Is geall le clasaiceach An Duinníneach: a shaol, a shaothar agus an ré inar mhair sé, 1958 le Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair, ní hamháin toisc gur léiriú éifeachtach ar bheatha é ach toisc freisin gur cheann de na pearsantachtaí ba spéisiúla dá bhfuair bás sa chéad seo ba ea an Duinníneach.

Ba é an chéad úrscéalaí Gaeilge é agus chuir sé ar fáil an foclóir úd a ndeir na beathaisnéithe faoi: ‘Níl aon teanga ar domhan ag brath ar an aonleabhar mar atá an Ghaeilge ag brath ar an bhFoclóir seo. Is mó de Bhíobla ná de fhoclóir ag Gaeilgeoirí é’.

Sa Charn, ceithre mhíle siar ó dheas ón Ráth Mhór, Co. Chiarraí, a rugadh é 25 Nollaig 1860. Ba é an cúigiú leanbh é den seachtar buachaillí agus triúr cailíní a bhí ag Máire Ní Dhonnchadha agus Maitiú Ó Duinnín. Pósadh iad 1 Feabhra 1850. ‘An Ghaeilge an teanga dhúchais a bhí ag an athair agus ag an mháthair agus is í a bhí ina gnáth-theanga ag an gcuid ba shine de na páistí’, a deir Ó Conluain agus Ó Céileachair. Ba chliamhain isteach Maitiú san fheirm sna Sídheáin. Díshealbhaíodh iad tuairim 1853 agus fuair Maitiú ocht n-acra de thalamh bocht sa Charn. Le díol agus ceannach caorach is mó a bhíodh sé ag tuilleamh airgid. Bhí cáil na róchráifeachta ar a bhanchéile ach bhí cuid mhaith de sheanchas fhilí Chiarraí aici.

Bhí Pádraig ag freastal ar scoil na Sróine ar dtús, dar le Bridie Dineen (‘A great Sliabh Luachra family’ in Sliabh Luachra: journal of Cumann Luachra, Vol. I, no. 2, Samhain 1983), sular aistrigh sé go dtí na Mínteoga nuair a tógadh an scoil sin in 1870. Bhí a uncail Micheál Ó Donnchadha ina phríomhoide ann. Rinne monatóir de in aois 14 bliana dó. Bhí spéis aige sa tsagartacht agus thugadh sagart cúnta sa Ráth Mhór ceachtanna Laidine dó. D’adhain an tAthair Donncha Ó Murchadha a spéis sna hÍosánaigh uair dá raibh sé ag tabhairt misin sa cheantar agus chuaigh Pádraig isteach i nóibhíseacht Bhaile an Mhuilinn ar 6 Meán Fómhair 1880. Bhain sé BA amach sa Litríocht Nua-Aoiseach agus san Eolaíocht Mhatamaiticiúil in 1885 tar éis dó freastal ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. San Eolaíocht Mhatamaiticiúil a fuair sé an MA in 1889. Ba é Seán Ó Cathasaigh an scoláire ba mhó a raibh teagmháil aige leis san ollscoil.

Bhí sé ag múineadh na matamaitice agus na heolaíochta i gcoláistí na nÍosánach agus ag staidéar ar an diagacht i mBaile an Mhuilinn sular oirníodh ina shagart é 29 Iúil 1894. Ba éigean dó ceithre bliana eile a chaitheamh ag gabháil don diagacht i mBaile an Mhuilinn agus in Tronchiennes i bhFlóndras. Chaith sé 1895–7 ag múineadh i gColáiste na Mungairte i Luimneach agus 1898–1900 i gColáiste Choill Chluana Gabhann.

Bhí an tAthair Eoin Mac Fhir Léinn ag múineadh ansin freisin, é ag ullmhú eagráin de dhánta Sheathrúin Céitinn ag an am. Mhúscail sé spéis an Duinnínigh sa teanga nuair a d’iarr sé cabhair air agus é ar chuairteanna minice ar an leabharlann i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, chun staidéar a dhéanamh ar na lámhscríbhinní ann. Deir Ó Conluain agus Ó Céileachair go raibh an Duinníneach in aghaidh athbheochan na teanga go nuige sin agus gur i litríocht an Bhéarla a bhí a iúl ar fad. Ach bhí sé tar éis teacht ar athrú aigne faoin nGaeilge faoi 1898 agus bhí sé ar dhuine díobh sin a sheol meamraim isteach chuig Coimisiún an Mheánoideachais ag tacú go láidir le cás na Gaeilge agus ag cur in aghaidh a raibh le rá ag Robert Atkinson. Tá sé i gcló in An Claidheamh Soluis 9 Meitheamh 1900 agus tá leagan Gaeilge i gcló in An Duinníneach.

In Eanáir 1899 bhí an chéad phíosa i nGaeilge i gcló aige in New Ireland Review agus in Fáinne an Lae an dán ‘Ó Súilleabháin ag fágáil na sléibhte’.

I Lúnasa 1900 scar sé le Cumann Íosa. Tugadh cead dó imeacht. Bhí sé corr aonaránach agus shíl na hÍosánaigh gur fearr a d’éireodh leis amuigh sa tsaol. B’fhéidir go mbíodh ball den Chumann i gColáiste Choill Chluana Gabhann á shíorcheartú. D’fhoilsigh Cumann na Sgríbheann nGaedhilge léacht a thug Noel O’Connell, rúnaí an Chumainn, ar 29 Meán Fómhair 1984, cothrom an lae i 1934 a d’éag an Duinníneach: ‘Fr Dinneen - his Dictionary and the Gaelic Revival’. Deir an t-údar: ‘He resigned from the Jesuit Order in 1900. Much speculation has occurred about such an unusual event but I feel happy to accept the tradition in his family that he simply wished to devote himself full time to the Irish language but his superiors would not permit it.’ Bheadh cead aige gnáth-dhualgais an tsagairt a dhéanamh in aon deoise ach go dtabharfadh an t-easpag cead dó. Níor iarr sé an cead sin. Ach ar feadh a shaoil ina dhiaidh sin bhí sé ina sciath chosanta ag an gcreideamh Caitliceach.

Ó 1900 go dtí deireadh a shaoil is ag brath ar shaothar a phinn a bhí sé chun teacht i dtír. Rinne sé an oiread sin sa dá bhliain tosaigh go raibh sé ar mhórphearsana na hathbheochana faoi 1902. Sa tréimhse 1900–09 foilsíodh tuairim 30 leabhar dá chuid: úrscéal; drámaí; eagráin de shaothar fileata Uí Rathaille, Eoghain Rua Uí Shúilleabháin, Thaidhg Ghaelaigh Uí Shúilleabháin, Mhic Dhomhnaill, Uí Dhonnchadha an Ghleanna, Fheirtéir, fhilí na Máighe; imleabhair a dó agus a trí den Foras feasa ar Éirinn; Foclóir Gaedhilge agus Béarla i 1904; saothar ilghnéitheach. Aistriúchán leis is ea: Duan na Nodlag: A Christmas Carol in prose, le Séarlas Dicens; aistrithe ón mBéarla bunúsach leis an Athair Pádraig Ó Duinnín. Gill, 1903. Ba é Cormac Ua Conaill, 1901 an chéad úrscéal Gaeilge dár foilsíodh i gcruth leabhair. Bhí An Tobar Draíodheachta ar cheann de na chéad drámaí Gaeilge. Léiríodh é i dTrá Lí 15 Lúnasa 1902. Drámaí eile is ea: Creideamh agus Gorta, 1901; Gírle Guairle, 1904; Teachtaire ó Dia (g.d.); Comhairle Fithil, 1909.

Tá clár na leabhar a scríobh sé le fáil in An Duinníneach. Is é breithiúnas Uí Chonluain agus Uí Chéileachair nach raibh sé riamh thar moladh beirte mar scríbhneoir próis ná mar fhile, gur ar a shaothar foclóireachta agus eagarthóireachta atá a chlú ag seasamh, ábhar iontais ag cuimhneamh dúinn nach ndearna sé cúrsa foirmiúil riamh sa léann ceilteach.

Chuir sé tús lena shaothar ar fhoclóir 1904 nuair a d’iarr Cumann na Scríbheann Gaeilge air dul ina bhun tar éis gurbh éigean don Athair Peadar Ó Laoghaire agus Dáithí Coimín éirí as cheal ama, agus ansin Eoin Mac Néill. An scoláire ba mhó a fuair locht ar an bhfoclóir sin an Dr Micheál Ó hIceadha (in Irish Ecclesiastical Record, Iúil 1904 agus Eanáir 1905) agus b’fhurasta don Duinníneach spior spear a dhéanamh dá argóintí. Loiteadh clóphlátaí an fhoclóra sin in Éirí Amach 1916 agus thug an Duinníneach faoi eagrán nua méadaithe. Foilsíodh i 1927 é. Deir Ó Conluain agus Ó Céileachair (1958): ‘Ach an litriú a thabhairt suas chun dáta, seasann foclóir Uí Dhuinnín chomh bunúsach daingean céanna inniu agus sheas sé tríocha bliain ó shin; tá sé chomh riachtanach, chomh húsáideach, chomh tairbheach agus a bhí an chéad lá’. Liostaíonn an scoláire foclóireachta Tomás de Bhaldraithe cuid de na lochtanna atá air in ‘Foclóirí agus foclóireacht na Gaeilge’ (The Maynooth Review Bealtaine 1980 Iml. 6, 1) ach deir sé: ‘Tá saothar éachtach an Duinnínigh ar eolas ag cách. Murach é, ní móide go bhféadfaí tabhairt faoin teanga a theagasc ná a úsáid i gcúrsaí oideachais ná i ngnótha riaracháin le leathchéad bliain anuas. Ar éigean a bhí scríbhneoir ar bith ann nach raibh faoi chomaoin aige. Lochtaíodh é, ar ndó, agus go héagórach go minic. “A dustbin” a thug Tomás F. Ó Rathile air agus é ag caint uair liom féin. (Bhí sé ina ráfla go raibh fonn mór air féin an post mar eagarthóir a bhaint amach. Níl a fhios agam an fíor bréag é sin)’. Ábhar laethúil grinn ag Myles na Gopaleen ba ea an foclóirí (‘Our great comic lexicographer’). D’fhoilsigh Cumann na Scríbheann nGaedhilgeDinneen and the Dictionary 1904-2004, 2005 (Subsidiary Series 16) in eagar ag Pádraigín Riggs. Sa réamhrá tráchtann Pádraig Ó Riain ar an gcaidreamh a bhí aige leis an gCumann. Is iad na haistí sa leabhar: ‘Dineen in the Gaelic League: Trouble and Strife’ (Diarmuid Breathnach); ‘The Lexicographical Contention of Mícheál Ó hIceadha and Pádraig Ó Duinnín’ (Mícheál Briody); ‘Key Witness to the Irish Song Tradition’ (Breandán Ó Madagáin); ‘Dinneen’s Dictionaries of 1904 and 1927: ‘Background, use of Historical Dictionaries and of Contemporary Informants’ (Seán Ua Súilleabháin); ‘Dinneen and Ó Dónaill’ (Máirtín Ó Murchú); ‘Dinneen’s Legacy: The Present State of Irish Lexicography’

Bhí baint mhór ag an Duinníneach le Conradh na Gaeilge sa tréimhse 1900–1909, é ina bhall den Choiste Gnó agus de na fochoistí a raibh cúraimí an litrithe, an oideachais, na timireachta agus na bhfoilseachán orthu. Bhí sé ina uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh ón uair a d’éirigh Tadhg Ó hEarrachtáin as an oifig sin i 1904. Fear conspóideach a bhí ann agus chuir sé le spiorad na cancrachta sa Chonradh. Bhí sé go mór faoi thionchar D.P. Moran. Scríobh sé tuairim 1,100 alt ina iris-sean The Leader sa tréimhse 1906–29. Bhí sé i ngleic go háirithe leis an Dr Ó hIceadha agus an Piarsach. San aighneas idir an Cliarlathas agus an Conradh i dtaobh an Ghaeilge bheith ina hábhar éigeantach do mháithreánach Ollscoil na hÉireann ní raibh sé sásta aontú le formhór na gConraitheoirí agus is dá dheascasan a bhí easaontas i measc na gCéitinneach. B’fhéidir go raibh an seanfhala i gceist, an caitheamh anuas a rinne Ó hIceadha ar a shaothar foclóireachta, nó b’fhéidir nár theastaigh uaidh bheith easumhal do na heaspaig. D’éirigh sé as uachtaránacht Chraobh an Chéitinnigh 27 Samhain 1909 toisc gur glacadh le rún comhbhá leis an Dr Ó hIceadha. Is inspéise gur chum sé amhrán molta i dtaobh Uí Mhainchín, uachtarán Mhaigh Nuad, ‘Mannix mo mhíle stór’, i bhfad i ndiaidh na conspóide sin.

Sa tsraith Classics of Irish History d'fhoilsigh Preas Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath an leabhar seo leis an Duinníneach, The Queen of the Hearth, 2013, é in eagar le mórchuid nótaí ag an ollamh Meiriceánach Philip O'Leary. Is é atá ann 15 caibidil leis an Duinníneach mar argóintí in aghaidh a raibh á éileamh ag Sufraigéidí a linne. Meastar gurbh i rith 1914-1918 a bhí sé á scríobh aige. Sular cuireadh i gcló é, bhí an lámhscríbhinn ina luí sa Leabharlann Náisiúnta.

Bhí cáil na haistíle air. Insítear go leor scéalta in An Duinníneach i dtaobh a sprionlaithe a bhí sé. Chuir sé isteach ar chomórtas aistí do pháistí uair agus chuir an duaisairgead ina phóca féin. Ghlacadh sé le hairgead ó dhaoine chun aifreann a rá ar a son agus deireadh leo: ‘I’ll hear Mass for your intentions’. Ach admhaítear go raibh sé fial lena chuid ama agus eolais. D’fhág sé £2,600 ina dhiaidh nuair a d’éag sé in Ospidéal Naomh Uinsionn, Baile Átha Cliath, ar 29 Meán Fómhair 1934. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

Bhí cónaí air in Ascaill Ellesmere in aice le Margadh na nEallaí go dtí timpeall 1909, i nDroim Conrach ina dhiaidh sin agus sa deireadh i bPort Mearnóg.

Tá portráid le John B. Yeats sa Ghailearaí Náisiúnta agus portráid a rinne Estella Solomons i nGailearaí na Cathrach. Tá portráid Sheáin Uí Shúilleabháin i gcló in An Duinníneach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú