Pádraig A. Breatnach in Éigse XXXI, 1999 (’An Irish Bollandus: Fr Hugh Ward and the Louvain Hagiographical Enterprise’) is grinne a rinne staidéar ar an ról ceannasach a bhí aige i scéim staire agus naomhsheanchais Lováin. Tá cur síos ar an tionscnamh freisin ag Richard Sharpe in Medieval Irish Saints’ Lives: an introduction to Vitae Sanctorum Hiberniae, 1991 (go háirithe i gcaibidil a dó: ’The Background to Acta Sanctorum Hiberniae’). Scríobh Éamonn Ó hÓgáin cuntas fada air sa tsraith ’Irish Historical Studies in the Seventeenth Century’ (Irish Ecclesiastical Record, Samhain 1870). Norman Moore a scríobh an cuntas in Dictionary of National Biography. Gheofar tagairtí do sheanfhoinsí sa chuntas sin agus tá liosta de thagairtí go nuige seo gan amhras ag Breatnach. Cuireann Breatnach thar amhras gur Eoghan a bhí ar a athair agus gurbh í Máire Ní Chléirigh a mháthair (cáipéis i gcló ag D.J. O’Doherty in Archivium Hibernicum 2, 1913 atá mar fhianaise aige). Meastar gurbh é an Eoghan seo an file aitheanta Eoghan Rua Mac an Bhaird a d’fhág Éire i 1608 agus a bhí ina chónaí sa Róimh anuas go 1625.

Cuireadh oideachas ar Aodh i gConnachta mar a raibh Thadeus Higgen ar dhuine dá mháistrí; is dóigh le Breatnach gurbh é sin Tadhg Óg Ó hUiginn, mac le Tadhg Dall. Dar le duine dá bheathaisnéisíthe comhaimseartha go raibh sé míchumtha agus is cosúil nach raibh an tsláinte go maith aige riamh. Chaith sé ceithre bliana in Ollscoil Salamanca sular ghlac Lúcás Wadding isteach san Ord Froinsiasach ansiúd é i 1616. Faoi 1622 bhí sé i bPáras mar chompánach ag oide faoistine Bhanríon na Fraince agus ag múineadh fealsúnachta nó diagachta i gcoinbhint na bhFroinsiasach sa chathair sin. I dtús na bliana dár gcionn a casadh air an Froinsiasach Pádraig Pléimeann a bhí ar a bhealach chun na Róimhe mar chompánach ag Aodh Mac Aingil. Chuaigh méid a spéise i naomhsheanchas na hÉireann i gcion go mór ar an bPléimeannach agus gheall seisean cúnamh agus comhoibriú. Chuaigh an bheirt acu chun cainte leis an Athair Thomas Messingham, reachtaire Choláiste na nGael i bPáras, a bhí cheana féin i mbun leabhar a scríobh ar bheathaí naoimh na hÉireann. Deir Cainneach Ó Maonaigh (Father John Colgan OFM..., 1959, in eagar ag Terence O’Donnell, OFM): ’... it was this meeting in Paris and the discussions between the three Irishmen on the lives of the Irish saints that really inaugurated the whole Louvain historical and hagiographical scheme.’ ’Ceann de na scéimeanna ba thábhachtaí agus ba thorthúla i gcaomhnú sheaniarsmaí na nGael’ a thugann Williams agus Ní Mhuiríosa air in Traidisiún Liteartha na nGael, 1979.

I 1623 ceapadh é ina léachtóir le diagacht i gColáiste Antaine i Lováin. Toghadh é ina Ghairdian ar an gcoláiste in Aibréan 1626, post a bhí aige go ceann trí bliana. I rith an achair sin chuir sé aithne ar scoláirí móra ar nós an Íosánaigh John van Bolland údar na gcéad imleabhar den saothar mór Íosánach, Acta Sanctorum (1643). Nuair a bhí a théarma mar ghairdian istigh b’éigean dó leanacht air mar riarthóir ag Froinsiasaigh na hEorpa. Níor éirigh leis ach an t-aon leabhar amháin a fhoilsiú, Sancti Rumoldi acta, 1662. Síleadh ag an am gurbh Éireannach an naomh seo a bhí ina éarlamh ag deoise Malines; ardeaspag na deoise a choimisiúnaigh an saothar. D’éirigh le Mac an Bhaird an leabhar seo a chríochnú i 1631. D’éag sé 8 Samhain 1635 in aois 42 bliana dó.

Deir Breatnach: ’Ward’s reputation as “the Bollandus of Ireland” rests primarily, as is well known, on the estimation of contemporaries who were his enthusiastic collaborators, not on authorship of any major published hagiographical oeuvre.’ Léiríonn sé gurb é príomhfháth an ardmheasa seo gur theastaigh ó Sheán Mac Colgáin, údar Acta Sanctorum Hiberniae, 1645, gurbh é ainm Mhic an Bhaird a thabharfaí mar údar ach nach ligfeadh a uachtaráin ná a chairde dó sin a dhéanamh. Glactar leis nach le teann umhlaíochta amháin a déarfadh an Colgánach a leithéid ach d’fhonn cothrom na Féinne a thabhairt. Bhí comhfhreagras ag Wadding le Mac an Bhaird agus thug seisean fianaise go raibh beathaí naomh scríofa ag Mac an Bhaird i Laidin agus i nGaeilge, gur fhoilsigh Mac Colgáin iad sin, agus gur fhág sé ina dhiaidh freisin scríbhinní staire agus martarlaige. Tá eolas beacht ar an bplean a bhí aige chun saothar dar teideal Hagiologium Hiberniae a thiomsú. Is é is mó a spreag Pádraig Pléimeann chun ábhar a bhailiú. Ach is dóigh gurbh é an gníomh is mó ar fad dá ndearna sé gur chuir sé Michél Ó Cléirigh a bhailiú ábhair agus a chóipeáil leabhar in Éirinn i 1626. Is é a deir an tAthair Feilim O’Brien: ’The greatest debt of all which Irish history owes to Hugh Ward is for his discernment in perceiving the peculiar abilities for Irish historical research possessed by Michél O’Cleirigh’ (i gcló ag Breatnach). Is dóigh le Breatnach gur de réir a chéile a thuigfear méid iomlán na comaoine a chuir sé ar scéim an naomhsheanchais. Is mar seo a shuimigh Pól Breathnach an scéal in Irish Men of Learning, 1947: ’The writing of the Annals [Annála Ríoghachta Éireann] was not contemplated when the Louvain project first took shape. It was an afterthought, as Michael Ó Cléirigh himself implied when he said he commenced that task only after ten years spent collecting material for the Lives of the Saints. The Annals did not come into Ward’s scheme at all.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú