Deirtear gurbh é an tÍosánach seo a thug amach an chéad leabhar riamh a raibh an Béarla agus an Ghaeilge i gcló le chéile inti. Tá cuntais ar a bheatha agus a shaothar in Dictionary of National Biography agus ag Thomas Walt in Irish Ecclesiastical Review LXX, Aibreán 1948 (‘Richard Archdekin’s Catechetical Hour’). I gCill Chainnigh a rugadh é ar 19 Márta 1619. Ba iad Nicholas Archdekin agus Ann Sherlock a thuismitheoirí. Is sloinne seanbhunaithe i gCill Chainnigh é Archdekin; leaganacha eile is ea Arsdekin, McAdo, agus Cody nó Mac Giolla Coda. Ceann de mhórtheaghlaigh na cathrach iad ó aimsir na Normannach. Oileadh sna clasaicigh é ansiúd. I Lováin rinne sé staidéar ar fhealsúnacht agus dhiagacht. Chuaigh sé isteach sna hÍosánaigh in Mechlin ar 28 Meán Fómhair 1642. Rinne sé a thuilleadh staidéir in Antuairp agus Lille. Ó 1653 bhí sé ag múineadh an tsruithléinn nó na héigse ar feadh sé bliana agus ina dhiaidh sin chaith na blianta fada ina ollamh le fealsúnacht, le diagacht mhorálta agus leis an Scríbhinn Dhiaga i Lováin, in Antuairp agus in áiteanna eile. D’éag sé in Antuairp ar 31 Lúnasa 1693.

Scríobh sé A Treatise of Miracles, together with New Miracles and Benefits obtained by the sacred reliques of S. Francis Xaverius exposed in the church of the Soc. of Jesus at Mechlin composed by the R.F Richard Archdekin. P.S.T, 1667; i Lobháin a foilsíodh é. Deirtear (DNB agus foclóirí beathaisnéise eile) gurbh é seo an chéad leabhar riamh a clóbhuaileadh i nGaeilge agus i mBéarla. Ní luann Best ná Baumgarten ainm Archdekin in aon chor agus níl tagairt do ghné sin an dátheangachais ag Wall. Níl aon rud ina thaobh ag Edward Lynam in Irish character in print 1571–1923, 1924. San eagrán a chuir Walter Harris (1686–1761) amach de shaothar Sir James Ware a luadh é ar dtús, b’fhéidir, ní foláir nó is ann a fuair Éadbhard Ó Raghallaigh an tagairt atá aige faoin mbliain 1661: ‘In this year Richard Mac Giolla-Cuddy, or Archdekin, an Irish Jesuit, printed at Louvain an essay on Miracles, in English and Irish’ (A Chronological Account of nearly Four Hundred Irish Writers, 1820). Tá John J. Silke ábhairín cúramach in A New History of Ireland III, 1976 in eagar ag Moody, Martin agus Byrne (‘The Irish Abroad 1534–1691’): ‘Richard Archdekin of Kilkenny wrote a treatise on miracles (1667), “said to be the first book printed in English and Irish conjointly”.’

Is dóigh gur fíor gurbh é an chéad leabhar dá leithéid é. Ach dhealródh sé nárbh é Archdekin a scríobh cuid na Gaeilge. Deir Charles Mac Neill [Cathal Mac Néill B6]: in Publications of Irish interest published by Irish authors on the Continent of Europe prior to the 18th century, 1930 gurb é atá sa chuid sin den leabhar ná Suim bhunudhasach an teaguisg Chríosdaidhe ..., 1663 le John Dowley [Seán Ó Dubhlaoich q.v.]. Níl cóip sa Leabharlann Náisiúnta.

D’fhoilsigh sé Praecipuae Controversiae Fidei ad facilem methodum redactae ac resolutiones theologicae ad omnia sacerdotis munia, praesertim in missionibus : accommodatae cum apparatu ad doctrinam sacram cui accessit summa doctrinae Christianae selectis exemplis eludicata, cum aliis tractatibus qui in singularum partium indice infra exhibentur, 1671 agus bíonn istigh leis de ghnáth Vitae et Miraculorum Sancti Patricii Hiberniae Apostoli Epitome, cum brevi notitia Hiberniae et Prophetia S. Malachiae, arb é atá ann beatha Phádraig, gearrchuntas ar Éirinn agus tairngreachtaí Maolmhaodhóg faoi chomharbacht na bpápaí, Deir Wall: ‘This work ... was an ecclesiastic’s dictionary in handy form, containing dogmatic and moral theology, the Ritual, ecclesiastical and secular history, matter for meditation, well-selected materials for sermons and instructions, etc.’ Istigh leis freisin tá an Summa Doctrinae Christinae, teagasc críostaí iomráiteach Peter Canisius i gcomhair buachaillí scoile, agus is air is mó atá aiste Wall dírithe. D’éirigh thar cionn leis an leabhar. Tugadh an t-ochtú heagrán amach i 1686 faoin teideal Theologia Tripartita Universa, 1,100 leathanach ann, a cúig oiread an chéad eagrán. Chuir sé le beathaí Oilibhéir Pluincéid agus Peter Talbot agus scéalta a bhain le stair na hÉireann. I 1700 chuir an Eaglais cosc air agus cuireadh eagrán leasaithe amach in Antuairp i 1714.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú