Seo é an fear a scríobh an chéad leabhar Gaeilge dár clóbhuaileadh in Éirinn, agus an chéad leabhar clóbhuailte riamh sa chló gaelach, Aibidil Gaoidheilge & Caiticiosma .i. forcheadal nó teagasg Criosdaighe..., 1571. 200 cóip a clóbhuaileadh agus níl ach dhá chóip ar marthain, ceann i Leabharlann na Breataine agus an ceann eile i Leabharlann Bhodley in Oxford (luaití an tríú cóip a bheith in Ardeaglais Lincoln ach ní raibh sé ann nuair a chuir Tomás de Bhaldraithe ceist faoi). Níl a fhios cérbh é an clódóir. Thuairimigh E. C. Dix (Printing in Dublin prior to 1601, 1932) gurbh é Uilliam Ó Cearnaigh é ach déanann Nicholas Williams (I bprionta i leabhar... 1567–1724, 1986) beag is fiú den tuairim sin; clódóir nótáilte agus gaol le Seán Ó Cearnaigh ba ea é ach bhí 1571 róluath dó. I 1994 d’fhoilsigh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha CliathAibidil Gaoidheilge & Caiticeasma. Seán Ó Cearnaigh’s Irish Primer of Religion published in 1571. Edited with introduction by Brian Ó Cuív. Is iad na ranna atá sa chaiticeasma seo: eipistil chun an léitheora; aibítir agus litriú; an caiticeasma féin, arb aistriúchán é ar an gceann atá in Book of Common Prayer, 1559; urnaithe; an dá cheann déag d’airteagail chreidimh.

Níl ach fíorbheagán eolais againn ar Ó Cearnaigh. Is i Luíne, Co. Shligigh, a rugadh é agus is dóigh, mar sin, gurbh ar scoil ag muintir Uí Uiginn san áit chéanna sin a bhí sé. Tuairimíonn Ó Cuív gurbh in Cambridge a d’iompaigh sé ina Phrotastúnach, tharla an creideamh leasaithe a bheith go mór i bhfaisean ann le linn Uí Chearnaigh. Tuairimíonn sé freisin gur cuireadh oiliúint i scoil filíochta air: ‘This seems even more likely if, as is probable, it was he who provided the text of Pilib Bocht Ó hUiginn’s poem for the broadsheet’. Is ag tagairt atá Ó Cuív don dán ‘Tuar ferge foighide Dé’; clóbhuaileadh é, mar phíosa trialach, b’fhéidir, sular cuireadh an caiticeasma amach agus an t-aon chóip dá bhfuil ar marthain is in Cambridge atá. Deir Cunningham gur tairgeadh ardeaspagóideacht Thuama dó agus gur dhiúltaigh sé é. Bhain sé céim amach i bhFeabhra 1565 tar éis dó a bheith i gColáiste Mhagdalen in Cambridge. Ceapadh é ina chisteoir in Ardeaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath. B’fhéidir gur le linn dó a bheith in Cambridge a d’aistrigh sé an caiticeasma go Gaeilge. Deir sé san eipistil chun an léitheora: ‘Agus ní hé amháin atáim á iarraidh ort an ceartú ceannsa carthanach a thabhairt ar an gcló, ach cheana ar an translásion nó ar an athrú a rinneas-sa ar an gcaiticeasma seo a cuireadh amach roimhe ar mhórán culaidh linn 1563 d’aois an Tiarna...’ (litriú an lae inniu ag na húdair). Dúradh in Dictionary of National Biography: ‘A previous edition, as he states in his preface, had appeared in 1563, but it is otherwise unknown.’ In Éigse, earrach 1958 (‘Leabhar Charswell in Éirinn’) deir Tomás de Bhaldraithe: ‘Is deacair a bheith fíorchinnte den chiall a bhí aige le do cuireadh amach ar mhór an [ar mhórán] chulaidh línn. Is dóigh gurb éard is ciall dó gur chuir sé amach é faoi chlónna éagsúla.... Pé ciall atá leis na focail sin, tá sé le tuiscint ón sliocht thuas nár chuir sé amach sa mbliain 1563, ach an Caiticiosma.’ I gcuid eile den alt céanna taispeánann de Bhaldraithe gurbh as leabhar Charsuel a fuair Ó Cearnaigh cuid de na paidreacha. Ach, maidir leis an leabhar a cuireadh amach in Cambridge, is é an léamh a dhéanann Williams ar an tagairt sin gur leabhar lámhscríofa a bhí i gceist, b’fhéidir.

Tairgeadh post i gConnachta dó ag pointe éigin i ndiaidh 1571 ach bhí eagla air glacadh leis i ngeall ar a chorraitheacht a bhí an chuid sin d’Éirinn. Bhí baint aige le haistriú an Tiomna Nua go Gaeilge. Tá tagairt ag James Ware do lámhscríbhinn a aistriúcháin a bheith ar marthain go fóill lena linn féin, ach má bhí a leithéid ann tá sé imithe gan tuairisc ó shin. I 1587 rinneadh tagairt dá bhás.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú