Ag Béal na Cruite a rugadh é 11 Samhain 1904. Cháiligh mar mhúinteoir i gColáiste De La Salle, Port Láirge, i 1925. Ag múineadh in Árainn Mhór, Oileán na Cruite, i Loch an Iúir (ina phríomhoide). Ansin i Scoil Mhullach Dhubh gur dúnadh í. Tamall i Scoil Anagaire. Scéalta aige in Amárach. Chum sé ‘Ar bharr Chnoc na Naomh’, ‘Ag siúl cois na trá domh i ndoimhneacht na hoíche’, ‘An báthadh mór’, ‘An Deoraí’ agus amhráin eile. D’éag 16 Bealtaine 1975.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú