Luaitear é i gcomhluadar staraithe mar Aodh Mac an Bhaírd, Seán Mac Colgáin, Stephen White, Pádraig Pléimeann, John Lynch, David Rothe.... Tá cuntas air ag Thomas O’Connor in Irish Theological Quarterly 64/2, 1999 (‘Towards the invention of the Irish Catholic Natio; Thomas Messingham’s Florilegium’) agus arís in Ríocht na Midhe XI, 2000 (‘Thomas Messingham and the seventeenth-century Church’); in Collège des Irlandais Paris and Irish Studies, 2001 tá cuntas ag Proinsias Mac Cana.

Ba de bhunadh shean-Ghall na Mí é. Bhí duine díobh pósta ar bhall de theaghlach Ussher-Loftus sa 16ú haois. Cuireadh oideachas air sa mhór-roinn agus bhí sé sa choláiste Éireannach in Douai i rith Chogadh na Naoi mBliain: deirtí paidreacha ann ar son Uí Néill. Ach thugtaí faoi deara ar Mhessingham go mbíodh polasaithe na Sean-Ghall á gcur os ard aige i dtaobh gur cheart glacadh le ríthe Shasana agus go mbeadh Caitlicigh sásta ach go bhfágfaí saoirse theoranta acu chun a gcreideamh a chleachtadh. Bhí caidreamh aige in Douai agus arís i bPáras le David Rothe. Bhog sé go dtí an coláiste Éireannach i bPáras agus bhain céim mháistir ann i 1613 agus fuair dochtúireacht ar ball ón Sorbón. Dealraíonn sé go raibh sé gníomhach sa pholaitíocht sa mhéid go raibh eolas i dtaobh na hÉireann á chur aige chun na Róimhe agus chun ríthe Caitliceacha. Ceapadh é ina reachtaire ar an gcoláiste i 1621 agus bhí an post sin aige go fóill i 1632. Ba é faoi deara go raibh comhcheangal ag an gcoláiste le hOllscoil Pháras ó 1624 ar aghaidh. Meastar go mb’fhéidir gur fhág sé an post uair éigin i dtreo dheireadh a shaoil chun a bheith ag feidhmiú go lánaimseartha mar ghníomhaire thar ceann na heaglaise in Éirinn. Ach is é an fáth a bhfanann cuimhne air go raibh baint aige ó thús le tionscnamh naomhsheanchas na hÉireann agus gur scríobh sé Officia SS. Patritii, Columbae, Brigidae et aliorum quorundam Hiberniae Sanctorum, 1620 agus Florilegium Insulae Sanctorum, 1624. Bhí an dara saothar sin ina fhoinse eolais ag Seathrún Céitinn, dar le Bernadette Cunningham (The world of Geoffrey Keating, 2000). San imleabhar céanna sin tá saothar eile leis: ‘Tractatus de Purgatorio Sancti Patricii ex diversis Authoribus ...’. Tuairimítear gurbh é Messingham féin a d’aistrigh go Gaeilge an cuntas seo ar Phurgadóir Phádraig; tá sé i lámhscríbhinní san Acadamh Ríoga agus i gColáiste na Tríonóide agus leagtar é ar an Athair Tomás ‘Wellsingham’, ainm nach bhfuil ann, síltear, ach camléamh ar ‘Messingham’.

Bhí sé ar dhuine de lucht an Fhrith-Reifirméisin ba thúisce a chonaic tábhacht thréadach agus pholaitiúil obair an naomhsheanchais sa troid in aghaidh lucht iompúcháin creidimh. Bhí an portús á athcheartú sa Róimh agus ba mhian leis go dtabharfaí aitheantas d’Éireannaigh ann. Bhí i gceist go mbeadh sé féin, Aodh Mac Aingil, Pádraig Pléimcann agus Aodh Mac an Bhaird ag comhoibriú le chéile san fhiontar seo. Theip ar an gcomhoibriú tar éis tamaill ach deir Cainneach Ó Maonaigh in Father John Colgan, O.F.M., 1592-1658: Essays in commemoration of the third centenary of his death, 1959, in eagar ag Terence O’Donnell, i dtaobh na teagmhála a bhí aige le Mac an Bhaird agus leis an bPléimeannach i 1623: ‘... but it was this meeting in Paris and the discussions between the three Irishmen on the lives of the Irish saints that really inaugurated the whole Louvain historical and hagiographical scheme.’ Ta tagairtí don easaontas a d’éirigh idir Mac an Bhaird agus Messingham ag Proinsias Mac Cana(op.cit.).

Deir O’Connor: ‘The demonstration of Ireland’s possession of a properly authenticated saintly pantheon was part of a broader public-relations enterprise. Its objective was to portray Ireland as an ancient, autonomous nation, which from the dawn of time had close links with Europe and from apostolic times was linked to Rome’. Níl a fhios cathain a d’éag sé ach níl tagairt dó i ndiaidh 1638.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú