Ó 1641 go ceann i bhfad bhí an dá aigne ann i dtaobh chearta ríthe Protastúnacha Shasana ar Éirinn. Ar thaobh amháin bhí sagairt mar Peter Walsh agus John Lynch agus ar an taobh eile, ar thaobh na nGael, b’fhéidir a rá, bhí na sagairt Risteárd Ó Fearghail agus Cornelius O Mahony. Tá cuntais ar an Mathúnach seo in Dictionary of national biography agus ag Proinsias Ó Fionnagáin S.J. in The O’Mahony Journal 16, 1993 (‘Conor O Mahony, S.J. [1594–1656], Separatist’). Tá achoimrí úsáideacha ar a dhearcadh is a theoiricí ag Tomás Ó Fiaich in Léachtaí Cholm Cille II, 1971 (‘Republicanism and Separatism in the Seventeenth Century’) agus ag Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar ..., 1996.

B’as Múscraí dó, Chuaigh sé isteach i gColáiste na nGael in Seville tuairim 1614 agus oirníodh é 21 Nollaig 1619. Dóbair go ruaigfí as an gcoláiste é i 1620. Deir Ó Fionnagáin: ‘It is possible that O Mahony may have shown resentment at the new Jesuit regime or may well have been involved in a faction with English students .... Such student trouble was endemic where Irish and English were educated in close proximity.’ Maitheadh dó agus Lá ‘le Pádraig 1621 chuaigh sé isteach i nóibhíseacht na nÍosánach i Liospóin: ‘Cornelio Mahuno’ a ainm sa Spáinn ach sa Phortaingéil is ‘Cornelio de San Patricio’ a thugtaí air. Bhí sé ina mhaor ar chúrsaí staidéir i gColáiste na nGael ann i 1623. Cé gur iarr misean na nÍosánach in Éirinn i 1625 go gcuirfí abhaile chucu é choinnigh na Portaingéiligh greim air agus cuireadh é i 1626 go dtí Angra sna hAsóir mar ollamh le fealsúnacht mhorálta ar feadh seacht mbliana; tháinig sé slán ó chreathanna talún ann um Meán Fómhair 1630. ‘During the emergency the Irishman showed himself a man of resolute courage by the manner in which he ministered to the injured and the dying’ (Ó Fionnagáin). Ar fhilleadh dó ar an bPortaingéil tugadh cathaoir na fealsúnachta morálta in Evora dó i 1633. Thug sé a phroifisiún deiridh mar Íosánach i 1636 agus d’aistrigh go Liospóin mar a raibh cathaoir na diagachta dogmaí aige ar feadh cúig bliana. Obair thréadach a bhí ar siúl aige ina dhiaidh sin. Is i rith na tréimhse sin, i 1640 go háirithe, a thosaigh an Phortaingéil ag cur in aghaidh riail na Spáinne agus tuairimítear go ndeachaigh sin i gcion ar an Mathúnach.

Ba é teideal an leabhair a tharraing aird na hÉireann air Disputatio apologetica, de iure Regni Hiberniae pro Catholicis Hibernis aduersus haereticos Anglos. Avthore C.M. Hiberno, Artium et Sacrae Theologiae Magistro. Accessit einsdem authoris ad eosdem Catholicos exhortatio. Francofvrti; Superiorum permissu typis Bernardi Govrani, 1645. Is chun daoine a chur amú a bhí dáta, foilsitheoir agus áit fhoilsithe. Meastar nár foilsíodh é go dtí earrach 1647. ‘... Bernard Govrani will be looked for in vain in the published list of seventeenth century Frankfort printers while the comforting device superiorum permissu was employed to allay the misgivings of the scrupulously-minded’ (Ó Fionnagáin). Cuirtear ceist: cé a d’íoc as foilsiú an leabhair?

Sa Disputatio tá teagasc i dtaobh chearta ríocht na hÉireann agus bréagnú theagasc Shasana. ‘Ina leabhar tharraing sé gan bac as teagasc Bellarmine is Suárez agus chosain sé go láidir an teoiric gur tríd an bpobal ... a fuair na ríthe a gcumhacht agus, mar sin, go raibh sé de cheart ag pobal tíoránach nó eiriceach de rí a athrí’ (Ó Buachalla). Is é a thugann Ó Fiaich ar an leabhar ‘the most fortright exposition of the separatist viewpoint in the 1640s’. Is é breithiúnas Uí Fhionnagáin: ‘The Disputatio or Argument, taken by itself, prescinding from the circumstances of the time in which it was published, is a notable contribution to Irish political thinking: it is a lucid prospectus for Irish independence of England. The pity is that O Mahony did not leave well enough alone. To the Disputatio he added the Exhortatio and it is this part of the work which has come in for most criticism. He exhorts his countrymen to throw off once and for all the yoke of a heretic king and elect a prince of Old Irish Stock as King of Ireland.’ Síleadh ag an am gur ag tathant a bhí sé gurbh é Eoghan Rua Ó Néill an rí. Meabhraíonn sé dá léitheoirí go raibh 150,000 eiriceach maraithe ag Gaeil agus ba é a bhí le déanamh anois an chuid eile a mharú nó a ruaigeadh as an tír. As síolteagasc Shasana ar an mór-roinn a thóg sé an figiúr sin na marbh agus is é a thug sé leis as, dar leis an bhFionnagánach, go raibh ag éirí go maith le fórsaí na Comhchomhairle agus gur ar pháirc an chatha a maraíodh na heiricigh.

Chuir an leabhar isteach go mór ar Bhardas na Gaillimhe agus dhamnaigh siad é 11 Meán Fómhair 1647. Scríobh Rinuccini ina thaobh go raibh leas á bhaint as ag lucht leanúna Mharcas Urmhumhan d’fhonn go mbeadh gráin an phobail ar eaglaisigh agus ar Ultaigh, agus gurbh iad na breithimh agus na dlíodóirí ba mhó a bhí á dhamnú toisc go gcaillfidís a dteidil agus a maoin dá bhfaightí a rí eiriciúil a bheith neamhdhlisteanach. Is dóigh gur bhain naimhde an nuintis leas as sa troid ina aghaidh. I gCill Chainnigh loisc an crochadóir an leabhar agus thug Peter Walsh naoi seanmóir á dhamnú. Sa Phortaingéil d’áitigh Ambasadóir na Breataine ar Rí Seán IV go gcuirfí cosc air, rud a rinne sé. Áitiodh ar na hÍosánaigh an Mathúnach a smachtú, rud nach ndearna siad. Ní raibh coinne lena bhás 28 Feabhra 1656 i Liospóin. Deich mbliana ina dhiaidh sin cuireadh tine leis an leabhar arís ag sionad Caitliceach i mBaile Átha Cliath. Deir Ó Buachalla: ‘Na guthanna fánacha a cheistigh idir cheart an rí in Éirinn is an dílseacht a bhí dlite dó ... caitheadh leo mar a chaithfí le heiricigh; b’é an t-aon chinneadh amháin de chuid an tseanaid ar glacadh nemine contradicente leis go ndamnófaí is go ndóifí leabhair Chonchúir Uí Mhathúna agus Risteaird Uí Fhearghail ...’. Agus ní raibh deireadh déanta go fóill. Cuireadh athchló air i mBaile Átha Cliath in 1826. Deir Ó Fionnagáin: ‘A tradition of nineteenth century Irish Jesuits had it that the book was re-issued in order to damage the movement for Catholic Emancipation. Considering the time and place of this edition of the Disputatio they were probably right.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú