Ba é seo príomhaistritheoir Thiomna Nua 1603. ‘Daniel’ an leagan Béarla dá shloinne. Tá cuntas ar an tionscnamh sin agus ar bheatha Uí Dhomhnaill ag Nicholas Williams in I bPrionta i Leabhar... 1567–1724, 1986 agus ag H. R. McAdoo in Éigse, geimhreadh 1940 (‘The Irish Translations of the Book of Common Prayer’); tá buneolas áirithe ag J.B. Leslie in Ossory Clergy and Parishes, 1933. Ag Breandán Ó Madagáin tá an aiste ‘An Bíobla i nGaeilge (1600–1981)’ in An Léann Eaglasta in Éirinn 1200–1900, 1988 in eagar ag Máirtín Mac Conmara. I gCill Chainnigh a rugadh é. Nicholas Daniel, Cill Chainnigh, a athair. D’iompaigh Uilliam ina Phrotastúnach le linn a óige. Phós sé Mary ach níl a sloinne ar eolas. I 1592 bhí sé ar dhuine den chéad triúr a cláraíodh mar mhic léinn i gColáiste na Tríonóide. Deir McAdoo go raibh sé ar an gcéad nó an dara duine a fuair dochtúireacht le diagacht sa choláiste. Faoi 1596 bhí sé ina léachtóir ann nuair a cuireadh go Gaillimh é chun go gcabhródh sé le hEaglais na hÉireann ansiúd. Nuair a d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath is ea a thosaigh sé ag aistriú an Tiomna Nua. Bhí Seán Ó Cearnaigh, Nioclás Bhailís agus Fearganainm Ó Domhnalláin ag gabháil den obair chéanna le fiche bliain, b’fhéidir, roimhe sin. Bhí baint ag Maoilín Óg Mac Bruaideadha leis an bhfiontar freisin. Faoi 1595 bhí Ó Cearnaigh agus Bhailís marbh agus bhí Ó Domhnalláin ceaptha ina Ardeaspag ar Thuaim. Faoi 1597 bhí na soiscéalta, ach amháin cuid de Lúcás, i gcló ag an gclódóir Uilliam Ó Cearnaigh. Ag pointe éigin ghlac Ó Domhnaill cúram an aistrithe air féin. Bhí mar chúntóir aige Domhnall Óg Ó hUiginn. Bhí an saothar ar fad i gcló faoi 1602 agus foilsíodh é um Márta 1603 gairid i ndiaidh Séamus I a theacht i gcoróin; Seon Francke an clódóir a bhí i mbun na coda a aistríodh i ndiaidh 1597. 500 cóip a clóbhuaileadh. Deir Williams: ‘Ós rud é gur faoi ainm Uilliam Uí Dhomhnaill a foilsíodh é, áfach, is ceart glacadh leis mar a shaothar féin. Is léir go ndearna seisean eagarthóireacht ar a raibh aistrithe roimhe, agus go deimhin tá cuma an leanúnachais le brath ar an aistriú tríd síos.’ Liostaíonn Williams sa chaibidil ‘Iarfhocal’ na scríbhneoirí Caitliceacha a bhain úsáid as aistriúchán Uí Dhomhnaill: Aindrias Ó Duinnshléibhe, Séamus Ó Gallchobhair, Muiris Paodhar....

I 1608 foilsíodh a leagan Gaeilge den Book of Common Prayer faoin teideal Leabhar na nUrnaightheadh gComhchoidchiond agus Mheinisdraldachda na Sacrameinteadh. Is dóigh le Williams gur bhain sé feidhm éigin as na coda a bhí aistrithe ag Seán Ó Cearnaigh agus Fearganainm Ó Domhnalláin ach go bhfuil meon piúratánach Uí Dhomhnaill le brath ar an leabhar agus deir sé: ‘Is sárshaothar é LUC [Leabhar na nUrnaithe gComhchoiteann] le hUilliam Ó Domhnaill. Bhí meas riamh ag pobal an Bhéarla ar ghlaine phrós Chranmer [Thomas Cranmer, Ardeaspag Canterbury] san Book of Common Prayer. D’éirigh le hÓ Domhnaill Gaeilge nádúrtha dhúchasach a chur ar Bhéarla Chranmer a bhfuil maorgacht agus uaisleacht an bhuntéacs le sonrú uirthi.’ Deir McAdoo: ‘He shows that intuition for the mot juste which is the inevitable component of the first-class translator. He endeavours to keep as close to the English as possible, but he never allows himself to forget the rhythm of the language into which he is translating, so that he achieves phrasing which is at once the spirit of the original and truly and elegantly Irish.’

An luach saothair a fuair sé gur coisreachadh é mar Ardeaspag ar Thuaim 2 Lúnasa 1609. Ceapadh é ina chisteoir i dTeampall Phádraig i mBaile Átha Cliath an bhliain chéanna. D’éag sé 11 Iúil 1628. Scríobhadh nóta ar lámhscríbhinn i gColáiste na Tríonóide: ‘As Sir James Ware would have it, Daniel in his later years took to drink and tobacco, and died in 1628 disillusioned, having never fulfilled the promise of his youth’ (Alan Ford, The Protestant Reformation in Ireland 1590–1641, 1997).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú