Luaitear é i gcomhluadar Chéitinn, John Lynch, Uí Shúilleabháin Béarra agus na staraithe eile a bhréagnaigh na cuntais a thug Giraldus Cambrensis ar Éirinn. Deir Pádraig Breatnach in Éigse XXXI, 1998 go raibh sé ar dhuine de na staraithe a spreag Thomas Messingham chun saothair. Tá cuntas air in Dictionary of National Biography agus in The Catholic Encyclopedia, 1912. In Waterford Archeological Journal III, 1897 (‘Worthies of Waterford and Tipperary: Life of Father Stephen White S.J., Theologian-Polyhister’) deir Éamonn Ó hÓgáin gur ródhóigh go raibh sé i measc na gcéad mhac léinn i gColáiste na Tríonóide ach gur tharraing a thuismitheoirí amach é sularbh éigean dó an Mionn Ardcheannais a ghlacadh; is deimhin go raibh ‘Stephen White’ i measc ainmneacha na gcéad scoláirí sa choláiste. Deir an tÓgánach: ‘Stephen White, of Clonmel, was one of the three or four most learned men that Ireland has ever produced. In the seventeenth century his reputation for vast and varied erudition was European.’ I gCluain Meala a rugadh é. Cuireadh oideachas sagairt air i gColáiste na nGael in Salamanca, áit ar ceapadh é ina ‘léitheoir’ fealsúnachta. Chuaigh sé isteach sna hÍosánaigh i 1596 agus ó 1606 amach bhí sé ina ollamh le fealsúnacht scolaíoch. Bhí sé ar dhuine den bheirt ba mhó a chabhraigh le William Bathe (1564–1614) chun an córas múinte teangacha Janua linguarum a fhorbairt. Bhí sé ag múineadh diagachta in áiteanna éagsúla sa Ghearmáin, chaith tamall fada ina reachtaire in Cassel agus bhí in Schaffhausen ar feadh i bhfad. D’adhain foilsiú saothar Giraldus Cambrensis in Frankfurt a shuim i luathstair na hÉireann. Deirtear gurbh é faoi deara seilbh a bheith ag Éirinn arís ar an ainm ‘Scotia’. Bhí sé, b’fhéidir, ar an gcéad scoláire a dhéanadh lámhscríbhinní Éireannacha a chuardach i mainistreacha na Gearmáine. Rinne sé cóip de bheatha Naomh Colmán d’Aodh Mac an Bhaird, agus cóip de bheatha Naomh Bríd do Sheán Mac Colgáin.

Bhí comhfhreagras cairdiúil aige le James Ussher agus tá fianaise an ardeaspaig sin againn ar a chúirtéisí a bhí sé ag roinnt an eolais a bhí aige ar scoláirí eile. Deir Louis McRedmond in For the greater glory: a history of the Irish Jesuits, 1991: ‘Ussher wrote of him as “a man of exquisite knowledge in the antiquities not only of Ireland but also of other nations”.’ Scoláire maith Eabhraise ba ea é. I mbliain 1621 rinne sé cóip in Dillingen de bheatha Cholm Cille le Naomh Adhamhnán agus bhí sin ar an lámhscríbhinn ba thábhachtaí le William Reeves agus é ag scríobh The life of St Columba, Founder of Hy. written by Adamnan, 1857. Bhí an chóip sin ar iasacht ag James Ussher roimh 1639 nuair a d’fhoilsigh sé Britannicarum Ecclesiarum Antiquitates; tá sa leabhar sin sliocht fada as beathaisnéis neamhfhoilsithe ar Cholm Cille agus chreid Reeves gurbh é White a scríobh. Deir Reeves sa réamhrá leis an leabhar thuasluaite: ‘White furnished Ussher with many other fruits of his Continental searches, which the Archbishop acknowledges; and a folio MS. of Ussher’s, containing these communications of White’s, was lately sold by Mr. Kerstake of Bristol. The long extract from the anonymous Life of St. Columba which Ussher has printed ... is most probably from White’s own pen .... It is refreshing to witness the literary friendship which existed in this case between men of different communions, and in an age when party feeling ran high.’ D’fhill White ar Éirinn tamall maith éigin roimh 1640 agus bhí ag múineadh i gcoláiste a bhí ag na hÍosánaigh i mBaile Átha Cliath sular chuir an rialtas faoi chois é. Ba mhinic é i dteach Ussher, é ag staidéar sa leabharlann nó ar cuireadh chun dinnéir ann.

Ar feadh tamaill fhada ní raibh teacht ar an saothar ba thábhachtaí óna láimh, Apologia pro Hibernia adversus Cambri calumnies. Ach thángthas air i lámhscríbhinn sa Leabharlann Bhurgúnach sa Bhruiséil in 1847. Chuir Matthew Kelly eagar air agus foilsíodh é in 1849. Deirtear go raibh sé ina bheatha go fóill nuair a d’fhoilsigh Mac ColgáinTrias Thaumaturga i 1647. Dar leis an Catholic Encyclopaedia gur aistrigh sé go Gaillimh i 1644, tar éis dó a bheith ag múineadh an chreidimh i nDeoise Phort Láirge agus Leasa Móire, agus gurbh i nGaillimh a d’éag sé.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú