Tá cuntas ar a shaol in Dictionary of National Biography. I mBaile Átha Cliath ar 6 Samhain 1812 a rugadh an fear seo a raibh páirt mhór aige i bhforbairt Acadamh Ríoga na hÉireann. Ba é John Crosbie Graves, príomhghiúistís póilíní, a athair agus ba í Helena Perceval a mháthair. Fuair sé oideachas i mBristó agus i gColáiste na Tríonóide. Ghnóthaigh sé scoláireacht in 1832, agus, in 1834, mar chéadmhódhnóir sa mhatamaitic agus san fhisic mhatamaiticiúil, bhain sé bonn óir. Toghadh ina chomhalta den choláiste é ar an gcéad iarracht in 1836, rud fíorannamh, agus ceapadh ina ollamh le matamaitic é in 1843. Bhí ar intinn aige a bheith ina shaighdiúir; marcach agus pionsóir den scoth é, dúil aige i mbádóireacht agus iascaireacht, agus d’imir sé cruicéad ar son na hOllscoile. Bhí sé ina dhéan ar shéipéal Chaisleán Bhaile Átha Cliath in 1860, ar Chluain Fearta in 1864. Ainmníodh é ina easpag ar dheoise Luimnigh, Ard Fhearta agus Achadh Deo in 1866.

Ó 1837 bhí sé ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus bheadh ina rúnaí ag Comhairle an Acadaimh agus ag an Acadamh féin, agus ina uachtarán 1861-65. Bhí aistí i gcló aige in Proceedings of the Royal Irish Academy agus in Hermathena. Deir E.G. Quin (‘Irish Studies’) in The Royal Irish Academy: a bicentennial history 1785-1985, 1985 in eagar ag T. Ó Raifeartaigh, gurbh iad Graves, James Henthorn Todd agus William Reeves an triúr ba thábhachtaí i stair an Acadaimh sa chuid dheireanach den 19ú céad. Chuir sé tábhacht ar leith le lámhscríbhinní Gaeilge an Acadaimh agus nuair a ceannaíodh cinn Sir William Betham in 1852 dúirt sé: ‘The history of our own country and its language has especial claims on our consideration unless we choose to renounce the name of Irishmen . . . . It is indeed wise of us to soar as high as we may, seeking wide and clear views of the entire horizon of human knowledge and science; but even to those elevated regions let us carry with us a loving remembrance of the spot on earth from which we took our flight—of our birthplace—and the home which is the sanctuary of the purest and strongest of our earthly affections’ (i gcló ag Desmond Ryan in The sword of light: from the Four Masters to Douglas Hyde, 1636-193, 1939). In 1861, agus é ag iarraidh ar an Acadamh dul chun cinn éigin a dhéanamh le foclóir Gaeilge, bhagair sé orthu go gcuirfeadh scoláire éigin ón iasacht náire orthu. Ba é a mhol go ndéanfaí obair ar na seandlíthe agus bhí sé ina chathaoirleach ar an gcoimisiúin a bunaíodh chun an scéim a chur i gcrích. Bhí cáil na matamataice air ach comhartha ar a eolaí a bhí sé ar an seandálaíocht gurbh é a roghnaigh an tAcadamh le cuntas moltach a scríobh ar George Petrie i dtuairiscí an Acadaimh in 1866. Bhí sé ar dhuine de phríomhchomhairleoirí an Rialtais i gcúrsaí staire. Bhí spéis ar leith aige in ogham agus gheofar liosta a alt air sin agus ar ghnéithe eile de léann na Gaeilge in Bibliography of Irish Philology and of Printed Irish Literature to 1912, 1913 le R.I. Best. Bhí sé pósta ar Selina Cheyne agus bhí cúigear mac agus ceathrar iníonacha acu. D’éag sé 17 Iúil 1899. Tá inscríbhinn Laidine le Robert Yelverton Tyrrell [1844-1914], leagan Gaeilge le Dubhghlas de hÍde agus leagan Béarla lena mhac A.P. Graves (1846-1931) ar a leac chuimhneacháin in Ardeaglais Luimnigh. Ba é seanathair an fhile Robert Graves é.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú