Ó RAIFEARTAIGH, Tarlach (1905–1984)
Le caoinchead ó Emer Uí Shúilleabháin

Tá cuntais iarbháis: ag Michael Ryan in Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 115, 1985; in Irish Times 1/2 Eanáir 1985; agus in Seanchas Ard Mhacha, 1989. Ar an Allt Mór, Co. Thír Eoghain, a rugadh é 16 Aibreán 1905. Bhí a athair James ina phríomhoide scoile agus phós sé Sarah Brannigan, múinteoir scoile ó Eanach Mhic Eoin, in 1901. Fuair sise bás nuair a bhí Tarlach an-óg. Tá cuntas ar an lánúin in Glimpses of Carrickmore, 2000 a d’fhoilsigh an Termonmaguirk Historical Society. Mary Kerr a phós James ansin agus is cosúil gur chaith sise go han-mhaith leis na páistí. In 1910 d’aistrigh James go dtí an Charraig Mhór agus bhí gnó (‘Drapers and general merchants’) aige ann.

In aiste in Comhar, Aibreán 1966 (‘An Ghaeilge agus an t-oideachas’) tagraíonn Tarlach don scolaíocht a fuair sé: ‘Ach ba é ba mhó a chuir Gaeilge inár gceann sagart a bhí againn darbh ainm Short [an tAthair Conn Mhac an Ghirr a d’éag 1925], agus is air a tharraing mé mo scéal. Bhí scoth na Gaeilge aige a bhí sé i ndiaidh a thógáil ó sheanbhunadh na háite sul a bhfuair sí bás ina mbéal.’ Cuireadh oideachas air i gColáiste Naomh Pádraig, Ard Mhacha, agus sa Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath. Ceapadh é ina ollamh le stair i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Ansin ceapadh ina chigire meánscoileanna é in 1932, agus ar ball ina phríomhchigire cúnta agus ina phríomhchigire. In 1956 ceapadh é ina rúnaí ar an Roinn Oideachais; bhí sé ina rúnaí cúnta ó 1948. B’fhéidir a rá gurbh ag moladh obair na Roinne ar son na Gaeilge atá sé san aiste thuasluaite in Comhar. Ba é a bhí ina chathaoirleach ar an gcoiste a chuir an tÚdarás um Ard-Oideachas ar bun agus ceapadh é ina chéad chathaoirleach ar an eagraíocht in 1968.

Chuir sé eagar ar Irish genealogical tracts 1, 1932. Luann Nollaig Ó Muraíle an obair seo in The celebrated antiquary Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600-1671) ..., 1996. ‘Referring to the work of the Irish Manuscripts Commission, we note in one of its earliest publications (in 1930) an announcement that Mac Neill [Eoin Mac Néill], recently promoted to the chair of Early and Medieval Irish History in UCD, was editing “a volume of Irish genealogies from various manuscript sources”. Although no such volume ever came from the pen of Mac Neill, a work answering well enough to the description was published in 1932: it was entitled Genealogical tracts 1 and was the work of a young Tyrone scholar and protégé of Mac Neill’s, Toirdealbhach Ó Raithbheartaigh (later well-known when Secretary to the Department of Education ... as Tarlach Ó Raifeartaigh) .... It is the longest extract which, to date, has been published from Mac Fhirbhisigh’s great work, being slightly longer than the various texts from LGen. [Leabhar Mór na nGenealach] printed by O’Donovan [Seán Ó Donnabháin] in Hy-Fiachrach (1844). Mac Neill’s obviously close involvement in the work is reflected in the three-page introduction which he wrote for the book.’ Sa bhliain chéanna sin, 1932, foilsíodh leabhar ceannródaíoch leis, Maighistrí san fhilidheacht, láimh-leabhar léirmheasa ar na filí móra ó Chéitinn anuas; tháinig an séú cló amach in 1939.

Scríobh sé dráma aonghnímh, Gloine an Impire, a léiríodh in Amharclann na Mainistreach 22 Feabhra 1942. Bhí sé ina eolaí ar Naomh Pádraig agus ba é a scríobh an cuntas in Encyclopaedia Britannica. D’fhoilsigh an Gúm Naomh Pádraig: scéal a bheatha óna bhéal féin, 1984 sa tsraith de mhonagraif staire agus cultúir, agus tá ‘Saint Patrick: The Enigma’ i gcló aige in Seanchas Ard Mhacha, 1989. D’fhoilsítí a aistí in An tUltach, Humanitas, Seanchas Ard Mhacha, Irish Historical Studies, Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, Comhar, Irish Ecclesiastical Record .... Téacsleabhair a d’aistrigh sé go Gaeilge is ea: Tír-eóluíocht na hÉireann, 1937 (le Thomas J. Dunne) agus An cúrsa Clarendonach Laidne, 1947 (le Arthur Clendon agus J.H. Vince). Bhí sé ina eagarthóir ginearálta ar The Royal Irish Academy: a bicentennial history 1785-1985, 1985 Bhí sé ina uachtarán ar l’Alliance Francaise de Dublin.

D’éag sé i mBaile Átha Cliath ar 30 Nollaig 1984. Tá sé curtha i Reilig Sheangánaí, Co. Bhaile Átha Cliath. Phós sé Neans Ní Mhuirgheasa, deirfiúr le Máirín Ní Mhuiríosa, in 1930 agus bhí triúr iníonacha agus triúr mac acu. Dúirt T.K. Whitaker (Irish Times 1/2 Eanáir 1985): ‘He was an extremely modest man, diffident almost, who was in no way pretentious about his scholarship. His contribution to Irish life was a reflective, constructive one.’ In ‘Tuarascáil’ san Irish Times 9 Eanáir 1985 dúirt an t-eagarthóir Eibhlín Ní Bhriain: ‘Ba iontach díograiseach an t-oibrí é ariamh agus nuair a d’éirigh sé as a chúrsa fada fónaimh i saol an oideachais, ní raibh ach gur chuaigh sé i mbun réim nua beatha. Nó ba é ba chirte a rá, gur éirigh leis, ins na blianta deiridh, breis ama a thabhairt do shaothrú an léinn ná mar a d’fhéadfadh sé a dhéanamh agus é ina sheirbhíseach poiblí. Ach is air is mó a chuimhnímid féin i gcónaí an leabhar a d’fhoilsigh sé agus é ina fhear óg: Máistrí san Fhilidheacht.’ Bronnadh onóracha air toisc a ndearna sé d’obair oideachasúil: dochtúireachtaí ó Coláiste na Tríonóide, ó Ollscoil na hÉireann agus ó Ollscoileanna Stát Nua-Eabhrac; Ridireacht in Ord Naomh Gréagóir ón Vatacáin; Chevalier de la Legion d’Honneur ó rialtas na Fraince. Deir Michael Ryan: ‘His ability to bridge the gap beween the worlds of scholarship and public administration meant that his services were eagerly sought by many cultural organizations and he generously gave of his time and experience when asked—the Royal Irish Academy (which he served as Vice-President and Council Member), the Cultural Relations Committee of the Department of Foreign Affairs (of which he was for a time chairman) are but two of the bodies which benefited from his participation. In his official capacity, he became well-known abroad through his representation of Ireland on international cultural and scientific bodies.’ Eolaí clúiteach ba ea a mhac Lochlann a rugadh 11 Márta 1933 agus a d’éag 18 Samhain 2000. Bhí sé ina ollamh sinsearach in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú