Chuir Tadhg Ó Donnchadha (‘Torna’) eagar ar a dhánta in Irisleabhar na Gaedhilge ó Eanáir 1905 amach. ‘Tamall ó shin is mé ag dul trí leabhair Stowe in Acadamh Ríoga na hÉireann do bhuail umam orthu leabhar ó Chúige Chonnacht ina bhfuil roinnt dánta is amhrán a cheap Seán Ó Gadhra éigin. Do chuir feabhas a ndéanta ionadh orm agus dúirt liom féin gur chóir iad a chur i gcló.’ Tugann Torna teideal na lámhscríbhinne: ‘Oibreacha nó an chuid is Oirdheirce agus is Foghlumtha de Shaotharaibh Sheáin Uí Ghadhra (file agus) Fallsamh. Ar n-a gcur i n-eagar agus i n-órdughadh dilis (na) Gaoidheilge gan chlaochlódh; le Ruaidhrí Mac Diarmada, Anno 1758’. Tugann an tAthair Mac Domhnaill a bhfuil ar eolas ina thaobh in Dánta is Amhráin Sheáin Uí Ghadhra, 1955 agus is beag é. I gCnoc Reamhar, Co. Shligigh a bhí cónaí air agus Seán ab ainm dá athair. Tá le baint as a dhánta gur mháistir scoile agus feirmeoir a bhí ann. Bhí Béarla agus Laidin aige agus eolas aige ar fhealsúnacht an chreidimh agus ar fhinnscéalaíocht na Gréige. Is léir go raibh sé léannta. Bhí cumas aige ar an dán díreach a scríobh. Bhí caidreamh aige ar an scoláire Ruairí Ó Flaithbheartaigh ‘scafaire an léinn’, agus b’aithnid dó saothar Sheáin Mhic Colgáin. Bíonn tagairtí aige do John Lynch, do Sir James Ware, do Pheter Walsh, do Mhichél Ó Cléirigh, do Thadhg Ó Rodaighe, ‘scolaí tréitheach’, agus do Sheathrún Céitinn. Scríobh sé ‘Buan an Eagna’, marbhna ar Thoirdhealbhach Ó Cearbhalláin nár éag go 1738 ach is é míniú Mhic Domhnaill air sin gur dán molta is ea marbhna. ‘In obitum Doctissimi Roderici O’Flaherty, Armigeri’ an teideal a chuir sé ar a thuireamh ar Ruairí Ó Flaithbheartaigh a d’éag ar 8 Aibreán 1718 agus sin é an fáth a gceapann Mac Domhnaill gur tuairim 1720 a d’éag Ó Gadhra féin.

Is insuime an duine é. Ní foláir nó bhí sé ar na filí ba thúisce a d’aistrigh dán ón mBéarla (‘De Natura’ le Abraham Cowley). Tá píosa próis aige in ‘Tuireadh na Gaedhilge agus Teastas na hÉireann’ a ndeir Williams agus Ní Mhuiríosa faoi (Traidisiún Liteartha na nGael, 1979): ‘Sin píosa maith scríbhneoireachta, é lom, fuinneamhach, rithimeach; is é an trua nár chleacht Ó Gadhra an prós níos minicí.’ Scríobh sé dánta molta ar dhaoine cáiliúla a linne mar Bhrian Ó hUiginn, dlíodóir nótáilte a d’éag 1715, agus Toirdhealbhach Óg Mac Donnchadha, abhcóide, agus tá léargas áirithe ar Éirinn na linne ina shaothar i gcoitinne.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú