I gCill Náile, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é (William Joseph) 29 Iúil 1881. Ba é an dara mac é ag Séamus Ó Domhnaill, siopadóir/ceannaí sa tSráid Mhór, agus a bhean Mary Anne Keily. Rugadh naonúr don lánúin sin ach faoi Dhaonáireamh 1911 bhí triúr díobh marbh. I 1901 níor cuireadh síos sa Daonáireamh go raibh Gaeilge ag aon duine den chúigear a bhí sa teaghlach go fóill.

Tar éis bunoideachais i gCill Náile agus tamaill i gColáiste an Rí i Londain fuair Liam post sa státseirbhís i 1900, in Oifig an Chogaidh i Londain. Um Meitheamh 1902 bhí William J. O’Donnell ina bhall de Chraobh na Fáschoille de Chonradh na Gaeilge. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 21 Bealtaine 1905 gur aistríodh go Baile Átha Cliath é agus dúradh gur éirigh leis Gaeilge a fhoghlaim go tapaidh, gurbh in Fulham agus iardheisceart Londan is mó a shaothraigh sé i gcúis na teanga agus go raibh de cháil ar leith air go dtugadh sé cainteoirí dúchais isteach sa ghluaiseacht. Cheana féin bhí sé ag múineadh na teanga.

Cheangail sé mar bhall den Ard-Chraobh i mBaile Átha Cliath agus faoi Lúnasa 1908 bhí sé ina rúnaí acu. Deir Earnán de Blaghd gurbh é an chéad duine riamh é a chuala sé ag labhairt na Gaeilge agus gurbh é a thug isteach i gConradh na Gaeilge é.

D’aistrigh sé dráma ón bhFraincis faoin teideal An Bhean Mhíchomhairleach agus léiríodh é ag fleá san Ard-Chraobh (An Claidheamh Soluis 23 Márta 1907). I mBealtaine na bliana sin comhthoghadh é ina bhall den Choiste Gnó agus toghadh é den chéad uair ag Ard-Fheis na bliana sin. I gcomhpháirt le Pádraig Mac Piarais bhí léachtanna faoi stair na hÉireann á dtabhairt aige san Ard-Chraobh agus bhíodh colún nuacht an Chonartha á scríobh aige in An Claidheamh Soluis. Ar 2 Deireadh Fómhair 1909 bhí de dhánaíocht ann léirmheas géar a scríobh ar The native speaker examined home le Seán Maolmhuire Ó Raghallaigh. Bhí ardspéis aige i dteangacha na Mór-roinne. Deir Seán Réamoinn in The Revenue Commissioners go raibh I Promessi Sposi le Alessandro Manzoni aistrithe go Gaeilge aige. Faoin teideal Fé bhrí na mionn d’aistrigh sé dráma Rutherford Mayne, The troth, agus léiríodh é sa halla i Sráid Hardwicke 4–9 Eanáir 1915—tá sé i gcló in An Claidheamh Soluis 30 Meán Fómhair 1911 agus d’fhoilsigh An Comhar é i 1927.

Ó 1903 amach is ag obair i roinn na gCoimisinéirí loncaim a bhí sé. Nuair a d’éirigh sé as obair i 1946 ba é féin an Coimisinéir. Bhí sé ina bhall de Bhord Scoil an Léinn Cheiltighd’Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath ó 5 Márta 1943 go 31 Márta 1950. B’fhéidir gurbh é a chaidreamh ar Shinéad agus Éamonn de Valera san Ard-Chraobh i dtús an chéid faoi deara an ceapachán sin, ach deir Seán Réamoinn nach amháin go raibh eolas scolártha aige ar litríocht na Gaeilge ach go mbíodh comhfhreagras ar siúl aige le daoine a raibh dlúthbhaint acu le gluaiseachtaí teanga sna tíortha Ceilteacha go léir.

D’éag sé 26 Bealtaine 1964. Phós sé i 1918 Bríd, an tríú hiníon ag Proinsias Ó hAirt, an Port Ríúil, Co. Shligigh (Fáinne an Lae, 22 Meán Fómhair 1918).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú