Scoláire Gaeilge é a raibh saothar tábhachtach déanta aige sula bhfuair sé bás anabaí. Tá cuntais ar a shaol: ag Gearóid Denvir in Foinse 21 Márta 2004; i leathanach na marbh san Irish Times 27 Márta 2004. In Analecta Hibernica, 39, 2006 tá cuntas air ag Máirín Ní Dhonnchadha. In Béaloideas 73, 2005 ag Pádraig Ó hÉalaí atá an cuntas is faide. Is é a deireann Denvir ina thaobh: ‘Ba scoláire Gaeilge den scoth é Máirtín. Rinne sé saothrú cumasach ar léann na Gaeilge ó thús ama go dtí ár linn féin, réimse an-neamhghnách ag aon duine amháin. Ceann de na tréithe is suntasaí ina shaothar an chaoi a dtarraingíodh sé go heolgaiseach ar fhoinsí neamhfhoilsithe as traidisiún na lámhscríbhinní in Éirinn agus in Albain.’

In Beaumont, Baile Átha Cliath, a rugadh é, Nioclás Máirtín Ó Briain, ar 3 Márta 1953. Ba iad a thuismitheoirí Micheál Ó Briain, aisteoir gairmiúil arbh as an gCoilleach, an Spidéal, Co. na Gaillimhe, dó, agus Caitlín Ní Fhaoláin arbh as Co. Mhuineacháin di. Bhí deirfiúr agus beirt deartháireacha aige. I Scoil Mhuire, Marino, a fuair sé bunscolaíocht agus chuaigh as sin go Coláiste Mhuire, Cearnóg Parnell. D’fhan cuimhne air sa mheánscoil agus san ollscoil mar rothaí agus mar rásaí treastuaithe. Cúrsa sa léann Ceilteach a rinne sé sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhí sé ina bhall gníomhach ann sa Chumann Gaelach agus ina reachtaire ar an gCumann Liteartha. I measc na scoláireachtaí a ghnóthaigh sé de bharr céim le céad onóracha a fháil bhí Scoláireacht Theach an Ard-Mhéara. Thug sin go hOllscoil Hamburg é, áit a raibh sé ag teagasc agus ag staidéar i rith 1974-75 faoi Hans Hartmann, ollamh le teangeolaíocht chomparáideach. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath go bhfuair M.Phil i léann na meánaoise. Chaith sé tamaill ghairide ag léachtóireacht i gColáiste Oiliúna Carysfort agus ina threas rúnaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. I 1979 ceapadh é ar an bhfoireann teagaisc i Roinn na Gaeilge i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh). ‘Seanchas agus oileamhain Oisín Mhic Fhinn’ ba ábhar dá thráchtas dochtúra. ‘Tá a thráchtas dochtúireachta fós le foilsiú agus is cinnte gur mór an fháilte a bheidh ag scoláirí na Gaeilge agus an bhéaloidis roimhe nuair a fheicfear i gcló é. Ar na reimsí eile léinn a shaothraigh sé bhí an naomhsheanchas, logainmneacha, sloinnte, lámhscríbhinní na Gaeilge (ceapadh ina bhall de Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann é i 2000), an fhilíocht chlasaiceach, filíocht an amhráin – go háirithe i gcontae an Chláir agus i gConnacht, agus próiseas seachadta na scéalaíochta béil’ (Ó Héalaí).

D’fhoilsigh sé aistí léannta anseo is ansiúd agus go háirithe in Béaloideas, Éigse, Proceedings of the International Congress of Celtic Studies, Léachtaí Cholm Cille agus Studia Hibernica. É féin agus Pádraig Ó Héalaí a chuir Téada Dúchais, 2002, féilscríbhinn Bhreandáin Uí Mhadagáin, in eagar. Ba é ba mhó ba chionsiocair le I mBéal na Farraige: Scéalta agus seanchas faoi chúrsaí feamainne, 1997 a thabhairt amach agus, b’fhéidir, a scríobh. Rinne sé obair freisin ar an leagan Béarla den leabhar sin. I rith 1986-2003 bhí ar dhuine d’fhoireann eagarthóireachta Béaloideas.

Deir Máirín Ní Dhonnchadha: ‘Bhí sé an-chineálta. Chuaigh a dhearcadh leitheadach agus a thiomanta is a bhí sé d’ardchaighdeáin i bhfeidhm ar ghlúin mhór d’fhochéimithe, d’iarchéimithe, agus de chomhghleacaithe, agus beidh a thoradh sin á nochtadh go ceann i bhfad.’

I mBaile an tSléibhe, an Spidéal, a bhí cónaí air féin, a bhanchéile Máirín Ní Scanláin as Doire Choill, Ros an Mhíl, agus a mbeirt mhac. Bhí sé ina bhall de Chomharchumann Shailearna, d’Éigse an Spidéil agus de Chumann Béaloideas Chonamara. Bhí sé tinn ar feadh cúpla bliain sula bhfuair sé bás 15 Márta 2004. Tá sé curtha i Reilig an Choilligh sa Spidéal.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú