Ag 17 Plás Mountpleasant a bhí cónaí air i 1911. Chuir sé síos sa daonáireamh go raibh 52 bliain d’aois aige, rud a d’fhágfadh gur tuairim 1859 a rugadh é. Dúirt sé gur scríbhneoir é agus gurbh i gContae na hIarmhí a rugadh é. Sa teastas báis deirtear gurbh ag 52 Cearnóg Parnell a bhí cónaí air agus go raibh sé 74 bliain d’aois, rud a d’fhágfadh gurbh i 1860 a rugadh é. Chaith sé tús a shaoil in Inis Córthaidh agus b’fhéidir gurbh é a áit dhúchais é. Richard O’Duffy ab ainm dá athair, dar le teastas pósta 1902. Innealtóir ba ea eisean agus chuaigh Risteard leis an gceird chéanna. Bhí sé ag obair ar dtús i mBord na nOibreacha Poiblí agus ansin i mBord na gCeantar Cúng. D’fhoghlaim sé Gaeilge sa rang a bhí ar siúl in Institiúid na Meicneoirí i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina rúnaí ar feadh tamaill ag Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus bhí páirt mhór aige in Irisleabhar na Gaedhilge a thabhairt ar an saol. Chuir sé eagar don Chumann ar Oidhe Chlainne Tuireann (1888), Oidhe Chlainne Lir (1883) agus Oidhe Chlainne Uisnigh (1898). Ag 17 Plás Mountpleasant a bhí cónaí air i 1911. Chuir sé síos sa daonáireamh go raibh 52 bliain d’aois aige, rud a d’fhágfadh gur tuairim 1859 a rugadh é. Dúirt sé gur scríbhneoir é agus gurbh i gContae na hIarmhí a rugadh é. B’as Cill Dara dá bhean Elizabeth. Bhí siad pósta le naoi mbliana agus ní raibh aon chlann acu. I nDeireadh Fómhair 1932 foilsíodh cuid dá eagrán d’aoir Aonghuis Rua Uí Dhálaigh, maille le haistriúchán meadarach, in The Catholic Bulletin, is é sin an dá véarsa ar fhichid a bhaineann le Cúige Uladh. Bhí spéis an-mhór aige sna huaigheanna i Reilig Ghlas Naíon agus scríobh sé Historical graves in Glasnevin (1915). D’éag sé ar 4 Eanáir 1934.

Dúradh sa tuairisc bháis in Scéala Éireann 6 Aibreán 1934 go raibh mac agus iníon aige. Ní foláir gur dá chéad bhean a rugadh iad: baintreach an cur síos air sa taifead nuair a phós sé Elizabeth O’Kealy ar 7 Feabhra 1902 in Eaglais Naomh Nioclás, Sráid Phroinsiais, Baile Átha Cliath. Bhí an méid seo faoi in Scéala Éireann 6 Eanáir 1934: ‘Until recently engaged in transcription of important texts for Manuscripts Commission... compiled excellent tribal maps of Ireland.’ Dúradh gur náisiúnaí é agus gur fhág sé ina dhiaidh a bhean, a mhac, a bheirt iníonacha agus beirt deirfiúracha. Sa teastas báis deirtear gurbh ag 52 Cearnóg Parnell a bhí cónaí air agus go raibh sé 74 bliain d’aois, rud a d’fhágfadh gurbh i 1860 a rugadh é.

I lámhscríbhinn G566 dar dáta Nollaig 1919 sa Leabharlann Náisiúnta, deir sé: ‘The writer of this little memoir, when a young man [scríobh sé ‘boy’ ar dtús] in 1878 was introduced to Mr. Ó Longáin at work in the Academy and has still a vivid recollection and the old Irishman’s enthusiasm for his work impressed him with a desire to know something of the literature of a land that could call forth such energy, talent and self-sacrifice. May his soul be with the saints and sages whose names and whose achievements he transmitted to future generations of Irishmen to cherish and preserve.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú