis Thaumaturgae, seu divorum Patricii, Columbae et Brigidae.... Ba é a sheanmhúinteoir, Tomás Pléimeann, ardeaspag Bhaile Átha Clíath, a chuidigh leis chun na costais a íoc. Foilsíodh eagrán teoranta i 1996, le réamhrá an Ollaimh Pádraig Ó Riain. Cheal airgid, fágadh an chuid eile den obair a bhí réitithe aige gan foilsiú. Scríobh sé Tractatus de vita, scriptis Johannis Scoti, a foilsíodh 1655. D’éag sé i Lováin 15 Eanáir 1658. Lean an tAthair Tomás Ó Sirin leis an obair agus bhí réidh le foilsiú aige atheagar a bhí curtha aige ar Acta Sanctorum ... agus ar bheathaí na naomh don dara ceathrú den bhliain. D’éag seisean 7 Meán Fómhair 1673 agus, arís cheal airgid, níor foilsíodh iad.

Deir Ó Maonaigh gur chuir Mac Colgáin agus a chomhghleacaithe rompu a chruthú gurbh í Éire Oileán na Naomh; mhaígh siad gurbh Éireannaigh naoimh nárbh ea in aon chor: chanóin siad daoine eile nár tugadh aitheantas liotúirgeach dóibh riamh: ‘Colgan and his confreres set out to vindicate Ireland’s claim to be the Island of Saints. For them, the operative word was not merely Ireland but Saints, and it is to be feared that, not merely did they claim Irish citizenship for many who had no right to it, but they beatified and canonised many who had never been honoured with a liturgical cult.’ Deir sé freisin go raibh John Lanigan go mór faoi chomaoin ag Mac Colgáin in An Ecclesiatical History of Ireland..., 1822, in ainneoin gur cháin sé go géar é uaireanta (in Father John Colgan, O.F.M. 1592–1658 ...) Sa leabhar céanna deir Ludwig Bieler, agus é ag tagart don Triadis Thaumaturgae, gur aistrigh Mac Colgáin Betha Colaim Chille le Maghnus Ó Domhnaill go Laidin. In aiste sa leabhar céanna tuairimíonn Cuthbert Mhág Craith gurb é an Seán s’againne a chum an dán ‘Rob soraidh an séad-sa soir’ do Thoirdhealbhach Ó Néill go gairid roimh Imeacht na nlarlaí. Leagadh an dán seo ar Eoghan Rua Mac An Bhaird toisc botúin a rinne Éadhbhard Ó Raghallaigh in A Chronological Account of nearly Four Hundred Irish Writers, 1820. De réir an Dictionary of National Biography foilsíodh bailiúchán de sheanmóirí Mhic Cholgáin i 1639. Ba é a bhaist ‘Annála na gCeithre Máistrí’ ar Annála Ríoghachta Éireann.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú