Tá sé gan amhras ar na pearsana is mó i ndomhan na Gaeilge agus i saothrú na staire sa 17ú haois. Gheofar eolas air in: Michael O Cleirigh, chief of the Four Masters, and his associates (1936) le Brendan Jennings; aiste (‘Irish scholars at Louvain’) le Pól Breathnach i gcló in Irish men of learning (1947). Tá neart aistí i dtaobh a phríomhshaothair. Annála Ríoghachta Éireann : ní mór aiste thathagach Bhreandáin Uí Bhuachalla in Studia Hibernica 11/13, 1982–3 (‘Annála Ríoghachta Éireann is Foras Feasa ar Éirinn: an comhthéacs comhaimseartha’) agus a bhfuil aige in Aisling ghéar... (1996) a lua. Leabhair eile ar na hAnnála is ea The annals of the Four Masters (2010) le Bernadette Cunningham agus The Four Masters and their manuscripts (2013) le Pádraig A. Breatnach. In Studies 24, 1935 tá ‘The O’Clerys of Tirconnell’, aiste le Pól Breathnach. In 1944 foilsíodh Measgra i gcuimhne Mhichíl Uí Chléirigh .i. miscellany of historical and linguistic studies in honour of Brother Michael Ó Cléirigh, O.F.M.. chief of the Four Masters, 1643–1943, in eagar ag Sylvester O’Brien, OFM.

Bhí muintir Uí Chléirigh ina n-ollúna ag Cineál Conaill le fada. I gCill Bharrainn, Co. Dhún na nGall, a rugadh Michél. Ba é an ceathrú mac é le Donnchadh Ó Cléirigh agus a bhean Honora Ultach (Nic Dhuinnshléibhe). Tadhg a ainm baiste agus is minic ‘Tadhg an tSléibhe’ á thabhairt air. Deirtear gurbh ó Bhaothghalach agus Flann Mac Aodhagáin i mBaile Mhic Aogáin i dTiobraid Árann a fuair sé oideachas mar scoláire: is mar seo a mhíníonn Nollaig Ó Muraíle sin in The celebrated antiquary... (1996): ‘Baothghalach and Flann appeared to have acted as tutors to Brother Michél Ó Cléirigh - possibly “in his later years rather than in his youth”.’ Chuaigh sé isteach sna Proinsiasaigh i Lováin uair éigin roimh Mhárta 1623 mar bhráthair tuata agus ghlac le Michél mar ainm crábhaidh. Ba é Aodh Mac an Bhaird a chuir abhaile go hÉirinn é in 1626 a bhailiú gach a raibh ar marthain d’ábhar naomhsheanchais agus d’ábhar staire. Is ar an Drobhaois, Co. Dhún na nGall, a bhí mainistir Phroinsiasach Dhún na nGall ag an bpointe seo agus b’in é ceanncheathrú Mhichéil. Ar feadh aon bhliain déag chaitheadh sé an samhradh ag taisteal na tíre ag cóipeáil lámhscríbhinní agus d’fhanadh i gceann éigin de na 33 choinbhint a bhí ag na Proinsiasaigh; tugann colafain sna lámhscríbhinní a rinne sé a chóipéail mioneolas ar an taisteal sin. Luaitear ‘Cogadh Gaedheal re Gallaibh’, ‘Féilire Oengusa’, ‘Féilire Thamhlacht’, ‘Lebor Gabála’ agus beathaí naomh i measc na leabhar a chóipeáil sé. Chaitheadh sé an geimhreadh ar an Drobhaois ag athscríobh. I mBaile Átha Cliath d’fhanadh sé sa choinbhint i Sráid na gCócairí mar a raibh an tAthair Thomas Strange OFM ina ghairdian: bhí caidreamh aigesean leis an Ardeaspag James Ussher agus d’fhág sin go raibh deis ag Michél leas a bhaint as leabharlann mhór agus lámhscríbhinní Ussher.

Fuair sé pátrúnacht ó Thoirdhealbhach Mac Cochláin chun ‘Réim Ríoghraidhe na hEreann agus Seanachas na Naomh’ a chur le chéile agus is ag an bpointe sin a liostáil sé Fear Feasa Ó Maoilchonaire, Cúchoigríche Ó Cléirigh, a chol naonúir, agus Cúchoigríche Ó Duibhgeannáin mar chúntóirí: sin iad na fir a d’ainmnigh Seán Mac Colgáin in Acta Sanctorum Hiberniae mar na Ceithre Máistrí (‘The Four Masters’ le Pól Breathnach in The Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1932 agus Studies, 24, 1935); thug deartháireacha Mhichéil, Maolmhuire Ó Cléirigh (An tAthair Bernardin OFM) agus Conaire Ó Cléirigh, agus Muiris Mac Torna Uí Mhaoilchonaire cabhair freisin. Ó Dheireadh Fómhair go Nollaig 1632 bhí eagrán leasaithe de Leabhar Gabhála Éireann á réiteach acu i mainistir Lios Gabhail i bhFear Manach; Brian Rua Mag Uidhir a bhí mar phátrún acu i mbun na hoibre sin.

Bhí cead aige ó údaráis Lováin tabhairt faoi Annála Ríoghachta Éireann a thiomsú, sintéis ar na hannálacha a raibh teacht aige orthu. D’aimsigh sé mar phátrún Fearghal Ó Gadhra. Chuir siad tús leis an obair sa mhainistir ar an Drobhaois 22 Eanáir 1632 agus chuir dlús leis 10 Lúnasa 1636. Michél féin a scríobh na hiontrálacha do na blianta ó 1600 amach agus is le bás Aodha Uí Néill sa Róimh 1616 a bhaineann an iontráil deiridh. Cuireadh faoi bhráid Fhlann Mhic Aodhagáin i mBaile Mhic Aogáin agus Chonchobhair Mhic Bhruaideadha i gCill Chaoide sa Chlár é. I bhFeabhra 1637 thug sé go Baile Átha Cliath é chun imprimatur an Ardeaspaig Tomás Pléimeann, Proinsiasach, a fháil agus fuair a leithéid chéanna ó easpaig eile.

In Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1932 dúirt Pól Breathnach go raibh daoine ann a shíl nár scríobh aon duine eile annála riamh: “That was a great mistake, for though the Donegal annalists did very important work, their significance beside that of Cathal [Mac Maghnusa] Maguidhir [d’éag 1498], say, is minor. For early Irish history, the Annals of Ulster, the so-called Annals of Tighearnach, and the Annals of Innisfallen, are of much greater value than the Annals of the Four Masters.’ In Seven centuries of Irish learning 1000–1700 (1971) in eagar ag Brian Ó Cuív, deir D.A. Binchy: ‘The heroic labours of Michael O’Clery and his associates, working desperately against time, to save from oblivion the records of the doomed Gaelic order, must always command sympathy and admiration. But the Annals themselves do not really deserve the high reputation they have attained in the mind of the layman.’ Deir Ó Buachalla gurbh é J.F. Kenney a chuir tús leis an tuairimíocht sin i dtaobh ‘doomed civilisation’ agus go raibh a leithéid ar siúl ó shin anuas go 1988: ‘Iarfhios is bun leis an tuairimíocht sin, tuairimíocht a iniúchann an seachtú haois déag ní le tuiscint chomhaimseartha na linne ach le tuiscintí na haoise seo.’ Is é a bhreithiúnas ar thábhacht, aidhm, modheolaíocht agus éifeacht Annála na gCeithre Máistrí agus stair Chéitinn: ‘... dhá léiriú is ea iad araon ar an ghluaiseacht choiteann Eorpach agus ar an “réabhlóid” sa staireagrafaíocht. Ní mar chaoineadh, feartlaoi ná eipealóg ar aon saol a scríobhadh aon cheann acu ach mar phrólóg don saol nua a bhí ag teacht. Is é go bunúsach atá in ARÉ agus FFÉ araon téacsaí bunúis an náisiúin Chaitlicigh Éireannaigh a bhí tagtha ar an bhfód.’ Tábhacht thánaisteach a ghabhann le ARÉ, gan amhras, is ea nach mbeadh teacht inniu ar roinnt den seanábhar murach an chóipeáil a rinne Michél agus a chúntóirí. In 1641 chuir an tAthair Tuileagna Ó Maoilchonaire OFM (fl.1641–58) aighneas ar bun i dtaobh rudaí áirithe in ARÉ. Bhí sé ag clamhsán go fóill in 1646 agus tá an litir a scríobh sé chuig Proibhinseal na bProinsiasach in Éirinn i gcló in Archivium Hibernicum VI, 1917, chomh maith leis an bhfreagra próis a thug Fear Feasa Ó Maoilchonaire, duine de na Ceithre Máistrí, air, tharla an Bráthair Michél a bheith marbh um an taca sin: tá an chuid dá fhreagra i ndán i gcló ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr I (1967). Deir Mhág Craith faoi Thuileagna in Dán na mBráthar Mionúr II (1980): ‘Thug sé seancha coitcheann Éireann air féin i Maidrid sa bhliain 1658. Ach is mór an trua nár fhág sé a mholadh ag duine éigin eile .... Murach eisean, b’fhéidir go gcuirfí cló ar shaothar Mhíchíl Uí Chléirigh agus a chomhoibritheoirí sa 17ú céad. San am céanna ní miste a rá gur dócha leis gurb í bochtaine na mbráithre a choinnigh ó chló é.’

D’fhill Michél ar Lováin tuairim Iúil na bliana 1637. Foilsíodh ann in 1643 Focloir no sanasan nua i na mínighthear cáil eigin dfoclaibh cruaidhe na gaoidheilge, ar na sgriobhadh ar urd aibghitre le brathair bochd tuata dord S. Fronsias Michéul o cleirigh a gcoláisde na mbrathar neireannach a Lobháin agus ba é an t-aon leabhar amháin leis féin a chonaic sé i gcló. Deir Jennings: ‘No monument seems ever to have marked Brother Michael’s grave and the most careful search has failed to give any inkling of the spot where his remains await the resurrection. But this humble brother, who hid himself so completely while accomplishing so much for Ireland, has fulfilled one of the noblest ambitions man can have. He has written his name large across the history of his country and has left it engraved indelibly on the hearts of all his countrymen.’

Níor foilsíodh Annála Ríoghachta Éireann go dtí 1848–51 nuair a tháinig na seacht n-imleabhar in eagar ag Seán Ó Donnabháin amach. In 1846 foilsíodh aistriúchán Beárla le Owen Connellan. Saothair eile leis is ea: The martyrology of Donegal. A calendar of the saints of Ireland (1864) aistrithe ag Seán Ó Donnabháin agus in eagar ag James Henthorn Todd agus William Reeves; Genealogiae regum et sanctorum Hiberniae by the Four Masters (1918) in eagar ag Pól Breathnach.

Sir William Wilde a mhol in 1871 go dtógfaí leacht in onóir na gCeithre Máistrí. Bailíodh airgead. An tAthair C.P. Meehan (1812–90) a bhí ina chisteoir agus ba é a roghnaigh cúinne Bhóthar Berkeley-Sráid Eccles i mBaile Átha Cliath agus is ann um Meán Fómhair 1876 a cuireadh suas an chrois cheilteach a bhfuil inscríbhinní Laidine, Béarla agus Gaeilge uirthi (‘Dublin and the Four Masters’ le Brian Mac Giolla Phádraig in Dublin Historical Record, Márta-Bealtaine 1944).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú