‘The first Catholic historian of the Irish secular priesthood’ a thug an scoláire Aubrey Gwynn air. Ba iad Lynch agus Céitinn an bheirt de bhunadh Sean-Ghall is déine a chuir in aghaidh na scríbhneoirí úd a tharraing drochmheas ar Éirinn agus ar Ghaeil, leithéidí Fynes Moryson, Campion, Camden agus Stanyhurst. Ach má bhí sé tírghrách níorbh aon náisiúnaí é: bhí sé ar thaobh Mharcas Urmhumhan agus in aghaidh Rinuccini agus ní raibh mórán bá aige le Gaeil Uladh a d’éirigh amach i 1641. Bhí mórmheas aige ar an nGaeilge agus d’aistrigh Foras Feasa ar Éirinn go Laidin.

I nGaillimh a rugadh é. Ar mhac é leis an Alexander Lynch, a raibh scoil cháiliúil aige sa chathair sin? Deir an Dictionary of National Biography gurbh ea agus síleann Patrick J. Corish in Irish Historical Studies, Márta 1953 (‘Two contemporary historians of the confederation of Kilkenny: John Lynch and Richard O’Ferrall’) gurbh ea. Sa léirmheas ar leabhar an Línsigh, De Praesulibis Hiberniae, 1944 (Studies, Márta 1945), caitheann Aubrey Gwynn amhras air. Déantar talamh slán de gur fhreastail sé ar scoil Alexander Lynch ach fiafraíonn Gwynn nach aisteach go ndearna John Lynch cur síos ar an scoil gan a lua gurbh é an príomhmháistir a athair. Tá cuntas iontaofa ar a bheatha ag Mathew Kelly in eagrán 1848-52 de Cambrensis Eversus. Deirtear freisin gurbh í Julia Kirwan, deirfiúr le Francis Kirwan, easpag Chill Ala, a mháthair ach arís táthar in amhras faoi.

Nuair a dhruid na coimisinéirí ríoga an scoil sin Alexander i 1615, chuir Francis Kirwan an Línseach chuig coláistí na nÍosánach in Dieppe agus Douai. Chuaigh sé ó Douai go Rouen agus rinne staidéar ar an diagacht ann. D’fhill sé ar Éirinn i 1624 agus oirníodh é an bhliain dár gcionn. Chaith sé beagnach 30 bliain ar an misean Éireannach. Sular tugadh cead i 1642 eaglaisí Caitliceacha a oscailt léadh sé aifreann i dtithe príobháideacha agus in áiteanna uaigneacha, agus bhí scoil aige i nGaillimh, de réir an DNB. Bhí sé ina bhardach ar theach coláiste Eaglais San Nioclás. Ar feadh 24 bliain bhí sé ina shéiplíneach ag Sir Richard Blake. Timpeall 1630, ceapadh é ina ard-deagánach ar dheoise Thuama. Bhí cónaí air i sean-chaisleán Ruairí Uí Chonchubhair, ardrí deireanach na hÉireann. Níl ach beagán eolais le fáil faoi sna blianta ina dhiaidh sin. Thug sé cuairt ar Loch Dearg agus bhí sé ina theagascóir ag Thadeus McKeogh, fear a bheadh ina easpag ar Chluain Fearta. Bhí sé páirteach in dhá shionóid i nGaillimh, i 1632 agus i 1640. Nuair a ghabh forsaí Chromail seilbh ar an gcathair i 1652, d’éalaigh sé thar lear. Is dóigh gur sa Bhriotáin a chaith sé an cuid eile dá shaol. In St Malo a foilsíodh cuid dá shaothar. Bhí cónaí air ansin i 1660 agus bhí a chol ceathrair Andrew Lynch, easpag Chill Fhionnúrach, ann freisin. D’éag sé tuairim 1677. Tá an t-alt cuimsitheach ‘John Lynch of Galway (c.1599-1677)’ i gcló ag René D’Ambrières agus Éamon Ó Ciosáin in Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, 55, 2003. Deir na húdair sin gur éag sé i sráidbhaile Saint Lormel 30 Meán Fómhair 1677. Tá sé curtha ansin.

In St Malo, is cosúil, a foilsíodh a phríomhshaothar, Cambrensis Eversus, 1660 faoin ainm pinn ‘Gratianus Lucius’. Do Rí Séarlas II a tiomnaíodh é. Rinne Theophilus O’Flanagan aistriúchán Béarla agus foilsíodh le nótaí é i 1795. Chuir an Cumann Ceilteach eagrán Matthew Kelly amach 1848-52. Deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Mar is léir ar an teideal, is é a bhí i leabhar an Línsigh bréagnú cosantach eile ar chuntais fhalsa éagóracha Giraldus Cambrensis ar Éirinn ach thug scríobh an leabhair caoi oiriúnach don údar an bonn dlíthiúil agus an bonn diagachta a bhí le ceart Shéarlais chun coróin na hÉireann a shoiléiriú is a dheimhniú...’. Chruthaigh sé go raibh gaol sinseartha ag Rí Séamus I le rithe na gcúigí go léir agus go raibh ceart glan aige ar ríocht na hÉireann. Deir Matthew Kelly: ‘Viewed merely as a refutation of Giraldus de Barry, it is on some points unsuccessful; but its comprehensive plan, embracing a great variety of well-digested and accurate information on every period of Irish history, imparts to it a value entirely independent of the controversial character inscribed on its title page.’

Tá na foinsí a bhí aige áirithe ag Gwynn. Ina measc bhí ‘Foras Feasa ar Éirinn’. Chóipeáil an Dubhaltach Mac Fhirbhisigh giotaí as seanannála dó. Tugann Gwynn fianaise gur cheadaigh sé Annála Ríoghachta Éireann agus tuairimíonn go ndearna Ruairí Ó Flaithbheartaigh cóip dó nuair a bhí cóip átagrafaithe aige féin tamall. ‘Annales Dungalenses’ an teideal a thugann Lynch dó. Deir Gwynn freisin go raibh seanlámhscríbhinn, agus annála inti don tréimhse 1141-1200, ina sheilbh, chomh maith le Annála Loch Measca. Níl teacht ar an dá shaothar sin anois. Is don Línseach, b’fhéidir, a rinne Mac Fhirbhisigh cóip den ‘Chronicon Scotorum’ (Nollaig Ó Muraíle. The Celebrated Antiquary, 1996). Bhí teacht freisin ag an Línseach ar shaothar Ussher agus James Ware. Is geall le haistriúchán ar dhán Sheáin Mhóir Uí Dhubhagáin, ‘Triallam timcheall na Fódla’, ceann de na caibidlí.

D’fhoilsigh sé Alithinologia 1664, a bhfuil 350 leathanach ann, agus forlíonadh leis, Supplementum Alithinologiae, 1667, faoin ainm pinn ‘Eudoxius Alithinologus’ chun tuairimí Risteáird Ui Fhearghail, Caipisíneach, a bhréagnú. Bhí scríofa ag an bhFearghaileach seo go raibh cibé cearta a bhí ag ríthe Shasana ar ríocht na hÉireann caillte acu de bhrí gurbh eiricigh iad; ní raibh ina mheamram ach sé leathanach. Tá cuntas ar an díospóireacht ag Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar, 1996 agus ag Patrick J. Corish (op.cit). Deir Corish: ‘The Alithinologia contains almost all that John Lynch has to say concerning the history of the confederation of Kilkenny... . The Alithinologia, in particular, showed that a man who had been a citizen of Galway saw the history of his country very differently from a member of the one-time ruling family of Annaly.’ Coigistíodh tailte na nGael ach tháinig an cuid ba mhó de na Sean-Ghaill slán.

Scríobh sé dán Laidine agus d’fhoilsigh James Hardiman é in Miscellany of the Irish Archaeological Society, 1, 1846. Is é atá ann na fáthanna nach raibh fonn air filleadh ar Éirinn, é ag freagairt na ceiste ‘Cur in patriam non redis?’. Ceann díobh gur ionsaigh sé duine áirithe in Cambrensis Eversus agus gur mhair mac an duine sin go fóill; ba dhóigh le Matthew Kelly gurbh é Sir Charles Coote, uachtarán Chonnacht, a bhí i gceist. Tháinig seisean i gcomharbacht ar a athair Sir Charles i 1661: bhí tugtha ag Lynch faoin athair ‘with unwonted vigor’. Fáth eile gurbh fhearr leis lonnú i dtír inarbh fhéidir iomláine an liotúirge Chaitlicigh a chleachtadh go lánoscailte.

I 1669, foilsíodh faoina ainm féin cuntas a scríobh sé ar bheatha an Easpaig Francis Kirwan, an té a deirtear b'uncail dó. D’fhoilsigh an tAthair C. P. Meehan eagrán le haistriúchán agus nótaí in 1848. Bhí De Praesulibus Hiberniae, cuntas ar easpaig na hÉireann, réidh aige faoi 1672. Ach cibé cúnamh a bhí aige chun Cambrensis Eversus a chlóbhualadh deich mbliana roimhe sin bhí an tobar sin díscithe anois. Níor foilsíodh é go dtí 1944 nuair a chuir an tAthair John Francis O’Doherty in eagar é. Shíl seisean nárbh fholáir nó fuair sé bás i 1672. Ach sa léirmheas úd in Studies, scríobh Gwynn: ‘But Father John Brady, in reviewing these two volumes, has brought forward documentary proof that its author was still alive in 1677.’ In Irish Ecclesiastical Record LXV, 1965 atá an léirmheas sin agus is é an fhianaise atá ann litir Laidine a scríobh Ardeaspag Thuama, James Lynch, Meán Fómhair 1677, ina dtagraíonn sé don Línseach a bheith beo go fóill agus aois mhór aige.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú