Bhailigh Risteárd Ó Foghludha a dhánta agus scríobh cuntas air in Cois na Cora .i. Liam Ruadh Mac Coitir agus a shaothar fileata, 1937. Deir sé: ‘Ba é Liam Rua an prionsa ar fhilí na dúiche sin .i. Uí Mac Coille, agus Dúiche an Bharraigh Mhóir, agus Cineál Tolamhan.’ Ag Breandán Ó Conchúir (Scríobhaithe Chorcaí 1700–1850, 1982) tá léiriú ar na teagmhálacha a bhí ag an gCoitireach le filí a linne ar scríobhaithe iad: Seán Ó Murchú na Ráithíneach, Seán Clárach Mac Domhnaill, Uilliam Ó Murchú. Luann Ó Foghludha daoine eile a raibh caidreamh ag ár bhfile orthu: Liam Inglis, Seán Smíst, An tAthair Domhnall Ó Duinnín (Uachtarán Choláiste na nÉireannach in Toulouse), Aindrias Mac Cruitin , Éamonn de Bhál, an tAthair Seán Ó Briain, Eoghan an Mhéirin Mac Cárthaigh. B’fhéidir a mhaíomh go dtugann a bheatha léiriú ar an gcaoi a gcuireadh filí na Mumhan aithne ar a chéile san 18ú haois.

I gCurrach Dhiarmada i bparóiste Bhréachmhaí in oirthear Chorcaí a rugadh é. Ní Mhurchú sloinne a mháthar agus bhí beirt deartháireacha aige, Éamonn agus Séamus Mór. Bhí mac ag Séamus Mór ar tugadh Séamus Beag air agus tá de thuairim ann go raibh an triúr filí sin, Liam Rua, Séamas Mór agus Séamas Beag, in aontíos le chéile. ‘Más cruinntuairim an méid sin is deacair a mheas ná gur cheolmhar an nead bheag a bhí acu, agus triúr file ina gcónaí ann an uair chéanna’ (Ó Foghludha). Níor phós sé agus le táilliúireacht a chuaigh sé. Is dóigh gurb é ‘Is aoibhinn duit a dhuine dhaill’ an dán is aitheanta den mhéid a leagtar air. Tá tábhacht ó thaobh na staire de lena chaoineadh fada ar Shéamus óg Mac Coitir, Seacaibíteach a crochadh i 1720 i ngeall ar fhuadach agus éigniú Elizabeth Squibb. Cuireadh Liam Rua i mBréachmhaigh ar 14 lúil 1738. Chaoin Seán Ó Murchú na Ráithíneach, Éamonn de Bhál, agus a nia Séamus Beag Mac Coitir é: labhair de Bhál ar a chumas lúthchleasaíochta . ‘Dob uaibhreach a ruathar ar aonach, / dob fhada ar riascaibh rian a léime, / ar mhéid a reatha nó ar chaitheamh na daor-leac, / nó ar chamán a chompráid ní léir dam.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú