Áirítear an Froinsiasach seo Áth Dara mar dhuine d’fhilí na Máighe. Tá cuntais air: ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967 ( mar aon le leathdhosaen dá dhánta) agus in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980; in An Mangaire Súgach..., 1996 le Máire Comer Bruen agus Dáithí Ó hÓgáin; in Éigse na Máighe .i. Seán Ó Tuama an Ghrinn agus Aindrias Mac Craith – an Mangaire Súgach, 1952 le Risteard Ó Foghludha, ina bhfuil trí dhán leis; in Cois Máighe na gCaor, 1965 le Mainchín Seoighe.

Bhí triúr Bonaventura dar shloinne Ó Domhnaill sna Froinsiasaigh i leath tosaigh an 18ú haois; Ultach agus léachtóir sa diagacht a d’éag roimh 5 Márta 1635 ba ea fear díobh agus d’éag an fear eile roimh 6 Meán Fómhair 1636 (Mhág Craith). Níl a fhios cén t-ainm baiste a bhí orthu sin. Ghlac Pádraig Ó Duinnín (Filidhe na Máighe) leis go raibh fear Áth Dara ina ollamh le diagacht i Lováin i 1705 agus ina uachtarán ar an gcoláiste ann i 1717. Deir Mhág Craith faoi Nioclás Ó Domhnaill, file: ‘Ní ghlaoitear bráthair ar bith as an ainm Nioclás Ó Domhnaill, chomh fada le m’eolas, ach in aon áit amháin. Agus tá an tagairt sin le fáil i bpáipéir a fuarthas i seilbh beirt Doiminiceánach a ghabh an rialtas 6 Meitheamh 1739. Bhíothas tar éis cuairt a thabhairt ar thithe an oird agus tuarascáil a scríobh fúthu. Is í an tuarascáil sin a fuarthas ina seilbh. Tar éis an méid atá tugtha síos inti faoi St. Dominic’s Ross tá nóta: MEM. There is a Minorite Nicholas O Donel, in the Kilocia district. Kilocia an Laidin a bhí ar Chill Mocheallóg. Is cosúil gurb ionann Nioclás Ó Domhnaill agus an tAthair Bonaventúra a bhí in Áth Dara faoin am sin. Ceapadh ina ghairdian é in Áth Dara, 1733, 1735, 1739, 1741, 1744, 1748, 1751, 1753, 1757. Sa bhliain 1745 fuair sé an teideal missionarius emeritus; agus toghadh é ina definitor provinciae – post a fuair sé arís 1746, 1747.’

Bhí an fear seo ina léachtóir fealsúnachta in Boulai san Fhrainc, rud a chiallódh, is cosúil, gurbh i bPrág a rinne sé a chuid staidéir. Ní luann Mhág Craith Lováin dubh ná bán. Fuair sé bás tráth éigin idir 29 Lúnasa 1657 agus 19 Feabhra 1759 (Mhág Craith). Na dátaí céanna atá ag Ó Foghludha; ní foláir nó rinne seisean teagmháil leis na Froinsiasaigh. Ba leasc leis an bhFoghludhachan Duinníneach a cheartú ach scríobh sé: ‘Níl aon deimhin againn go mba léitheoir sa Diagacht é, bíodh go bhfuil an chéim sin luaite leis faoi bhliain a 1746 – is baolach go bhfuil meascadh sa scéal ina thaobh san, mar bhí Bonabhentúra Ó Domhnaill eile ann go raibh an dá ghradam aige. Ultach ba ea eisean – ó Thír Chonaill is dócha.’ Cárbh as d’fhear Átha Dara? Deir Ó Foghludha: ‘Níl aon amhras ach gur dhuine den cheantar san Chois Máighe an tAthair Nioclás Ó Domhnaill O.F.M., Gairdian Mhainistir Áth Dara. Do b’é nós na haimsire ag an Ord san, san drochshaol, duine den dúiche chéanna a chur i mbun ionaid ina mbíodh mainistir acu...’.

Deir Bruen agus Ó hÓgáin: ‘Bhí sé mar chúram ag an Athair Ó Donaill treisiú le heagrú na hEaglaise Caitlicí sa cheantar, agus is inmheasta gur lena chabhair siúd a bhunaigh an Tuamach [Seán Ó Tuama q.v.] a scoil scairte i gCromadh’. Nuair a tháinig Seán Clárach Mac Domhnaill ar cuairt go tábhairne an Tuamaigh i gCromadh ba é an tAthair Nioclás a labhair an chéad véarsa ar an ócáid. ‘Is suntasach an ní é sin, mar gur féidir a léamh as go raibh an Gairdian Froinsiasach úd ina cheann ar aos léinn na dúiche agus go raibh ciorcal léinn á bhunú d’aon ghnó aige’ (Bruen agus Ó hÓgáin); tá an dán fáiltithe, ‘Fáilte dár nArd-fhlaith dár ndíon’ i gcló ag Ó Foghludha. Nuair a fuair a chapall Preabaire bás chaoin sé é sa dán ‘Cé fada mé folamh’. Sa véarsa deiridh thug sé, shílfeá, dúshlán a chomhfhilí Cois Máighe: ‘I mbliana táim i bpráinn i bpeannaid ’s i bpudhair / Im iarsma ar chách ó ráinig Preabaire in úir; / Níl cliar ná dáimh im dháil le dainid mé dubhach / I gcian ó táid na Seáin ’s an Mangaire Subhach.’ Thug Seán Ó Tuama, Aindrias Mac Craith, Micheál Coimín agus Tomás Ó Glíosáin freagraí fileata air. Tá na línte seo i ndán Uí Ghlíosáin: ‘Each níor iarr Froinsias dár ghealladar réir, / Ní mar sin don chliar ‘na dhiaidh a rug barra air i gcéill!’. Deir Mhág Craith: ‘Murach an t-aor a cheap Tomás Ó Glíosáin ar Nioclás Ó Domhnaill, ní bheadh cruthúnas ar bith ar fáil gur bhain sé le hOrd S. Froinsias.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú