Is duine é de na filí aitheanta úd nach bhfuil a ndéantús cnuasaithe i leabhair. Scríobhaí é a bhfuil a shaothar luaite faoin ainm ‘Mr Owen Kiph’ ag Lhuyd in Archaeologia Britannica, 1707. Ginealeolaí ba ea é freisin. Tá cuntais air: ag Tadhg Ó Donnchadha in Gadelica, 1912–13 (‘An tAthair Eoghan Ó Caoimh: a bheatha agus a shaothar’) tá scéal a bheatha anuas go 1707; ag Breandán Ó Conchúir, mar aon le liosta a lámhscríbhinní, in Scríobhaithe Chorcaí..., 1982 atá an cuntas is mine: ag Norman Moore in Dictionary of National Biography; ag Michael Shine in Mallow Field Club Journal 17, 1999 (’An tAthair Eoghan Ó Caoimh: Priest Poet of Doneraile’). Thug sé buneolas air féin i gceann de na cóipeanna a rinne sé de ‘Foras Feasa ar Éirinn’: gurbh é 1656 bliain a bhreithe; gur phós sé Eilíonóir de Nógla i bhFeabhra 1681 (nuachomhaireamh) agus go bhfuair sí bás ar 6 Deireadh Fómhair 1707; go raibh beirt deartháireacha aige, ceathrar mac agus triúr iníonacha. Luaitear in DIB gur dhuine é den triúr mac a bhí ag Caomh Ó Caoimh. Duine de na mic ba ea Art óg, file agus scríobhaí.

I nGleann an Phréacháin i gContae Chorcaí a rugadh é, dar le Seán Ó Dálaigh. Deir Ó Donnchadha: ‘Is dealraitheach an ceart a bheith ag an Dálach sa méid sin, ar shon ná feadramar cá bhfuair sé an t-eolas.’ An Dálach freisin a thug le tuiscint go raibh feirm mhaith ag a mhuintir. Is léir ar a shaothar gur cuireadh oideachas maith air; bhí sé in ann dánta a chumadh sna seanmheadrachtaí. Níl d’eolas againn ar an gcuid tosaigh dá shaol ach go mbíodh sé ag taisteal anseo is ansiúd i gCorcaigh agus i gCiarraí mar is léir ar liosta úd na lámhscríbhinní a chóipeáil sé. Cuireann Ó Donnchadha sin i gcomhthéacs an oideachais a bhí air, ‘gur shiúil sé roimhe ag bailiú an léinn’. Bhiodh a mhac Art ag cabhrú leis i gcás cuid de na lámhscríbhinní. I ngeall ar gan cáin toite a íoc cuireadh é as seilbh gabháltais a bhí aige in áit a dtugann sé Port na Máighe air 28 Deireadh Fómhair 1692; tuairimítear gurb i gCiarraí in aice le Mainistir na Féile atá sé agus gurbh ann a shocraigh sé síos tar éis pósta dó. Sa dán ‘Ar treascradh i nEachdhruim’ luann sé: ’An fanatic ler feannadh mé gan dlighe d’fhéachain, / Thug tartmhar mé gan amhras le trí féiltibh, / Im ghlacaibhse gan eadrainn ach prímhspéice, / Go n-agrainn ar a easnacaibh mo dhíth spréidh chnuic. ‘D’fhreagair Liam Mac Cairteáin an Dúna an dán sin leis an dán ‘A charaid dil, ná dearmaid bheith sítheóilte’. Timpeall 1692 chuaigh sé go Co. Chorcaí.

Chuidigh sé leis an Athair Conchubhar Mac Cairteáin i gCarraig na bhFear chun Gaeilge (Agallamh na bhFíoraon nó Craobhscaoile an Chreidimh Chaitlicidhe) a chur ar theagasc críostaí Laidine. Bhí sé cairdiúil le Eoin Baiste Mac Sleighne, chóipeáil lámhscríbhinní dó agus chum dánta dó; is léir go dtugadh an t-easpag sin pátrúnacht mhaith dó agus nuair a ionnarbadh é go raibh Eoghan ar an ngannchuid. Anuas air sin cailleadh Eilíonóir agus scríobh sé marbhna uirthi, ‘Mo chás cumha mo chumhgach’. Is dóigh le J. Anthony Gaughan (Doneraile, 1968) gurbh as Brosnach, Co. Chiarraí, di. Bhí a mhac Art ina ábhar sagairt in La Rochelle sa Fhrainc agus cailleadh ansin é i mí Lúnasa 1709. Tá tagairt ag Ó Donnchadha do dhán a scríobh seisean, caoineadh ar Dhiarmaid mac Sheáin Bhuí Mac Cárthaigh. Chuir a athair de theideal air: ‘Airtín Ó Caoimh cct. ar bhás an Diarmada céadna, agus así a chéadobair í mar shaoilim. Requiescat in pace.’

Bhí Eoghan ina uachtarán ar chúirt na héigse sa Ráth go dtí gur oirníodh ina shagart é i 1717. Deir Tadhg Ó Donnchadha (Seán na Ráithíneach, 1954): ‘Ba chairdeas Críost é [Liam an Dúna Mac Cairteáin] ag Eoghan (sarar ghlac seisean Oird Bheannaithe), mar dob’ é dob athair baistí d’Art óg, mac Eoghain. ‘Deir Anna Heussaff (Filí agus Cléir san Ochtú hAois Déag, 1992): ‘Dealraíonn sé go mb’fhear teasaí Eoghan Ó Caoimh: nó, murarbh ea féin, b’fhear díomasach ar a laghad é. ‘Is cosúil gur bhraith sé nach ndearna filí Chorcaí comhbhrón leis ar bhás Airt agus thug sé faoi Liam an Dúna go háirithe agus d’éirigh argóint eatarthu. Tá cur síos ag Heussaff freisin ar spairn mhíchuíosach, arbh é an sagart a chuir tús leis, idir é agus Seán Clárach Mac Domhnaill.

In Éigse, fómhar 1961 tá dán a leagtar air i gcló ag Máirtín Ó Murchadha (‘Dán le hEón Ó Caoimh’) agus tá mar scríbhinn teidil air i gceann de na lámhscríbhinní: ‘An tAthair Eoghan Ó Caoimh cct an tan chuaidh go connochtuibh ag glaca na ngradh ccoisreagtha ón Easbog.’ Aodh Mac Diarmada, Easpag Achadh Chonaire a bhí i gceist. Deir Ó Murchadha: ‘Ach go háirithe, níorbh é Eón Ó Caoimh an t-aon Mhuimhneach amháin a chaith a chúrsa a thabhairt ar an Easpag Aodh Mac Diarmada i gCúige Chonnacht.’ Acraistic is ea an dán; ach céad litreacha chéad fhocal na gceathrúna a chur in ord beidh AODHA MAC DIARMODA agat mar thoradh. Tuairimíonn Shine gurbh é a eolas maith ar Laidin a réitigh an tslí dó. Agus é ag iarraidh brí a bhaint as an téarma ‘ola na Cásca’ i ndán leis, nuair nach raibh sé ina shagart go fóill, fiafraíonn Brian Ó Cuív: ’An amhlaidh a bhíodh sé mar theachtaire, nó mar chléireach, b’fhéidir, ag sagart éigin?’ (Éigse, geimhreadh 1960–61). Chomh fada agus is eol, is ina shagart paróiste i nDún ar Aill a chaith sé an chuid eile dá shaol. Is cinnte go raibh sé ann i 1720 agus comhfhreagras fileata ar siúl aige le Liam Mac Cairtcáin an Dúna agus le Seán Clárach Mac Domhnaill agus is i nDún ar Aill a cailleadh é in Aibreán 1726: 5 Aibreán atá san inscríbhinn Ghaeilge ar an leac uaighe sa tSeanchúirt agus tá an 18ú lá sa leagan Béarla. Tuairimíonn Shine go mbaineann an mearbhall sin leis na hathruithe a rinneadh sa bhféilire. 5 Aibreán an lá is gnáiche a thugtar. Tá ar an leac freisin línte a chum an tEaspag Seán Ó Briain agus in 1899 cuireadh leo aistriúchán fileata a rinne James Clarence Mangan. Chuir an Canónach P.A. Sheehan, úrscéalaí, crois cheilteach á tógáil timpeall na lice i 1911 (Gaughan). Cuireadh caoi arís ar an leac i 1990. Tá a scríbhinní próis, ‘Baramhail na nÚdar’, an ‘Calendar’, agus ‘Troscadh na hAoine’, mar aon le roinnt dá dhánta i gcló ag Ó Donnchadha in Gadelica.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú