Bhí stór mór amhrán ag Neilí Mhicí Hiúdaí mar a b’fhearr aithne ag a cairde uirthi agus tá cuntas iarbháis in Ceol VII, uimhreacha 1 agus 2, 1984 ag Cathal Goan, atá pósta ar iníon dearthár di, Maighread Ní Dhomhnaill; tá iontráil nach bhfuil ainm leis in The companion to Irish traditional music (1999) in eagar ag Fintan Vallely. I Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, a rugadh í 29 Meán Fómhair 1907. Ba í an dara duine í den ochtar a rugadh do Mhicí Ó Domhnaill agus Maggie Ní Dhuibheannaigh (Maggie Chonaill). Bhí sí síolraithe ó Shéamas Ó Domhnaill, duine de na filí i dtús an 19ú haois a bhfuil cuntas ag Seosamh Mac Grianna orthu in Filí gan iomrádh (1926). Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1911: Mick O’Donnell (34), feirmeoir a raibh idir Ghaeilge agus Bhéarla aige. Bhí Béarla agus Gaeilge ag a bhean Maggie (29) freisin. Bhí an triúr páistí a rugadh dóibh beo agus ní raibh acu ach Gaeilge: Bridget (6); Ellen (5) agus Susan (3). Sa teach leo freisin bhí bean singil a bhí gaolmhar leo, Mary McFadden (74), ar Ghaeilge amháin a bhí aici.

Tuairimíonn Goan gur de dheasca radharc na súl gan a bheith go maith aici go dtéadh sí i dtreo na seandaoine agus gur fhoghlaim sí a oiread sin amhrán ar an gcuma sin; óna máthair agus ó aintín a máthar a fuair sí a bhformhór. ‘Sa bhliain 1974, faoi scéim a bhí eagraithe ag Breandán Breathnach sa Rannóg Cheoil Tuaithe, tháinig mac dearthára do Neilí, Mícheál Ó Domhnaill, go Rann na Feirste ag bailiú amhrán agus taobh istigh d’achar an-ghearr, bhailigh sé 159 amhrán idir Bhéarla agus Ghaeilge ó Neilí.’ Agus cuireann Goan leis an méid sin go raibh saibhreas ollmhór seanchais aici. Tá an bailiúchán amhrán i Roinn Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ar nós a sinsir, an file sin gan iomrá, chumadh sí amhráin; bhí cuid acu sách maith chun duaiseanna Raidió na Gaeltachta a bhuachan agus luaitear go háirithe ‘Aoibhneas na Maidine’ agus ‘Aisling an Deoraí’. Tuairim 1954 chaill sí radharc na súl ar fad. D’éag sí san ospidéal réigiúnda i Leitir Ceanainn 5 Lúnasa 1984. Tá a guth le cloisteáil sa taifead Ireland / Irlande (audivis, UNESCO D 8271). Deirtear i leabhar mór Vallely: ‘Her nieces Tríona and Mairéad [Ní Dhomhnaill] and nephew Mícheál learned many of her songs, performing them solo and with such groups as Skara Brae, the Bothy Band and Touchstone.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú