Ba é an phearsa ba mhó é lena linn i saol na Gaeilge i gCúige Uladh. B’fhéidir a mhaíomh freisin gurbh é an duine ba mhó é i saol cultúrtha, eolaíochta agus leighis Bhéal Feirste i rith na tréimhse sin. Is cuntas maith cuimsitheach ar a shaothar agus a thréithre an leath tosaigh de I mBéal Feirste Cois Cuain, 1968 le Breandán Ó Buachalla. Ba é Micheál Rua Mac Domhnaill i nGleann Aireamh, Co. Aontroma, a athair agus ba shin-seanathair dósan an laoch Alastar Mac Colla Ciotaigh Mac Domhnaill a thit i gCath Chnoc na nOs i 1647. Ba í Jane Stewart ó Bhaile an Tuaighe, Co. Aontroma, a bhanchéile. Caitliceach ba ea Micheál agus Protastúnach a bhean chéile, i gcaoi gur sa chreideamh Protastúnach a tógadh Séamus agus a dheartháireacha. Bhí Art Ó Néill mar mhúinteoir baile acu agus mhúin sé an chruit dóibh. Bhí lámhscríbhinní Gaeilge á scríobh sa teach.

Bhí sé in aon rang le Mary Anne McCracken (1770-1866) i scoil i mBéal Feirste. Bhain sé cáilíocht amach mar dhochtúir leighis i nDún Éideann agus faoi 1784 bhí sé ag obair i mBéal Feirste agus ba ghairid go raibh cáil air mar dhochtúir. I 1788, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Leabharlann Halla an Lín. Um Nollaig 1791, ba é féin agus Henry Joy, eagarthóir an Belfast News Letter, a ghair na cláirseoirí go Béal Feirste agus ba é a d’iarr ar Edward Bunting a bheith sa láthair ag an bhFéile 11-14 Iúil 1792. Bhí Wolfe Tone sa láthair agus bhronn an Dochtúir bosca leighis air an lá roimh imeacht go Meiriceá dó. Bhí sé cairdiúil le Tomás Ruiséal (1767-1803) agus Henry Joy McCracken (1767-98) ach síochánaí ba ea é. Nuair a cuireadh fios air féachaint an bhféadfadh sé McCracken a athbheochan i ndiaidh a chrochta 17 Iúil theip air teacht. Bhí an Ruiséalach ina chónaí ina theach tamall agus ba é an Dochtúir a fuair post i Halla an Lín dó. Ach nuair a bhí sé ar a choimeád in 1803 chuir Mac Domhnaill a ainm le fógra ag iarraidh ar an bpobal a insint cén taobh a raibh sé. ‘I had not done it an hour until I wished of all things it was undone’, a dúirt sé ach ba rud é nár maitheadh dó go ceann breis is fiche bliain. An teanga Ghaeilge agus an ceol dúchais a chaomhnú an gníomh tírghrách ba mhian leis a dhéanamh. I gcomhpháirt le Bunting bhunaigh sé an Irish Harp Society Lá Féile Pádraig 1808 agus ba é a toghadh ina leasuachtarán. Theip ar an gcumann sin ar feadh píosa ach mhair sé arís ó 1819 go 1831. D’íoc sé pinsean le hArt Ó Néill, múinteoir an chumainn, ó 1813 go bhfuair sé bás in 1816. Bhí sé ina chathaoirleach ar Chuideacht Gaedhilge Uladh ón am a bunaíodh é in 1830 agus chuaigh i gcion go mór ar Roibeard Mac Ádhaimh.

Gníomhartha a chuir lena cháil i measc an phobail gur bhunaigh sé an Belfast Dispensary i 1792 agus, i 1797, Ospidéal Fiabhrais Bhéal Feirste, an chéad cheann dá leithéid in Éirinn; bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Ospidéil Ghinearálta, an Chumainn Liteartha agus an Belfast Academical Institution agus Scoil Leighis Bhéal Feirste. D’éag sé ar 9 Aibreán 1845 agus cuireadh é i Leithead in aice le Bun Abhann Dalla. Chum Aodh Mac Domhnaill tuireamh air.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú