Is pearsa sa bhéaloideas an ginearál gníomhchumasach seo a throid in Albain agus in Éirinn i gcogaí 1641–52 agus dá réir sin tá cuntas ar a bheatha ag Dáithí Ó hÓgáin in Myth, Legend and Romance. An Encyclopedia of the Irish Folk Tradition, 1990. Le cabhair Eoin Mhic Néill , chuir Seosamh Laoide le chéile Alasdair Mac Colla: Sain-eolus ar a ghníomharthaibh gaisge, 1914. Foinsí eile eolais is ea Alasdair Mac Colla and the Highland problem in the Seventeenth century, 1980 le D. Stevenson; tá gearrchuntas ag Derick S. Thomson in The Companion to Gaelic Scotland, 1983. Ag James Buckley in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, Vol. 5, 1899 tá an t-alt ‘The Battle of Knocknanuss, 1647’. Tá cuntas ag Aidan Clarke air in DIB agus ag David Stevenson in Oxford DNB.

Ba é Coll Mac Gillespie a athair agus is dóigh gurbh í Mary, iníon le Randal Mac James as Smerby, a mháthair. Ba é an tríú mac acu é (‘…both parents were MacDonnells but the use of fixed hereditary surnames was not normal practice in Gaelic Scotland’, a deir Stevenson in DNB). (‘Dòmhnallaigh an bheirt tuismitheoirí ach níor ghnáthchleachtas go fóill in Albain na Gáidhlige nós sin na sloinnte oidhreachtúla’). Bhí Mary pósta roimhe sin ar Ranald Mac Donald, Beinn a’ Bhaoghla (Benbecula), ach chuir seisean ar leataobh í. Ba shin-sheanuncail dó Somhairle Buí Mac Domhnaill (c.1505–90). I gCholbhannsáigh in Albain a rugadh é. ‘Lore concerning Alasdair’s youth was very popular in western Scotland and in Antrim. It was said that, on the night of his birth, every sword rattled in its scabbard and every gunlock snapped’ (Ó hÓgáin). Síltear go raibh a athair pósta faoi dhó agus níltear cinnte cé acu bean díobh ba mháthair dó, is é sin cé acu de mhuintir Mhic Néill nó Uí Chatháin í. Phós Alasdar iníon le Hector Mac Allister Loup, Ceann Tíre, agus bhí beirt mhac acu, Coll agus Gillespie. Creidtear go raibh airde agus neart os meán ann; ‘Herculean’ a deir Thomson faoi. Tar éis do Choll Ciotach a bheith ag aighneas le Caimbéalaigh cuireadh an ruaig air agus i 1639 chuaigh sé go hAontroim mar a raibh Domhnallaigh líonmhar. Bhí Alasdar tamall i reisimint de chuid an Rí faoi cheannas Archibald Stewart, é ag dul i mbannaí go bhfanfadh a athair síochánta. I gCúil Raithin a bhí sé lonnaithe. A luaithe a tharla Éirí Amach 1641 thréig sé an t-arm agus thug cúpla complacht leis. Bhris sé cath faoi thrí i nDoire agus in Aontroim ar Stewart i 1642. Chúlaigh sé siar go Doire nuair a shroich arm Albanach Robert Munro Aontroim agus bhí in arm Fhéilim Uí Néill nuair a bhuaigh Monro orthu in aice le Ráth Bhoth 16 Meitheamh 1642.

B’fhéidir gur gortaíodh sa chath sin é mar ní aithristear a thuilleadh air gur chuir sé 1,600 saighdiúir, ar Dhomhnallaigh agus fir de bhunadh na hAlban in Éirinn a bhformhór mór, ar bord loinge sa Phasáiste i bPort Láirge le dul go hAlbain. Bhí i gceist Caimbéalaigh a ruaigeadh as tailte athartha na nDomhnallach agus dul i gcomhar le harm Mhontrós (1612–50). Scríobh an t-úrscéalaí John Buchan beatha Mhontróis i 1913 agus dúirt ann: ‘But Alasdair’s deeds were worthy of the Ossianic heroes, and it is not hard to understand how in Highland legend his fame is made to outshine Montrose. He and his Irish conducted themselves like the fierce warriors of the Sagas.’ Deirtear in Dictionary of National Biography: ‘At Auldearn, on 9 May 1645, he commanded Montrose’s right wing, where he showed himself a good soldier, somewhat of the Homeric kind, dashing out from the ranks, slicing off the heads of pikes, and slashing at the enemy with his broadsword.’ Chabhraigh sé go mór le cúis na ríogaithe sna cathanna a bhuaigh siad agus sa liostáil a rinne sé sna garbhchríocha; tugadh ridireacht dó 3 Meán Fómhair 1645. Gairid ina dhiaidh sin, d’fhág sé Montrós, chun an fód a sheasamh in aghaidh Caimbéalaigh, b’fhéidir, mar ba mhian le cuid dá lucht leanúna. Rinne Cúnantóirí ár ar a arm i gCinntíre i mBealtaine 1647 ach d’éirigh leis féin éalú go hÉirinn. Bhí sé páirteach sa chath a chuir Michael Jones ar arm na Comhchomhairle faoi Thomas Preston in aice le Baile Átha Troim 8 Lúnasa 1647. Ag pearsa mhór eile sa bhéaloideas, Murchadh Ó Briain na nDóiteán, Tiarna Inse Chuinn, a bhí an bua thar ceann na Parlaiminte ag Cnoc na nOs, trí mhíle taobh thoir de Cheann Toirc, Co. Chorcaí, 13 Samhain 1647. An Tiarna Theobald Taaffe a bhí i gceannas arm na Comhchomhairle. Thug Alasdar fogha faoi eite chlé Uí Bhriain agus chuir an ruaig orthu. Ach tharla ag an am céanna go raibh Taaffe ag cúlú agus bhí an leath eile d’arm Uí Bhriain in ann teacht sa timpeall ar Alasdar. Fuair Alasdar anacal a anama ón nGrádach a ghabh é ach d’fhiafraigh Major Purdom, Sasanach, cérbh é féin agus níor luaithe a ainm cloiste aige ná a scaoil sé urchar trína inchinn; is í an tagairt dó in ‘Aiste Dháibhí Cúndún’ (Five Seventeenth Century Political Poems): ‘is ó Lá Chnuic na nDos ba dhéarach / ionar fealladh ar Alasdram éachtach.’ Tá scéalta eile faoina mharú, gan amhras.

Cumadh amhrán ar Alasdar in Albain. Tá scéalta sa bhéaloideas i dtaobh an cheoil ‘Máirseáil Alasdraim’ (nó ‘Gol na mban san ár’ mar a thugtar air go minic) agus i dtaobh a chlaímh. Deir an Laoideach: ‘Is iad oileánaigh Inse Gall Alban do chaomhnaigh an t-amhrán agus is iad Muimhnigh Chontae Chorcaí do chéad-fhoghluim an mháirseáil, is dócha, agus do choinnigh cuimhne uirthi nó gur leathadar ar fud na hÉireann í nó sa Mhumhain agus i gConnachtaibh ar aon tslí.’ Ó phíobaire i gCathair na Mart a fuarthas an leagan atá ag Bunting. Is inspéise go raibh Séamus Mac Domhnaill, a thionscain Féile na gCláirseoirí i 1792, síolraithe go díreach ó Alasdar.

Deirtear gur cuireadh é in uaigh a bhain le muintir Cheallacháin in aice le Ceann Toirc. Deir James Buckley [op.cit] faoin gclaíomh: ‘It was preserved for a long time by the Egmont family at Lohort Castle, Co. Cork, but when arms were collected through the country about the middle of this century, it was removed to Dublin Castle or the Phoenix Park depot. It was never afterwards returned and unless it was broken up as old iron a search in the armoury of either establishment might restore this object of national interest’. I leagan amháin den suantraí a chum Eoghan Rua Ó Súilleabháin don leanbh cantalach geallann an file claíomh Alasdair dó.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú