Bhí cáil uirthi mar iriseoir; b’fhéidir gurbh í an t-iriseoir mná ba nótáilte lena linn í. Ba í Eileen Mary Hester (a hainm sa taifead beireatais) an t-aon duine clainne ag an Ollamh Liam Ó Briain agus a bhean Helena Lawlor, sufraigéid aitheanta, agus is i mBaile Átha Cliath a rugadh í 25 Eanáir 1925; ag 37 Sráid Sherrard Íochtarach, Baile Átha Cliath, a bhí na tuismitheoirí ag cur fúthu ag an am, go sealadach, is dóigh. Tá cuntas uirthi in Irish Times 1/2 Eanáir 1986 maille le hómós ó Sheán Mac Réamoinn, agus tá cuntais ag a cairde (Art Ó Beoláin, Siobhán Nic Cionnaith, Máirtín Ó Sioradáin, Tomás de Bhaldraithe, Proinsias Mac Aonghusa, Piaras Ó Dúill, Seán Mac Réamoinn) in ‘Tuarascáil’ san Irish Times 8 Eanáir 1986 agus ag Riobard Mac Góráin in Comhar, Feabhra 1986. Cuireadh oideachas uirthi i gclochar na nDoiminiceach sa Bhóthar Ard i nGaillimh. Ní raibh ach 16 bliain aici ag dul isteach i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe di. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge, sa Fhraincis agus sa Laidin. Dhéanadh sí aisteoireacht i dTaibhdhearc na Gaillimhe, sna drámaí a d’aistrigh a hathair ón Fhraincis go mór mhór. Le hiriseoireacht a theastaigh uaithi dul, in ainneoin gur shíl a hathair go ndéanfadh sí scoláire maith. Bhí sí tamall ag obair leis an Connacht Tribune, tamall ina tuairisceoir oifigiúil ar imeachtaí Dháil Éireann—bhí ardscil aici sa luathscríbhneoireacht, tamall ag obair don Yorkshire Post. Bhí sí fostaithe ag an Irish News Agency sna luathchaogaidí, í ag obair dóibh i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus i Londain. D’aistrigh sí ón bpost sin go Scéala Éireann agus chaith tamall i mBéal Feirste ina heagarthóir tuaisceartach nuair a bhí feachtas an IRA faoi lánseol sna 1950idí.

Deir Mac Góráin: ‘I 1958 iarradh uirthi sraith alt ar an Tuaisceart a scríobh do Comhar. Foilsíodh na haltanna sin mí Mheán Fómhair, Deireadh Fómhair agus mí na Samhna 1958. Ba altanna an-dea-scríofa iad inar thug sí pictiúr an-daonna agus an-ghrinn ar shaol mhuintir Uladh mar a bhí ag an am agus ar a gcuid polaitíochta. Tuairim an ama sin iarradh uirthi bheith ina heagarthóir ar Comhar agus ghlac sí leis an tairiscint. Ní ró-fhada a bhí sí ann, áfach, nó bhí forbairt scafánta ag teacht faoi Ghael Linn ag an am’. Ceapadh í mar oifigeach caidrimh phoiblí in Gael Linn. Deir Seán Mac Réamoinn faoin tréimhse áirithe seo: ‘Her only other deviation fom the strait and narrow journalistic path was a period spent in Public Relations. Anybody less suited to, or with less taste for, that bland and well-heeled milieu, it would be hard to imagine, so I hasten to add that she was PR for Gael Linn, an enterprise not notably either bland or well-heeled.’ Bhí nuachtscannán seachtainiúil Gael Linn ‘Amharc Éireann’ faoina cúram freisin.

I 1965 d’earcaigh Donal Foley í ar fhoireann an Irish Times. Bhíodh ‘A Social Sort of Column’ á scríobh aici ar feadh i bhfad ann. Deir Mac Réamoinn faoi: ‘I am convinced that her “Social Sort of Column” was crucial in Irish journalism as a catalyst which woke up our sleeping social conscience. . . ’. Cuireann Mac Góráin leis sin: ‘Bhí a fhios againn gurbh í cara na mbocht í, abhcóid an lucht ainnise, lucht na dearóile, an dream a bhí thíos nó faoi leatrom.’ Scríobhadh sí ‘Irishwoman’s Diary’ go seachtainiúil faoin ainm pinn ‘Candida’ agus faoina hainm féin. Ceapadh ina heagarthóir Gaeilge í agus ba í a chuireadh eagar ar ‘Tuarsacáil’ agus ar na colúin Ghaeilge eile. Deir Art Ó Beoláin : ‘Poblachtánach daingean ba ea Eibhlín. Thug sí dílseacht go háirithe do theagasc Tone is thug sí gean a croí do thuaisceart Éireann, an dúiche ab ansa ar domhan léi.’ Thabharfá leat ón méid a scríobh a cairde go bhfuair sí a dóthain de chora crua an tsaoil; deir Ó Beoláin go raibh ‘saol deacair uaigneach aici’. D’éag sí Lá Coille 1986. Dheonaigh sí a corp i gcóir taighde leighis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú