Seo é an file a thugadh ‘Carn Tighearnaigh’ air féin. Scríobh Risteárd Ó Foghludha cuntas air agus chuir a dhánta in eagar in Carn Tighearnaigh .i. an tAthair Conchubhar Ó Briain, D.D., 1938. I gCoill na Cora i bparóiste Chaisleán Ó Liatháin, Co. Chorcaí, a rugadh é. Feirmeoirí acmhainneacha sa cheantar sin ba ea a mhuintir. Oirníodh ina shagart é i gColáiste na nGael in Toulouse agus ghnóthaigh sé céim dhochtúra sa diagacht ann. Mar shagart paróiste i gCaisleán Ó Liatháin a chaith sé a shaol ó tuairim 1677 amach agus cónaí air i dteach a mhuintire i gCoill na Cora. An tAthair Donnchadh Ó Floinn a dhírigh aird Uí Fhoghludha ar a uaigh i mBriach mar a bhfuil an t-eolas ar a leac uaighe gur éag sé ar 30 Samhain 1720 in aois seachtó bliain dó agus é ina shagart paróiste i gCaisleán Ó Liatháin ag an am. Scríobh Éamonn de Bhál caoineadh air. Bhí caidreamh aige le filí Dhámhscoil na Blarnan agus bhí ar dhuine díobh sin a scríobh dánta ar bhás chapall Dhiarmuid mac Sheáin Bhuí Mhic Cárthaigh. Mar fhianaise ar pholaitíocht a linne is tábhachtach le Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar..., 1996) cuid dá dhánta agus go háirithe ‘Cois leasa is mé go huaigneach do chuala corraí’, ‘Tá an bhliain ag teacht le calmthráth chugainn’, ‘Mo theastas ar an leabhar so na laoithe lán’, ar don Athair Domhnall Ó Colmáin é mar adhmholadh ar Párliament na mBan, agus ‘Más dóchas ár ndóchas i mbliana mheath’. Scríobh sé freisin: dán ar an Dochtúir Whaley mar ornáid nó ‘bonnlása’ ar dhán a bhí scríofa ag Diarmaid mac Sheáin Bhuí Mac Cárthaigh; roinnt marbhnaí; dán ar ionnarbadh Eoin Baiste Mhic Sleighne; dán molta ar a dhúiche féin, barúntacht an Bharraigh Mhóir; freagra ar Fhroinsiasach a d’iompaigh a chóta; dánta diaga.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú