Rugadh í ar 4 Meitheamh 1864 i gCathair Maothail, Co. Luimnigh. William Smith O'Brien, an tÉireannach Óg, a raibh idir scríobh agus léamh na Gaeilge aige, a seanathair. Bhí spéis ag a hathair Edward O'Brien sa Ghaeilge freisin toisc, b'fhéidir, é bheith ar scoil i gColáiste Cholumba, Ráth Fearnáin. Mary Spring Rice, iníon leis an Tiarna Monteagle, a máthair. Fuair sise bás den eitinn in 1866 agus ba í Charlotte (1845-1909), iníon le William Smith O'Brien, a thóg an chlann óg. Phós Edward, a raibh 500 acra aige i gCathair Maothail, arís ach ní rómhaith a thaitin an leasmháthair le Neilí.

Cuireadh ar scoil go Sasana í ach ba láidre an tionchar a bhí ag Charlotte uirthi. Bhí bá aicisean leis na Fíníní agus dúil aici sa Ghaeilge ('Conas Atá Tú' a thug sí ar a madra i ndiaidh di céad leabhar Uí Ghramhna a léamh). Bhí teach aici i gCluain Sceach agus ann a chuir Neilí aithne ar an gCraoibhín agus Gaeilgeoirí eile. Chaith Neilí tamall i Scoil Slade i Londain ag foghlaim ealaíne agus tá cuntas in DIB ar a saothar ealaíne. Bhí a pictiúir le feiceáil ag taispeántais san RHA, san Oireachtas agus araile. Bhí miondealbh dá seanathair William Smith O’Brien i measc an dosaen píosa a bhí ar taispeáint aici i Luimneach in 1906.

Nuair a d'éag Charlotte fuair Neilí le huacht a raibh aici. Níor mhiste léi riamh caitheamh as an stór sin chun leasa na Gaeilge. Ba í ba mhó faoi deara Coláiste Eoghain Uí Chomhraí i gCarraig an Chabhaltaigh a bhunú. Tá cuntas cuimsitheach ar an mbaint a bhí aici le Coláiste Uí Chomhraí ag Mainchín Seoighe in Ómós do Eoghan Ó Comhraí (1995) in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta (‘Bunú Choláiste Uí Chomhraí’). Chuir sí An tEaglaiseach GhaedhealachThe Gaelic Churchman, iris dhátheangach, ar bun agus sholáthraigh an t-airgead lena choimeád beo ó 1919 amach. Bhunaigh sí freisin Craobh na gCúig gCúigí de Chonradh na Gaeilge ('The Branch of the Five Protestants' mar a thugtaí air) agus in 1914 thaistil sí go Meiriceá in éineacht le Fionán Mac Coluim a bhailiú airgid don Chonradh. Bhí líofacht Ghaeilge aici ach an chaint ábhairín crochta.

Le hEaglais na hÉireann a bhain sí agus bhí tuairim aici gurbh fhéidir eaglais úrnua, a mbeadh glacadh léi go coitianta, a dhéanamh as na heaglaisí Críostaí a bhí seanbhunaithe in Éirinn. Ba mhian léi freisin a heaglais féin a ghaelú trí instealladh den seanspioradáltacht agus trína thabhairt ar a comhchreidmhigh aitheantas a thabhairt do shibhialtacht na nGael. B'ise freisin faoi deara seirbhísí bheith ar siúl go rialta i nGaeilge in Ardeaglais Phádraig agus in Eaglais Chríost i mBaile Átha Cliath. Is di a tiomnaíodh Leabhar na hUrnaí Comhchoitinne a chuir Cumann Gaedhealach na hEaglaise (a raibh baint mhór aici leis ó thús) amach in 1931.

Deirtear go raibh lámh agus focal idir í féin agus an péintéir Walter Osborne (1959-1903) ach nár phósadar toisc go bhfuair sé bás sula raibh deis acu. Níor phós sí riamh. Deartháir di an péintéir cáiliúil Dermod (1865-1945) agus leasdeartháir di Conor (1880-1952), an tÉireannach ba thúisce a sheol farraigí an domhain agus brat na hÉireann ar foluain ó chrann seoil a luaimh. Bhí spéis aigesean sa Ghaeilge freisin agus ina luamh The Kelpie a tugadh na raidhfilí i dtír i gCill Chumhaill. Col ceathrair di, aisteach mar a tharla, Mary Spring Rice, a raibh baint aici sna raidhfilí a thabhairt go Binn Éadair san Asgard.

D'éag Neilí (nó Ellen Lucy mar a baisteadh í) i dteach a dearthár Dermod i Londain ar 1 Aibreán 1925. Cuireadh í i gCathair Maothail, Co. Luimnigh. Tá cuntas uirthi ag Risteard Ó Glaisne in Feasta, Lúnasa agus Meán Fómhair 1979.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú