Ní mar mhórfhile a áiríonn Domhnall Ó Corcora é in The Hidden Ireland..., 1924; shílfeá ar a chuntas-san nár scríobh sé riamh ach ‘Taiscidh a chlocha’. Seo é an cur síos a dhéanann Tarlach Ó Raithbheartaigh air in Maighistrí san Fhilidheacht, 1939: ‘File maith a bhí ann agus fear mór. Eisean agus ní Molyneux ná Swift an sampla soiléir den Éireannach fhiúntach i dtús an 18ú haois. Ba eisean an fear deireanach de na filí a raibh intleacht agus stuaim agus neart aigne i gcomhar le spreagadh na filíochta ann.’ Agus deir sé freisin: ‘Thástáil sé a lámh i ngach gné filíochta, agus muna bhfuil sé sármhaith in aon ghné acu, tá sé maith i ngach gné.’ B’fhéidir gurbh in a bhí i gceist ag Piaras Béaslaí (Éigse Nua-Ghaedhilge II, g.d.): ‘Dá mbeadh orm cnuasach de na hamhráin is fearr dár cheap filí na Mumhan san 18ú haois a bhailiú agus a fhoilsiú, ní dóigh liom go dtoghfainn níos mó de shaothar éinne eile ná de chuid Sheáin Chláraigh.’ Ní fhágann Breandán Ó Buachalla fuíoll molta air in Aisling Ghéar...., 1996 mar fhile Seacaibíteach agus mar nuálaí i gcúrsaí stílíochta agus meadarachta, ach deir sé: ‘Murach téama an tSeacaibíteachaís ní móide go mbeadh aon lua air mar fhile.’ Maille le 42 dá dhánta, tá cuntas ar bheatha an fhile ag Risteárd Ó Foghludha in Seán Clárach 1691–1754: a shaothar fileata agus scéal a bheatha. An dara heagrán, 1932. . Scríobhaí ba ea é agus déanann Breandán Ó Conchúir cur síos air in Scríobhaithe Chorcaí 1700–1850, 1982. Bhí aithne ag Silbhester Ó hAllmhuráin air agus scríobh sé cuntas gairid air in Introduction to the Study of the History and Antiquities of Ireland, 1772. Tá cuntais air ag Bernadette Cunningham in DNB agus ag Vincent Morley in DIB. Is iad na dánta leis is minice a luaitear: ‘Gráinne Mhaol’, ‘Ag Taisteal dom trí na Críocha’, ‘Bímse buan ar buairt’, ‘An Bonnaire fia-phuic fáin’, ‘Réilteann na Spéirchoinneal gCaomh’, agus ‘Seal do bhíos im’ mhaighdin shéimh’ (ar dhúirt Ó Corcora faoi: ‘In one of these Jacobite songs of his we hear the kettle-drums rolling’) agus ‘Taiscidh a chlocha’.

I bparóiste Bhrú Thuinne (Baile an Teampaill inniu) in aice leis an Ráth, Co. Chorcaí, a rugadh é. Toisc aghaidh mhór nó clár éadain leathan a bheith ar a chine a thugtaí ‘Clárach’ air, dar leis an bhFoghludhach; deir sé freisin go raibh Clárach ar fhear eile de na Domhnallaigh céad bliain roimh Sheán. Bhí a mhuintir go maith as sa saol, muileann agus feirm acu. B’fhéidir gurbh i gcoláiste sa Ráth a bhunaigh Roger Boyle, Iarla Orbhraí, a cuireadh oideachas air; bhí ceithre áit le fáil saor in aisce ann ag Caitlicigh. Bhí oideachas maith air, idir Laidin is Ghréigis is Bhéarla aige agus suim mhór aige i gcúrsaí na hEorpa.

Phós sé Agnes White, Protastúnach. I ndeoise Chluana atá an Ráth ach níor éirigh le Ó Foghludha teacht ar thaifead an phósta; tuairimíonn sé gurbh fhéidir gurbh i ndeoise Luimnigh a phós siad. Timpeall an ama chéanna sin d’aistrigh sé go dtí an Choill Tuaidh, mar a raibh feirm agus muileann aige. Deirtear gur bhog sé isteach sa Ráth tamall agus go raibh scoil aige ann. Bhí Silbhester Ó hAllmhuráin gaolmhar leis ar thaobh na máthar agus dúirt sé faoi: ‘Mr. McDonnell, a man of great erudition, and a profound Irish antiquarian, and poet, whose death I sensibly felt, and from whom, when a boy, I learned the rudiments of our language - who constantly kept up this custom (i.e. of public sessions of the poets at stated times for the excercise of their genius). He had made valuable collections and was writing in his native tongue a history of Ireland; but a long sickness prevented his finishing the work. He proposed to some gentlemen in the county Clare to translate Homer into Irish; and from the specimen he gave it would seem that this prince of poets would appear as respectable in a Gathelian as in a Greek dress. But the death of the late Mr. McNamara put a stop to this attempt. This learned and worthy man, McDonnell, died near Charleville in the year 1754: and I have never since been able to find how his papers were disposed of, though I am told he left them to me.’ Dhearbhaigh Ó hAllmhuráin gurbh fhearr d’fhile é ná Pope.

Bhí caidreamh aige ar fhilí a linne sa Mhumhain: Éamonn de Bhál, Seán Ó Tuama, an tAthair Nioclás Ó Domhnaill, Liam Rua Mac Coitir, Liam Inglis, Conchubhar Mac Cairteáin, Seán Ó Murchadha na Ráithíneach , Liam Dall Ó hIfearnáin. D’éirigh aighneas míchuíosach idir é agus Eoghan Ó Caoimh. Tá cur síos ag Anna Heussaff (Filí agus Cléir san Ochtú hAois Déag, 1992) ar aighneas a tharla idir é agus an tAthair Seán Riabhach Ó Briain. Bhí baint aige le scoileanna éigse na Máighe agus na Blarnan agus ba é a bhí i gceannas ar chúirt filíochta a thionóltaí sa Ráth agus i mBrú Rí.

Cé go bhfuil tuairisc ar an bpearsa Anna Príor ag Máire Comer Bruen agus Dáithí Ó hÓgáin in An Mangaire Súgach . . ., 1996 agus go mbíonn tagairtí di ag scoláirí eile, go dtí gur léamar an t-alt ‘Seán Clárach Mac Domhnaill sa Chúirt’ le Úna Nic Éinrí in North Munster Antiquarian Journal 41, 2001, níor tuigeadh dúinn gurbh fhéidir tábhacht a bheith léi maidir le buneolas ar an bhfile; pléann an scoláire sin an tuairimíocht go léir ina taobh. Tugtar Seón/Seán Anna Príor uirthi freisin agus scríobhadh tríocha dán fúithi. Is í an tuairisc atá ag Tadhg Ó Donnchadha uirthi in Seán na Ráithíneach ..., 1954: ‘Amalóg mná a bhíodh mar theachtaire idir na filí; b’í féin údar gach aiste, dar léi féin; chaitheadh sí culaith fir, uaireanta, á rá gur dódh a héadach féin ...’. Is dóigh le Ó hÓgáin agus Bruen gurbh é Seán Clárach féin i bhfeisteas mná í; ceanglaítear seo leis an bhfile a bheith ar a choimeád de bharr na haoire ar an gCoirnéal Dawson. Glacann Anna Heussaff (Filí agus cléir san ochtú haois déag, 1992) le tuairim na bhfilí gur ‘fánaí déghnéasach’ í. B’as Eanach sa Ráth do Sheán Clárach agus is minic ‘Eanach Príor’ á thabhairt ar Anna Príor. Thugtaí ‘Eanach Geal’ uirthi freisin agus deir Nic Éinrí gur léir an ceangal idir an t-ainm sin agus ‘Agnes White’, an bhean a bhí pósta, más fior, ar an bhfile. Cuireann sí an pósadh in amhras: ‘Is dóigh liom gurbh ón meon Victeoriánach ag tús an fhichiú haois a d’fhás nóisean seo an phósta. Ba léir do na díolaimeoirí an ceangal idir Seán Clárach is an neach “fireann/baineann”, ach is dócha gur leasc leo a admháil go mbeadh “aon mhírialtacht” mar sin le cur ina leith.’

Deir Ó Conchúir nach bhfuil tagtha slán dá dhéantús lámhscríbhinní ach cóip de Foras Feasa ar Éirinn (i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí) a rinne sé i 1721–2 ar fholáireamh an Athar Tadhg Ó Donnchadha. I 1720 rinne sé cóip, nach bhfuil fáil anois uirthi, den saothar céanna; bhí sí seal i seilbh Mhaeleachlainn Uí Chomhraí agus scríobh seisean: ‘Sealad de shaothar Chéitinn staraí / Séafra a lean diagacht neamhdha / Fuair maise agus scéimh gan bréag / Re faobhar chrobh dheas Sheáin Chláraigh’. Is é an míniú a thugtaí ar a laghad sin dá lámhscríbhinní a bheith tagtha slán go raibh fiacha air uair agus an sirriam ar tí teacht. D’iarr sé ar ‘bhuachaill sráide’ bosca a bhí aige a chur i dtalamh mar gurbh ann a bhí a mhaoin. Rinne seisean feall air. Ní raibh sa bhosca ach leabhair agus lámhscríbhinní agus thug muintir an tsirriaim tine dóibh. Mhair a chuid amhrán ar bhéal na ndaoine: deir Ó Buachalla gurb é an chéad duine é de na filí aitheanta a luaitear foinn choiteanna lena shaothar sna foinsí.

Is é ‘Taiscidh, a chlocha’, aoir a chum sé ar an gCoirnéal James Dawson nuair a fuair sé bás i 1737/8, an dán dá dhéantús is mó a bhfuil eolas ag daoine air: Tá sé sna duanairí is aitheanta. Chuaigh sé ar a choimeád toisc muintir Dawson a bheith ar a thóir, más fíor. Chun iad a chur amú scríobh filí mar Sheán Ó Tuama agus Éamonn de Bhál beochaointe air, mar dh’ea go raibh sé marbh nó thar sáile. Shíl Eoghan Ó Comhraí go raibh 14 bliana caite aige ar deoraíocht, cuid díobh i Londain. Deir Ó Foghludha go bhfuil dánta againn óna láimh i 1742 agus arís i 1748, gur cosúil gur idir an dá linn sin a cheap sé amhráin Sheacaibíteacha áirithe, agus nach bhfuil aon fhianaise gur fhág sé a thalamh dúchais. Agus deir sé: ‘An dá amhrán a cheap sé ag cur síos ar a dheoraíocht is in Éirinn a ceapadh iad gan aon agó’. Meastar gurbh i dTiobraid Árann a bhí sé agus gur fhill sé ar an Ráth cúpla babhta.

Cé nach bhfuil d’fhianaise air ach an béaloideas, síltear go raibh sé gníomhach i gcúis na Stíobhardach. Deir Heussaff go bhfuil seans ann gurbh oifigeach earcaíochta don arm Seacaibíteach é. Tuairimíonn Ó Foghludha gurbh é a thug eolas do Sheán na Ráithíneach ar na hullmhúcháin a bhí á ndéanamh i gcomhair 1745. Deir Ó Buachalla: ‘Leicseacan an tSeacaibíteachais a fhoclóir polaitiúil, leicseacan a shealbhaigh sé ina iomláine agus a d’úsáid sé go héifeachtach chun éileamh na Seacaibíteach is ceart na Stíobhartach a léiriú is a chothú.’ Agus deir sé i dtaobh na n-aislingí a scríobh sé: ‘Dá fhad siar a théann na consaeiteanna liteartha ar a bhfuil an aisling bunaithe, nó dá fhréamhaithe aon cheann dá móitífeanna, níor cothaíodh mar sheánra bisiúil í, chomh fada agus is eol dúinn, go dtí an t-ochtú haois déag agus is iad Aogán Ó Rathaille is Seán Clárach Mac Dónaill an bheirt fhilí aitheantúil is túisce a chleacht an seánra mar phríomh-mhód ceapadóireachta.’

Thug an tAllúránach le tuiscint go raibh luíochán fada air sular cailleadh é ar 7 Eanáir 1754. Tá sé curtha i mBaile Salach agus is i Laidin atá a fheartlaoi: ‘Johannes McDonald cognominatus Clárag vir vere Catholicus atq. tribus linguis ornatus nempe Graeca, Latina et Hybernica non vulgaris ingenii poeta tumulatur ad hunc cippum obiit aetatis. Anno 63. Salutis 1754. Requiscat in pace.’ Tógadh crois os cionn na huaighe ar 5 Júil 1931. Dúirt an Duinníneach an lá sin: ‘He was the leading poet of the province in an age of poetry and song. He was the acclaimed head of the Munster poets for a long period. He was an acknowledged master of lyric poetry.’ Chum Éamonn de Bhál, Seán Ó Tuama agus Seán na Ráithíneach marbhnaí air.

I 2011 mar Filí 3 sa tsraith ar fhilí na tréimhse c.1700-1900 d'fhoilsigh Field Day Publications Seán Clárach Mac Dónaill, é curtha in eagar ag Éamonn Ó hÓgáin agus is é a deir seisean sa réamhrá: 'Tá ar a laghad sé dhán is caoga leagtha ar Sheán Clárach Mac Dónaill sna lámhscríbhinní ach níl cóip d'aon cheann acu tagtha slán óna lámh féin. Roghnú de cheithre dhán is fiche as a dhéantús liteartha atá sa chnuasach seo. Roghnaíodh na dánta mar shamplaí de scóip an ábhair atá ina shaothar agus den láimhsiú fileata sa Ghaeilge a chleacht sé'.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú