‘The major Irish antiquarian of his age’ a thugann The Oxford Companion to Irish History, 1998 air. Tá cuntais iontaofa air in The Celebrated Antiquary, Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600–1671): His Lineage, Life and Learning, 1996 ag Nollaig Ó Muraíle, ag William O’Sullivan in Proceedings of the Royal Irish Academy, Vol. 97 C. no 2, 1997 (‘A Finding list of Sir James Ware’s Manuscripts’), in Dictionary of National Biography agus i bhfoclóirí eile beathaisnéise. I Sráid an Chaisleáin, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 26 Samhain 1594. B’as Yorkshire dá athair James, a bhí tagtha i 1598 mar rúnaí ag William Fitzwilliam, an tiarna ionaid. Ceapadh ina phríomhiniúchóir é, post a bheadh ag James ársaitheoir agus ag a mhacsan arís. Bhronn Rí Séamus I ridireacht air agus ba é an ball parlaiminte ó Mhala é i 1613. Ba é James Ussher a d’adhain a spéis san ársaíocht agus é ina mhac léinn í gColáiste na Tríonóide. Bhailigh sé lámhscríbhinní agus cairteacha agus rinne cóipeanna de cháipéisí. Chuaigh sé a bhailiú ábhair i Londain i 1626. Rinneadh ridire de i 1629. I 1632 a tugadh post a athar dó agus ba bhall parlaiminte ó Choláiste na Tríonóide é i 1634, 1637, agus 1661. Bhí sé ina bhall den Rí-Chomhairle i 1639. Scríobh sé Archiepiscoporum Casseliensium et Tuamensium Vitae, 1626; De Praesulibus Lageniae, 1628; De Scriptoribus Hiberniae, 1639, an chéad fhoclóir beathaisnéiseach dá leithéid.

Bhí saol corrach aige le linn chogaí 1641–52: é ag dul i mbannaí ar iasachtaí an rialtais 1641, é ag tacú le Marcas Urmhumhan ó 1643 amach agus an ceannaire sin ag dul i gcomhghuaillíocht le Gaeil. I 1644 thug sé cuntas do Shéarlas I ar chúrsaí na hÉireann. Gabhadh é ar a bhealach ar ais ach d’éirigh leis beart litreacha ón rí go Marcas Urmhumhan a chaitheamh san fharraige. Bhí sé bliain nach mór i bpríosún i dTúr Londan agus ina dhiaidh sin ina ghiall i mBaile Átha Cliath tar éis d’fhórsaí na parlaiminte an chathair a ghabháil. I 1649 chuir an Ginearál Michael Jones d’iachall air imeacht arís agus chaith sé bliain go leith sa Fhrainc. Ansin chuaigh sé go Londain agus d’fhan ansin go hathchur an rí. Ar ais i Londain dó d’fhoilsigh sé De Hibernia et Antiquitatibus ejus Disquisitiones, 1654. Tugadh a phost i mBaile Átha Cliath ar ais dó i 1660. Foilsíodh Venerabilis Bedae Epistolae duae, 1664; Rerum Hibernicarum Annales, (1485–1588), 1664 agus De Praesulibus Hiberniae Commentarius, 1665. In The historie of Ireland collected by three learned authors..., 1633 chuir sé eagar ar View of the State of Ireland le Edmund Spenser, Chronicle of Ireland le Meredith Hanmer, agus History of Ireland le Edmund Campion. Bhí sé pósta ar Mary Newman agus bhí seisear mac agus ceathrar iníonacha acu. Nuair a d’éag sé 1 Nollaig 1666 ní raibh beo ach beirt den seisear mac. Fear carthannach é a thugadh a thuarastal do bhaintreacha agus airgead do ríogaithe a chaill a gcuid ag tacú le cúis an rí.

Chaith an Dubhaltach Mac Fhírbhisigh tamall de 1665–6 i dteach Ware, ag aistriú ón nGaeilge agus ag cur liostaí d’easpaig i dtoll a chéile dó. Cuid inspéise de leabhar mór Uí Mhuraíle is ea na cuntais iomrallacha a scríobhadh le céad go leith bliain anuas de dheasca an bhotúin shimplí a rinne Seán Ó Donnabháin agus é ag cur síos ar dháta scríofa an liosta sin: 1655 in áit 1665. ‘The confusion arising from this mistranscription or misprinting of a single digit was to last the best part of a century and a half and was to lead to the construction of some fantastic theories about the relationship between Mac Fhirbhisigh and Ware’ (Ó Muraíle). Síleadh go raibh caidreamh acu ar a chéile ar feadh tréimhse fada de bhlianta. Is de bharr an bhotúin sin a d’fhaightí de locht ar Ware go ndearna sé moill rómhór sular ghabh sé buíochas leis an Dubhaltach! Scríobh Walter Harris (1686–1761, a bhí pósta ar iníon lena ghariníon: ‘He always kept in his house an Irish Amanuensis, to interpret and translate the Language for him, and at the time of his death one Dudley Firbisse served him in that office’ (i gcló ag Ó Muraíle).

Deir Norman Moore in Dictionary of National Biography: ‘The establishment of Irish history and literature as subjects of study in the general world of learning in modern times is largely due to the lifelong exertions of Ware, and Sir Frederick Burton in his fine drawing of the three founders of the study of Irish history and literature has rightly placed him beside his contemporaries, Michael O’Clery, the hereditary chronicler, and John Colgan, the Irish hagiologist.’ Scríobhadh a mhac Robert go binbeach in aghaidh Caitlicigh, é ag cur i gcéill gurbh as scríbhinní a athar a bhain sé an t-ábhar. Deir William O’Sullivan: ‘Ware customarily had these [manuscripts] bound up with a great deal of blank paper for future note-taking, and this Robert used to record his imaginary conversations and plots, unhappily bedevilling sixteenth-century Irish ecclesiastical history for over 300 years.’ Chuir Walter Harris eagrán méadaithe dá scríbhinní ar fáil in dhá imleabhar 1739–46.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú