Luaitear é in aon anáil le Céitinn agus Haicéad mar dhuine de mhórfhilí a linne. Ba é tuairím Tharlaigh Uí Raifeartaigh (Maighistri san fhilidheacht, 1939) go raibh sé ‘ar an fhile is airde cultúr dá am féin.’ Tá sé éagsúlach sa mhéid gur le huasaicme na Sean-Ghall a bhain sé. Tá trí dhán fichead a leagtaí air in eagar ag Pádraig Ó Duinnín in Dánta Phiarais Feiritéir: maille le réamh-rádh agus nótaí (1934); tá caibidil aige ann dar teideal ‘Piaras Feiritéar san Bhéaloideas’ agus deir sé: ‘Táim buíoch ó chroí de sheanchaithe binne cruinne Dhún Chaoin a thug eolas dom ar imeachta Phiarais de réir an bhéaloidis.’

Is ar shaothar an Duinnínigh atá Dánta Phiarais Feiritéir: poems translated by Pat Muldowney (1999) bunaithe. Tá aiste fhada ar a shaol is a shaothar ag Art Ó Beoláin in Merriman agus filí eile (1985) agus ag Pádraig Ó hÉaluithe tá an t-alt ‘Piaras Feiritéar – laoch agus file’ in Irisleabhar Muighe Nuadhat (1960). In Nua-Dhuanaire I (1971) tá ceithre cinn dá dhánta chomh maith le gearrchuntas ar a bheatha; deirtear ann gur cosúil ‘go raibh lámhscribhinn thábhachtach staire agus filíochta ar a dtugtaí “Duanaire Phiarais Feiritéir” ag imeacht san 18ú haois’ ach nach bhfuil a thuairisc le fáil inniu. Leabhair a bhfuil trácht iontu ar a dhánta grá is ea: Lorg na hiasachta ar na dánta grá (1989) le Micheál Mac Craith agus An grá i bhfilíocht na n-uaisle (1988) le Seán Ó Tuama. Foilsíodh A bhean óg ón … (2001) le Máire Mhac an tSaoi. Tá léirmheas ag Pearse Hutchinson in RTE Guide 5 Feabhra 2002 ina gcuirtear síos air mar nóibhille nó úrscéal gairid faoi Phiaras Feiritéar.

De shliocht Normannach na Feiritéaraigh (Le Fureteur) agus lonnaigh siad i gCorca Dhuibhne roimh dheireadh an 13ú haois. Níorbh fhada go raibh seilbh acu ar na Blascaodaí, ar pharóisti Dhún Chaoin agus Dhún Urlann agus ar thailte i Márthain agus Cill Maolchéadair: bhí caisleán acu i nDún Urlann a bhfuil beagán dá fhothrach ann go fóill. Ghlac Feiritéaraigh páirt in éirithe amach na nGearaltach in 1574 agus in 1583. Tá tagairt in Inquisitio sa bhliain 1633 d’Éamonn agus Piaras Feiritéar a bheith i mBaile Sibéal. Éamonn a bhí ar athair Phiarais. Ní foláir nó d’fhreastail Piaras ar scoil filíochta. Phós sé Ellen Trant a raibh fearann dílis ag a muintir i gCorca Dhuibhne. Deirtear gur chum sé dánta Béarla freisin: ‘A poet who composed an elegy on the death of Piaras Feiritéir... commended him on his fluency in the English language as part of a list of his accomplishment’ (Michelle O Riordan, The Gaelic mind and the collapse of the Gaelic world, 1990).

In 1641 ceapadh Pádraigín Mac Muiris, Tiarna Chiarraí, ina ghobharnóir ar Chontae Chiarraí thar ceann an rí, tugadh airm agus saighdiúiri dó agus cead chun dlí cogaidh a chur i bhfeidhm. Cheap sé Piaras, a bhí anois ina cheann fine, mar chaptaen ar cibé slua a bhaileodh sé le chéile i gCorca Dhuibhne le troid in aghaidh lucht an éirí amach. Gan amhras b’fhéidir do Phiaras a áitiú gur ar son an rí a bhí Gaeil ag troid agus dá réir sin gur dóibh a thug sé tacaíocht: rinne duine nó beirt de leasdeatháireacha Mhic Mhuiris féin an rud céanna. Ag tagairt don líne ‘Cuirfead bannaidhe ón rígh ort’ i gceann dá dhánta deir Michéal Mac Craith: ‘is léir ón gcaoi neamhchúiseach a ndeirtear na focail seo gur chreid an file gurbh é an rí, rí Shasana, foinse an údaráis agus an smachta. Ghlac sé scun scan le ceannas an rí. Má ba Ghael ó thaobh an chultúir é, ba Ghall ó thaobh na polaitíochta é, agus ní dhearna sé iontas ar bith dá leithéid. Ní i gcoinne an rí ach i gcoinne na parlaiminte a d’éirigh sé amach...’ Tá i gcló ag an Duinníneach litir a scríobh Honor Denny, banchéile Thiarna Chiarraí, ó Chorcaigh chuig Piaras timpeall an ama seo á rá leis go raibh cloiste aici go raibh sé i bpáirt le Finín Mac Cárthaigh an tSúgáin chun caisleáin Thrá Lí a ghabháil; fear dá muintir a bhí i gceannas ar lucht cosanta na gcaisleán. An léiriú atá ann ar dhlúthchairdeas a bheith eatarthu an rud is inspéise sa litir.

Ghabh na Gaeil Caisleán na Mainge ar dtús sular chuir siad dhá chaisleán Thrá Lí faoi léigear; ó Mhárta 1642 go fómhar na bliana sin ba é Piaras a bhí ina cheann urra acu. Gortaíodh é uair. Tá cur síos ag an Duinníneach ar an inneall cogaidh a chuir sé á dhéanamh, ‘an chráin’, chun gurbh fhéidir le saighdiúirí (‘na bainbh’) na ballaí a réabadh le beara iarainn agus le hoird. Ghéill na cosantóirí ar deireadh agus thug Piaras cead dóibh dul go dúnta eile sa Mhumhain. Deirtear gur lean sé den troid go dtí gur ghabh fórsaí Chromail Caisleán an Rois 22 Meitheamh 1653, gur gheall an Briogáidire Nelson dá dtagadh sé a dhéanamh síochána sa chaisleán go scaoilfí saor abhaile é. Ligeadh dó dul abhaile ach gabhadh é sa tslí i gCaisleán na Mainge agus d’ordaigh Nelson é a chrochadh i gCill Airne. Is ag brath ar stair Chiarraí le Jeremiah King (King’s history of Kerry, history of the parishes in the county, with some antiquarian notes and queries, 1907–12) atá an Duinníneach nuair a deir sé gur crochadh Piaras agus deartháir a chéile, an tAthair Tadhg Ó Muircheartaigh, Doiminiceach, ar Chnocán na gCaorach i gCill Airne 15 Deireadh Fómhair 1653.

Sa chaibidil faoin mbéaloideas deir Ó Duinnín: ‘Is iomaí ealaín a chuireann an béaloideas i leith Phiarais. Fear léannta glic; fear cumasach; file éachtach; taoiseach fial fáilteach dob ea é, agus tá scéalta againn ag foilsiú na dtréithe sin, agus tréithe nach iad. Saighdiúir agus captaen cróga dob ea é. Deirtear gur choimeád sé paróiste an Fheiritéaraigh gan cíos gan íoc ar feadh daichead bliain in ainneoin na Sasanach.’ Fíodóir cliste ba ea é. Bhí sé tugtha don chearrbhachas. Cheap sé fonn ar bhá a mhná is a chlainne agus tá sé i mbailiúchán James Goodman i gColáiste na Tríonóide. B’fhéidir bonn fírinneach a bheith faoina chumas ar cheol; sa dán ‘Mochean d’altrom an oirbheirt’ gabhann sé buíochas faoi chláirseach allánach álainn a bronnadh air agus b’fhiú le Breandán Breathnach véarsaí as an dán sin a chur i gcló in Ceol agus rince na hÉireann (1989).

Tá a dhán grá ‘Léig dhíot th’airm, a mhacaoimh mná’i gcló ag Tomás Ó Rathile in Dánta grádha: an anthology of Irish love poetry (1926). Deir Seán Ó Tuama: ‘One misses in this poem, however – as well as in his other love-poems to women – a certain intimacy of tone which one finds in his poems of friendship to men. It has been suggested that Feiritéar was a homosexual; if true, this may help to explain why his best poem, “Léig dhíot th’airm”, owes its creative energy to what seems to be an underlying coldness to the female sex’ (Repossessions: selected essays on the Irish literary heritage, 1995). Ag tagairt do na meafair sa dán a bhaineann le hairm agus le marú deir sé: ‘His strong links with some of the military activities in the seventeenth-century wars and uprisings may, of course have conditioned him to develop this feeling of love as armed conflict.’ Mar dhán atá níos eisceachtúla ná formhór na ndánta grá a fhéachann Micheál Mac Craith ar ‘Tugas annsacht d’óigh Ghallda’, dán a chum sé do Mheig Ruiséil, ar ghaol í le William Russell. Fear Ionaid na Banríona in 1594–6. ‘Tá rian na cúirtéise le brath ar na ranna tosaigh ach is gaire an chuid den dán a phléann le háilleacht an chailín do thocht agus d’úire na n-amhrán grá, dar liom, ná formhór mór na ndánta i gcnuasach Uí Rathile.... Éiríonn leis an bhfile déine a mhothúchán a léiriú ar bhealach úr spontáineach ach tugann sé a seal freisin do choinbhinsiúin an ghrá chúirtéisigh... gan ligean dóibh ag an am céanna an ceann is fearr a fháil ar threise a thochta ná ar úire a shamhlaíochta.’ Ba dhóigh leis an Raifeartach gurbh é an dán ‘Do chuala scéal do chéas gach ló mé’ a thug gurbh fhile mór é agus nach bhfágann na ‘dánta cúirte’ é ach ina fhile cultúrtha. Ach, cé gur chuir an Duinníneach ina chnuasach é, ní mheastar anois gurbh é a chum.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú