Froinsiasach, seanmóirí agus file. Tá péire dán leis, ‘An Chliar Ghliogair’, dán fada a scríobh sé in aghaidh Maolmhuire Mhic Chraith, ardeaspag Chaisil, agus ‘An tAthrú Creidimh’, i gcló ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967 agus tá cur síos ar an bhfear féin ag an údar céanna in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980. Deir Mhág Craith faoi: ‘Mar tá a fhios ag an saol Fóllach, chlis glan eascartha ar an Reformation in Éirinn. Ba í obair na seanmóirithe ba chionnsiocair leis sin. Murab é Eoghan Ó Dubhthaigh an té ba mhó éifeacht acu siúd, ní fios cé hé; arae, níor tháinig a ainm anuas chugainn.’ Deir Marc Caball in Poets and Politics..., 1998: ‘Crucially, the work of the cleric Ó Dubhthaigh charts the emergence of a concept vital to the transformation of the Gaelic mindset and the formation of an early Irish identity. His portrayal of Protestantism as an alien and intrusive English imposition is in implicit contrast to the “nativeness” of Catholicism.’ Agus deir an t-údar céanna i dtaobh dáin a leagtar air ach nach bhfuil a fhios cathain a cumadh é: ‘Despite this chronological uncertainty, “A Bhanbha, is truagh do chor” is important in that its author links nationality and Roman Catholicism as complementary facets of Irish identity.’

Nuair a bhí Dubhghlas de hÍde ag bailiú amhrán diaga agus béaloidis bhí ainm Uí Dhubhthaigh fanta go fóill i gcuimhne mhuintir Chonamara. Tá a ainm luaite mar sheanmóirí ag Richard Stanyhurst in Holinshed’s Chronicles chomh luath le 1577. Bhain sé le clochar sa Chabhán agus meastar ar fhianaise a chanúna freisin gur sa chomharsanacht sin a rugadh é. Bhí sé ina Phroibhinseal ar na Bráithre Mionúr in Éirinn 1580–83. Tá a ainm snaidhmthe le hainm Sheathrúin Céitinn sa leac chuimhne a cuireadh i bhfalla an tseanséipéil, Cillín Chiaráin, i dTiobraid in aice le Cathair Dhún Iascaigh, Co. Thiobraid Árann, i 1644: ‘Orate animabus Patriis Eugenii Duhy vicarii de Tybrad et Domini Galfridii Keating...’. Deirtear gurbh iad beirt a bhunaigh an séipéal agus gurbh ann a adhlacadh iad. Bhí Ó Dubhthaigh marbh le scór bliain nuair a d’fhill Céitinn ar Éirinn. Deir Mhág Craith: ‘Bíodh go bhfuil sé inchreidte gur chuir Seathrún Céitinn críoch... leis an obair ar chuir Eoghan Ó Dubhthaigh tús leis, níl ann ach b’fhéidir; agus ba chiallmhaire an mhaise dúinn talamh slán a dhéanamh de nach ionann Eoghan Ó Dubhthaigh, bráthair, agus Eoghan Ó Dubhthaigh, biocáire.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú